
Sheol Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe an Foclóir Aiteach mar chuid don tSeachtain Ghaelach agus Traenáil Bhándearg ar Aoine 18 Samhain sa tSeomra Corribe in Sult. Cnuasach focail atá anseo atá bailithe le chéile ag Tadhg Mac Eoin agus athsheoladh a bhí ann don bhFoclóir Aiteach a sheoladh I 2017.
Ba í Laoighseach Ní Choistealbha a chuir an chéad eagrán le chéile agus í mar Oifigeach na Gaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Roimhe sin bhí Laoighseach mar Oifigeach na Gaeilge anseo in Ollscoil na Gaillimhe. Dúirt Laoighseach “Tá mé an-sásta go bhfuil bonn acadúil curtha leis an leagan nua den Fhoclóir, a chruthaigh Tadhg Mac Eoghain le blianta beaga anuas mar chuid dá thráchtas MA. Chonaic Tadhg go raibh feabhsú le déanamh ar na téarmaí agus chuir sé roimhe leagan úrnua – níos fearr – den Fhoclóir a chruthú,”.
Labhair Finn Ó Muiris ar an oíche faoin tábhacht a bhaineann le Foclóirí den sórt seo chun féiniúlacht an duine a chuir in iúl. Bhí Finn mar cheann de bhunaitheoirí Anseo agus Aiteach, grúpa de dhaoine Aiteacha a thagann le chéile trí Ghaeilge go rialta.

Tadhg Mac Eoin a chuir an eagrán seo le chéile. Scríobh Tadhg a thráchtas ar an ábhar agus chuaigh sé I dteagmháil le Laoighseach chun cead a fháil leanúint ar aghaidh leis an obair. Tá Tadhg tar éis tamall a chaitheamh ar an bhFoclóir ar chuir le chéile. Dúirt sé “Tionscadal iontach tábhachtach a bhí ann agus thug sé comhartha láidir go bhfuil Gaeilgeoirí aiteacha ann agus gur féidir an Ghaeilge a aitiú. Tá saol aiteach na Gaeilge ag dul ó neart go neart ó shin, agus tá sé níos tábhachtaí ná riamh téarmaí dár gcuid féin a bheith againn,”
Ba é Aontas na Mac Léinn in Éireann a chuir an Foclóir ar fáil ach bhí BeLongTO, TENI agus téarma.ie bainteach chomh maith.
Tá meáin shóisialta bunaithe ag an bhFoclóir Aiteach (@anfocloiraiteach) agus beidh siad ag tabhairt uasdátaithe ansin faoin gcur chun cinn atá á dhéanamh ag an bhFoclóir, mar sin bígí cinnte faire amach ansin don obair iontach atá ar bun.
Dúirt Tadhg “Ach ní hé an t-eagrán seo bun agus barr an scéil. Tá súil agam go leanfaidh An Foclóir Aiteach ar aghaidh ag fás agus ag athrú de réir mar a athraíonn an pobal LADTA+, ionas go mbeidh gach duine in ann iad féin a aithint sa Ghaeilge agus páirt a ghlacadh i saol na teanga ar bhealach atá dílis dóibh féin!”