• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Agallamh Quickfire le Aodh Ó Coileáin

February 23, 2022 By Áine Ní Dhonnaile

Liomsa inniu – mo léachtóir féin, Aodh Ó Coileáin! Tógadh Aodh i nDaingean Uí Chúis i gCo. Chiarraí agus tá tréimhsí caite aige ag obair sa sorcas, san amharclann, agus le cúrsaí raidió agus teilfíse. Tá an-rath air mar scannánóir chomh maith, le ‘Cumar – A Galway Rhapsody’ a bhain Best Documentary ag an Irish Film Festival London sa bhliain 2019. Tá sé mar léachtóir ar na cláir BA agus MA sna meáin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus ina fhocail féin, is maith leis “cuairt a thabhairt ar áiteanna spéisiúla agus fíonta maithe a bhlaiseadh”. Labhair Aodh liom faoin chéad phost a bhí aige ag cócaireacht, Meatloaf agus an sraith Undercover.

Déan cur síos ort féin i 5 fhocal.

Rógaire, rampaire, clabaire, strapaire, finscéalaí.

Céad phost a bhí agat?

Cócaireacht.  In aois 13 bhíos i mbun na sceallóg tar éis an dioscó i mbialann gasta sa Daingean (ní raibh an dlí go gcaithfeá a bheith os cionn 16 ar an saol!)

Cuimhne is sásta atá agat ó d’óige?

Rámhaíocht i gcuan an Daingin i mbád beag a bhí goidte (tógtha gan chead!?) ag mo chairde agus mé féin.

Ceol ar bith atá ‘on repeat’ agat faoi láthair?

Meatloaf – sé a mbítí ag casadh ag an dioscó nuair a thosnaigh mé ag rince (go gáifeach ar dtús ach chuaigh mé i dtaithí air!)

Cad é a cheannófá dá mbuafá an crannchur náisiúnta?

Bailiúchán maith pótaí copair chun cóiceareachta….

An bhfuil ‘happy place’ agat?

Mo cheann in ucht mo mhná chéile le fuineadh gréine.

Cé hiad an triúr cáiliúla a dtabharfá cuireadh daofa dul chuig cóisir dhinnéir?

Niamh Chinn Óir, Mícheál Ó Coileáin, Éamon de Valera

Cad é a chuireann eagla ort?

Eagla nach dtiocfadh eagla orm…

An bhfuil tú ag amharc ar shraith ar bith faoi láthair?

Undercover

Rud ba mhaith leat a dhéanamh sula bhfaighidh tú bás?

Úrscéal a scríobh.

Cad é a chiallaíonn ‘rath’ duit?

Sláinte!  Deirtear i gCiarraí: ‘Rath agus bláth ort oíche agus lá!’  Má tá tú i do shláinte, tá rath ort.

Agus… cén focal Gaeilge is fearr leat?

Rath

Áine Ní Dhonnaile
+ posts
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire- Máirtín Seoighe
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire — Lucy Nic Aindrís
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire: Blúirí spéisiúla ó Ghaeilgeoirí timpeall na Tíre
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire - Le Aedín Ní Thiarnaigh

Related

Filed Under: Cainte, Featured

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...