• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Agallamh Quickfire le Clíodhna Ní Dhufaigh

November 30, 2021 By Áine Ní Dhonnaile

Tá mé ar ais an tseachtain seo le hagallaí nua – Clíodhna Ní Dhufaigh! Is as contae Lú di ó dhúchas agus tá obair na gcapall déanta aici le Conradh na Gaeilge agus mar 1/8 de na Gael Gals fosta, le podchraoladh iontach atá ar fáil ar Raidió Rí-Rá! Labhair Clíodhna liom faoin obair s’aici ar Imeall Geal agus Opry an lúir, an grá atá aici bheith ag snámh, agus Barack Obama Plaza!!

Déan cur síos ort féin i 5 fhocal.

Giodamach, díograiseach, ceanndána, gealgháireach, cabhrach

An bhfuil leasainm agat?

Clí an ceann is coitianta atá agam anois, ach chuireadh mo Mham ‘Clíodhna Beena’ nó ‘Clí-ny Beeny’ orm agus mé óg.

Céad phost a bhí agat?

Bhí mé mar ‘runner’ le comhlacht teilifíse nuair a bhí mé ar scoil agus an ollscoil. D’oibrigh mé ar ‘Imeall Geal’ agus ‘Opry an Iúir’ so bhuail mé le roinnt ceoltóirí ar nós Daniel O’Donnell, Nathan Carter, Una Healy, The Coronas agus basically aon duine a bhíonns ar an eagrán ceol tíre den Late Late lol.

Ceol ar bith atá ‘on repeat’ agat faoi láthair?

Taylor Swift agus Adele cé go bhfuilim i gcaidreamh fad-théarmach ach ligim orm go bhfuil mo chailín tar éis éagóir a dhéanamh orm. 

Comhairle is fearr a fuair tú riamh?

Just focain déan é.

Céad cheolchoirm ar fhreastail tú uirthi?

Pink san RDS i 2009!

Cad é a chuireann eagla ort?

Tá an ghráin agam ar dhamháin alla agus bhíodh eagla an domhain orm roimh an bhfarraige ach thosaigh mé ag snámh le linn na dianghlasála agus is breá liom é anois!

Cad é a cheannófá dá mbuafá an crannchur náisiúnta?

Teach agus níl a fhios agam an mbeadh mórán airgid fágtha agam i ndiaidh sé sin (grma géarchéim tithíochta) ach ba bhreá liom mo ghnó féin a bhunú!

Rud ba mhaith leat a dhéanamh sula bhfaighidh tú bás?

Ba bhreá liom dul chuig ceann de na príomhimeachtaí spóirt ar nós na Cluichí Oilimpeacha nó Corn an Domhain

An bhfuil ‘happy place’ agat?

Barack Obama Plaza 

Cad é a chiallaíonn ‘rath’ duit?

Bheith in ann sásamh a bhaint as na rudaí beaga agus rud dearfach aimsiú i ngach lá!

Agus… cén focal Gaeilge is fearr leat?

‘Uaschamóg’ nó ‘rógaireacht’

Áine Ní Dhonnaile
+ posts
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire- Máirtín Seoighe
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire — Lucy Nic Aindrís
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire: Blúirí spéisiúla ó Ghaeilgeoirí timpeall na Tíre
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire le Aodh Ó Coileáin

Related

Filed Under: Cainte, Editor's Recommendation

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...