• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Agallamh Quickfire- Máirtín Seoighe

April 12, 2022 By Áine Ní Dhonnaile

Blúirí spéisiúla ó Ghaeilgeoirí timpeall na tíre

Seo Máirtín Seoighe as Ros Cathail i gCo. na Gaillimhe! Faoi láthair tá Máirtín ag déanamh máistreachta i nDlí na hEorpa agus sa Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá sé ag súil le dul i dtreo na hEorpa i ndiaidh na hollscoile le bheith ina dhlítheangeolaí. Tá Máirtín tagtha chun cinn go mór in earnáil na cumarsáide Gaeilge le bliain anuas; ag scríobh faoi shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge mar cholúnaí le NÓS Mag, ag láithriú agus ag déanamh grinn mar chruthaitheoir ábhair ar BLOC TG4, agus bhí sé mar chlár reachtaire ag léamh Nuacht an Iarthair do lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta fosta!! Labhair sé liom faoi Mhuireann Nic Amhlaoibh, baile dhúchais a mháthair sa Trá Bháin, agus a chuid aislingí don todhchaí.

Déan cur síos ort féin i 5 fhocal.

Ceist dheacair, ach dhéarfainn gur duine cairdiúil, cineálta, gealgháireach, mórtasach agus beagáinín ábhailleach mé.

Bíonn an diabhal thíos mo bholg!

Céad phost a bhí agat?

Bhí mé i mo Oibrí Óige le Club Óg Ógras Mhaigh Cuilinn.

Ceol ar bith atá ‘on repeat’ agat faoi láthair?

Taithníonn ceol Mhuireann Nic Amhlaoibh go mór liom, bíonn a cuid ceoil ag imeacht seasta agam, agus tá mé ag súil go mór an t-albam nua atá aici faoi láthair, ‘Róisín Reimagined’ a fháil go gairid!

An bhfuil tallann cheilte agat?

Níl fhios agam, tá suim mhór agam i dteangachaí agus i gcanúintí éagsúla. Dhéarfainn b’fhéidir gur mar gheall ar sin go bhfuilim go maith ag déanamh aithris ar chanúintí agus tá sé sin mar thallann cheilte agam!

Cuimhne is sásta atá agat ó d’óige?

Cheapfainn gurb iad na samhraí séanmhara a chaith mé i mbaile dhúchais mo mháthair sa Trá Bháin, na cuimhní is fearr atá agam ón óige,

An bhfuil tú ag amharc ar shraith ar bith faoi láthair?

Tá an tsraith ‘An Cósta Thiar’ le Áine Ní Bhreisleáin ar TG4 iontach! Clár den scoth agus is mór an spóirt í Áine mar láithreoir teilifíse, agus raidió ar ndóigh!

Céad cheolchoirm ar fhreastail tú uirthi?

Is é Longitude an chéad ceolchoirm a chuaigh mé aige nuair a bhí mé i mbliain a 5 sa mheánscoil!

Cé hiad an triúr cáiliúla a dtabharfá cuireadh daofa dul chuig cóisir dhinnéir?

Thabharfainn cuireadh do David Attenborough, Uachtarán na hÚcráine agus do Dolly Parton. Is daonchairde iad uilig agus tá siad ar mhaithe leis an saol mór atá thart orthu!

Cad é a chuireann eagla ort?

An Rúis! Go dtuga Dia slán muintir na hÚcráine slán ón gcogadh seo, tá imní orm fúthu.

Rud ba mhaith leat a dhéanamh sula bhfaighidh tú bás?

Ba mhaith liom dhul ag taisteal ar fud na cruinne agus seal a chaitheamh san Astráil agus sa Nua-Shéalainn go háirid. Ba mhaith liom freisin oíche a chaitheamh ar an mBlascaod Mór, áit dhraíochtúil, suaimhneach!

Cad é a chiallaíonn ‘rath’ duit?

Bheith sásta ionam fhéin, bheith in ann a bheith sa mbaile i measc mo mhuintire agus bheith in ann a rá liom fhéin freisin go ndearna mé gníomh don Ghaeilge.

Agus… cén focal Gaeilge is fearr leat?

Bhfuel tá dhá fhocal agam, cineáltas agus lách, mar gheall ar an saol seo ní ualach é do dhuine ar bith bheith cineálta agus lách. Tá an-mheas agam ar na tréithe sin.

Áine Ní Dhonnaile
+ posts
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire — Lucy Nic Aindrís
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire: Blúirí spéisiúla ó Ghaeilgeoirí timpeall na Tíre
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire le Aodh Ó Coileáin
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire - Le Aedín Ní Thiarnaigh

Related

Filed Under: Cainte, Editor's Recommendation

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...