• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Agallamh Quickfire — Lucy Nic Aindrís

March 29, 2022 By Áine Ní Dhonnaile

Seo Lucy Nic Aindrís!

Rugadh agus tógadh Lucy i dTuaisceart BÁC agus faoi láthair tá sí ina múinteoir Ghaeilge. Rinne sí staidéar ar an Ghaeilge agus na Meáin in Ollscoil Mhá Nuad agus í iontach bainteach le Cuallacht Cholmcille ann – áit a bhuail sí lena cairde is fearr, na @Gael_gals! Anois tá podchraoladh acu ar Raidio RíRá gach coicís

Labhair Lucy liom faoi Lizzy McAlpine, na pleananna atá aici dul ar laethanta saoire lena mam agus an tallann cheilte atá aici…

Déan cur síos ort féin i 5 fhocal.

Cairdiúil, gealgháireach, macánta, croíúil, agus aislingeach

An bhfuil tallann cheilte agat?

Is féidir liom mo dhá chos a chur taobh thiar mo chloigeann goa

Ceol ar bith atá ‘on repeat’ agat faoi láthair?

Is aoibhinn liom albam Lizzy McAlpine faoi láthair, agus freisin mo chuid sheinnliostaí ar fad (ní fhéadfainn amhrán amháin a phiocadh!)

An chomhairle is fearr a fuair tú riamh?

Is cuma céard a cheapann daoine eile fút! Labhair leat féin ar nós go bhfuil tú i do dhlúthchara

Cé atá mar inspioráid faisin duit?

Déarfainn mo mham nó @holliemercedes ar Insta, táim gafa léi!

Saoire is fearr a bhí agat riamh?

Tá an t-ádh orm nach féidir liom díreach saoire amháin a phiocadh! Déarfainn b’fhéidir Páras le beirt chara i 2018, Malága le mo chlann iomlán i 2021 nó Gaillimh le mo chairde i 2021!

Cé hiad an triúr cáiliúla a dtabharfá cuireadh daofa dul chuig cóisir dhinnéir?

Ooh seo an-deacair! Ba bhreá liom bualadh le Taylor Swift, Selena Gomez agus Anna Paul (ó Tiktok) (is léir gur gal’s gal mé!)

Cad é a chuireann eagla ort?

Briseadh croí/ag cailliúint cairde

Rud ba mhaith leat a dhéanamh sula bhfaighidh tú bás?

Ba bhreá liom íoc as laethanta saoire álainn le mo mham ar feadh cúpla mí ar a laghad! Tá sé tuillte aici

Cad é a chiallaíonn ‘rath’ duit?

Ciallaíonn rath dom cinntiú go bhfuil tú sásta sa saol, i measc daoine gur aoibhinn leat agus atá grá acu duit fhéin! Cheesy ach fíor

Agus… cén focal Gaeilge is fearr leat?

Gliondar

Áine Ní Dhonnaile
+ posts
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire- Máirtín Seoighe
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire: Blúirí spéisiúla ó Ghaeilgeoirí timpeall na Tíre
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire le Aodh Ó Coileáin
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire - Le Aedín Ní Thiarnaigh

Related

Filed Under: Cainte

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...