
Is chomh fada le Cill Áirne a bheidh daoine as gach áit sa tír agus sa domhain ag dul le freastal ar Oireachtas na Gaeilge. Sea, tá féile na ngael ar ais arís i mbliana, an chéad uair ó 2019 nuair a bhí sé sa Citywest i mBaile Átha Cliath.
Reachtófar an féile ón 2-6 Samhain in óstáin thart timpeall ar Chill Áirne, ach beidh formhór na himeachtaí ag tarlú sa Gleneagal agus sa Brehon. Dóibh siúd nach bhfuil a fios acu céard go díreach é an tOireachtas, séard atá i gceist na cúpla lá de chomórtais, seisiún ceoil, amhránaíocht agus damhsa, chomh maith le agallamh beirte agus lúibín i measc go leor leor eile.
Ach, do na scoláirí triú leibhéal a théann chuig an Oireachtais, go hiondúil ní hiad na comórtais a bhíonn ag cur imní orthu ach is é Club na Féile a bhíonn siad ag cuartú. Bíonn Club na Féile ar siúl ar an Déardaoin, Aoine agus Sathairn, ach is ar an Aoine agus an Sathairn a bhíonn an chraic is mó. Oíche den scoth le ceol beo agus neart le n-ól.
Reáchtáladh an chéad Oireachtas i 1897 agus é ag ceiliúra 125 bliain ar an bhfód i mbliana.
Déantar an-chuid craoladh ón Oireachtas, ó Raidió na Gaeltachta ag craoladh cláracha beo ón ródaí i gcaitheadh an fhéile. Bíonn TG4 ag craoladh an Nuacht beo ón bhféile agus craolann siad Steip (an príomh chomórtas damhsa ar an sean-nós) agus Corn Uí Riada (príomh chomórtas amhránaíocht ar an sean-nós). I measc sin bhíonn BBC Raidió Uladh, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus Raidió Rí-Rá uilig ag craoladh beo ón bhféile.
Mar gheall ar an méid poiblíocht atá faighte ag an Oireachtas le linn na blianta, tá méadú súntasach tagtha ar líon na hiomaitheoirí agus ar líon na ndaoine a théann ag an bhféile.
Is iontach an deis é an tOireachtas do aon duine atá ag foghlaim Gaeilge, mar bíonn an Ghaeilge le cloisteáil i ngach áit ann, bíonn na daoine an-chairdiúl agus labhróidh siad le gach duine, ach níos tábhachtaí arís bíonn gach saghas canúint le cloisteáil ann, rud atá tairbheach agus an Ghaeilge á fhoghlaim.
