• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Agallamh Quickfire – Le Aedín Ní Thiarnaigh

February 8, 2022 By Áine Ní Dhonnaile

Tá mé ar ais leis an chailín álainn seo – Aedín Ní Thiarnaigh! Is as Inis Córthaidh, Co. Loch Garman ó dhúchas di ach tá sí anois ina cónaí ar Inis Meáin. Oibríonn Aedín sna meáin Ghaeilge mar láithreoir teilifíse, taighdeoir agus cúntóir léirithe, agus tá an cuntas dátheangach ar Insta @BlathannaFiaine aici fosta ina roinneann sí blúiríní béaloidis faoi bhláthanna fiáine na hÉireann. Beidh sraith nua s’aici ar an ábhar céanna ag teacht go RTÉ One go luath san Earrach fosta – beidh muid uilig ag súil go mór leis!! Labhair Aedín liom faoi leabhair Ghaeilge, tréimhse Erasmus s’aici agus an chomhairle is fearr a fuair sí riamh.

Déan cur síos ort féin i 5 fhocal.

Cairdiúil, cruthaitheach, díograiseach, uallmhianach agus sásta.

Céad phost a bhí agat?

Chaith mé samhradh i mo chailín cistine i gColáiste Bhréanainn i mBaile an Bhuinneánaigh agus mé 16, post a thaitin thar cionn liom. Ní cheapfá go mbeadh ullmhú ceapairí agus glanadh leithris chomh taitneamhach ach bhí! Bhí scata againn ann ag obair as lámha a chéile agus tá cuimhní speisialta agam ón tréimhse sin.

Cad é a thugann sásamh duit?

A bheith timpeallaithe ag an dúlra, a bheith ag scríobh agus a bheith ag ceol.

Saoire is fearr a bhí agat riamh?

Chaith mé mo thréimhse Erasmus ar an tEilean Sgitheanach agus mé ar an ollscoil, más ionann sin agus ‘saoire’ is dóigh gurb é sin an ceann ab ansa liom. Oileán draíochtúil is ea é agus smaoiním go minic air.

An bhfuil tallann cheilte agat?

Is breá liom a bheith ag scríobh, idir fhiscean agus fhilíocht. Ní minic a roinnim mo shaothar ar na meáin shóisialta ach táim ag súil le húrscéal Gaeilge a fhoilsiú sna blianta beaga romhainn.

Ceol ar bith atá ‘on repeat’ agat faoi láthair?

An t-amhrán nua ó Billow Wood le Séamus Ó Flatharta, ‘If You Come Back’, banger ceart is ea é agus Gaeilge aoibhinn ann!

An chomhairle is fearr a fuair tú riamh?

Dúirt bean liom tráth; “Everyone you meet is either a blessing, or a lesson”. Creidim go bhfuil an ceart ar fad aici agus déanaim mo dhícheall cuimhneamh air sin agus mé ag caitheamh le daoine.

Cé hiad an triúr cáiliúla a dtabharfá cuireadh daofa dul chuig cóisir dhinnéir?

Ní maith an rud é castáil le daoine atá ina laochra duit! Is dóigh go scaoilfinn leis na daoine cáiliúla agus go dtabharfainn cuireadh do mo chairde ar an oileán ina n-ionad. Bheinn ró-starstruck chun labhairt le daoine mór le rá pé scéal é.

An bhfuil tú ag amharc ar shraith ar bith faoi láthair?

Níl faoi láthair. Bhreathnaigh mé ar an tarna shraith d’Emily in Paris le déanaí (nár bhreathnaigh muid ar fad?). Is uafásach an clár é, ach tá sé taitneamhach leis! Beidh ‘A Discovery of Witches’ ag filleadh go fóill freisin agus táim ag tnúth leis sin, léigh mé na leabhair cúpla bliain ó shin – taitníonn scéalta fantasaíochta mar sin go mór liom.

Rud ba mhaith leat a dhéanamh sula bhfaighidh tú bás?

Roinnt leabhar Gaeilge a chur i gcló.

Cad é a chiallaíonn ‘rath’ duit?

Go bhfuil tú sásta ionat féin agus go bhfuil do chosa do do thabhairt go háit a bhfuil do chroí.

Agus… cén focal Gaeilge is fearr leat?

‘N’fheadar!’

Áine Ní Dhonnaile
+ posts
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire- Máirtín Seoighe
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire — Lucy Nic Aindrís
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire: Blúirí spéisiúla ó Ghaeilgeoirí timpeall na Tíre
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire le Aodh Ó Coileáin

Related

Filed Under: Cainte, Editor's Recommendation

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...