
Seo Darragh Ó Caoimh as Ceann Toirc, Dúiche Ealla i gContae Chorcaí! Tá sé ina mhac léinn le Dlí agus Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, agus ina Oifigeach Gaeilge is Cultúir le hAontas na Mac Léinn ansin fosta. File iontach cumasach é chomh maith a bhfuil a shaothar foilsithe aige in “Comhar” agus “Aneas”, agus léamhanna déanta aige ag an fhéile litríochta CÚIRT i nGaillimh, ar BBC Raidió Uladh, agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Labhair Darragh liom faoin Chaor Aduaidh, Baile an Sceilg in Uíbh Ráthach agus na rudaí a chuireann eagla air.
Déan cur síos ort féin i 5 fhocal.
Cuileachtúil, gealgháireach, fiosrach, Gaelach, lán-de-cheol
Céad phost a bhí agat?
Thosnaíos ag obair i mBaile Theas, ionad eachtraíochta amuigh faoin aer, an samhradh tar éis an Teastais Shóisearaigh. Thugas sé shamhradh thaitneamhacha ansúd mar theagascóir don dreapadóireacht, don ziplíne, don chadhcáil, agus do raidhse spórt eile.
An bhfuil tallann cheilte agat?
Tá geall leis gach líne ón scannán Emperor’s New Groove de ghlanmheabhair agam, scannán nach bhfuair a cheart riamh!
Ceol ar bith atá ‘on repeat’ agat faoi láthair?
“Forever Winter” Taylor Swift, “The Path” le Lorde, agus “An Droimeann Donn Dílis” le Seosaimhín Ní Bheaglaoich
An rud is mó a bhfuil tú bródúil as?
Nuair a dheineas mo chuid filíochta a aithris ag an bhféile litríochta CÚIRT anuraidh, b’iontach an tógaint croí a thug sé dom, agus bhíos mórálach as.
Cad é a chuireann eagla ort?
Díothú na bithéagsúlachta agus iarmhairtí an athraithe aeráide.
Cuir i gcás an traonach a bhíodh le fáil ar fud na hÉireann tráth, ach atá díbeartha go himeall an chósta thiar in áiteanna ar nós Iorras i Maigh Eo agus Toraigh i dTír Chonaill. Tháinig titim 98% faoin gcéad ar na huimhreacha, agus is ar éigean a thug éinne fé ndeara é.
Sampla beag é sin d’fhaillí an chine dhaonna sa chomhshaol. Tá ár seasamh ar an dtimpeallacht agus tá dualgas orainne í a chaomhnú do shliocht ár sleachta.
Cad é a cheannófá dá mbuafá an crannchur náisiúnta?
Talamh chun coill dhúchasach a fhás ann .. agus ingearán b’fhéidir
Céad cheolchoirm ar fhreastal tú uirthi?
Florence and the Machine sa 3 Arena, siar sa bhliain 2015.
Bhí mo dheirfiúr in ainm is teacht liom ach ní raibh ábalta air ar chúis éigin.
Tháinig mo mháthair im theannta ina hionad agus bhí ardtime ar fad againn.
Rud ba mhaith leat a dhéanamh sula bhfaighidh tú bás?
An Chaor Aduaidh (Aurora Borealis) a fheiscint.
Chuiridís na grianghrafanna fé gheasa tú, samhlaigh an t-iontas a fheiscint led shúile féin!
Tá dán álainn ag Nuala Ní Dhomhnaill orthu, “An Chaor Aduaidh” (atá ar fáil ar líne)
É sin agus an Camino a shiúl ó thús deireadh ar a laghad uair amháin!
An bhfuil ‘happy place’ agat?
Baile an Sceilg in Uíbh Ráthach i gCiarraí Theas. Is ann a chaitheamar laethanta saoire ár n-óige agus is aoibhinn liom dul siar ann fós. Níl aon teilifís ná faic againn, rud a spreagann sinn dul síos cois trá nó suas faoin sliabh, nó dul i muinín na gcluichí bord má bhíonn sé ina chac báistí!
Cad é a chiallaíonn ‘rath’ duit?
N’fheadar san fós! A bheith i mbun rud éigin go gcuirim spéis ann agus ag obair chun leasa an phobail ar chuma éigin is dócha, chomh maith le bheith ag caitheamh ama lem mhuintir is lem chairde. Tar éis an tsaoil, is beag rud sa tsaol is tábhachtaí ná an gaol is an gáire!
Agus… cén focal Gaeilge is fearr leat?
Is breá liomsa an focal “cathair”. Is mó san rud a chuimsítear leis an mbriathar breá seo, ó Chathair na Féinne thuas i measc na gCruacha Dubha go Cathair gheal Chorcaí, agus é luaite ins na céadta logainm farais sin.