• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Agallamh Quickfire: Caoimhe Ní Chathail

November 3, 2021 By Áine Ní Dhonnaile

An tseachtain seo labhair mé le Caoimhe Ní Chathail, láithreoir agus léiritheoir teilifíse agus raidió as Leitir Ceanainn. Faoi láthair tá Caoimhe le feiceáil ar TG4 achan oíche Chéadaoin leis an sraith ‘Éadaí SOS’, agus le cloisteáil ar Raidió Fáilte agus BBC Raidió Uladh achan seachtain. Bíonn sí gnóthach go leor! Labhair ‘Caoimhe the Diva’ liom faoina happy place i dTír Chonaill, an fheadóg mhór agus ag caoineadh ag an cheolchoirm Taylor Swift i 2010!

Déan cur síos ort féin i 5 fhocal.

Gnóthach, paiseanta, tiománta, drámatúil, cainteach

An bhfuil leasainm agat?

CaoimheChats, Chats, Caoimhze, Caoimhe the Diva (níl a fhios agam cad chuige!)

Céad cheolchoirm ar fhreastal tú uirthi?

Taylor Swift in 2010 sa 3Arena agus nuair a d’ísligh an cuirtín ór agus bhi sí le feiceail ar stáitse, chaoin mé uisce mo cheann … le háthas!

Céad phost a bhí agat?

D’obair mé i siopa potaireachta agus reachtáil muid campaí samhraidh ealaíne. Rinne mé cuid mhór péinteála an samhradh sin!

Cad é a cheannófá dá mbuafá an crannchur náisiúnta?

Cheannóinn teach faoin tuath taobh amuigh de Bhéal Feirste, carr leictreach agus saoire thar lear le mo theaghlach

An bhfuil tallann cheilte agat?

Thig liom an fheadog mhór a sheinnt ach nil sin déanta agam le tamall, i ndiaidh na blianta de ranganna agus graid cheoil ….. brón orm a thuismitheoiri!

Cuimhne is sásta atá agat ó d’óige?

Achan turas go Glaschú chun mo sheantuismitheoirí a fheiceáil

An téacs deireanach a sheol tú?

“Do I have a hidden talent??”

Cad é a chuireann eagla ort?

Luchóga mora agus beaga

An bhfuil ‘happy place’ agat?

Amuigh faoin aer i dTír Chonaill ag siúl le mo theaghlach agus ansin ag léim san fharraige, beag beann ar an aimsir.

Cad é a chiallaíonn ‘rath’ duit?

A bheith sásta sa rud atá idir lámha agam, ag mothú gur ar mhaithe le rud inteacht nios mó ná mé féin atá mé ag obair agus ag foghlaim agus ag forbairt i gcónaí. Oh agus cothromaíocht idir mo shaol oibre agus mo shaol pearsanta … rud atá i gcónai ina dhúshlán.

Agus….. cén focal Gaeilge is fearr leat?

Buzzáil …. measartha cinnte gur chum mé sin agus mé ar an ollscoil …

Áine Ní Dhonnaile
+ posts
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire- Máirtín Seoighe
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire — Lucy Nic Aindrís
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire: Blúirí spéisiúla ó Ghaeilgeoirí timpeall na Tíre
  • Áine Ní Dhonnaile
    https://sin.ie/author/aine-ni-dhonnaile/
    Agallamh Quickfire le Aodh Ó Coileáin

Related

Filed Under: Cainte, Featured

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...