
Joe Mee agus Barry Ó Siochrú (Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe)
D’eagraigh Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe clár imeachtaí don tSeachtain Ghaelach, a bhí ar siúl ó Dé Luain an 14 Samhain go Dé hAoine an 18 Samhain. Spreag an tseachtain seo mic léinn agus baill foirne ar fud na hOllscoile cibé leibhéal Gaeilge a bhí acu a úsáid ag imeachtaí spraíúla, saor in aisce, cuimsitheacha.
Chun tús a chur leis an tseachtain bhí Tob-Ghaeltacht maidin Dé Luain ag Túr Tumadóireachta na Carraige Duibhe in éineacht. Beidh Comhaltas na Mac Léinn ag obair i gcomhar le snámhóirí na carthanachta Coldvember ag an ócáid seo, chun an Ghaeltacht a thabhairt chun na farraige agus chun cuidiú leis na mic léinn iad féin a théamh suas tar éis bheith ag snámh le seisiún ceoil traidisiúnta. Bhí Corn Liam Mhic Cárthaigh agus Corn Sam Mhic Uidhir ar taispeáint in Oifig Chomhaltas na Mac Léinn Dé Luain freisin, agus bhí lucht leanúna uile CLG ar an gcampas ag breathnú orthu.
Bhí an-bhaint ag an gCumann Gaelach agus an Cumann Trad leis an tSeachtain chomh maith. Le linn Gaeilge 24, (feachtas náisiúnta a eagraíonn Conradh na Gaeilge) bhí seisiúin Trad i Smokey’s agus Céilí Mór i Sult le hos cionn 120 duine ann. Oíche Chéadaoin bhí Oíche Chultúir Ghaelach sa Téatar in Áras na Gaeilge agus bhí 18 amhránaithe, damhsóirí, filí agus ceoltóirí ar an stáitse. Oíche iontach a bhí ann agus léirigh sé go maith an talann iontach Gaelach atá againn in Ollscoil na Gaillimhe.
Bhí an Déardaoin á chéiliúradh againn le Lá Nollag agus tháinig cuairteoir álainn go dtí an champais. Bhí Daidí na Nollag linn!! Agus cuireadh deireadh leis an tSeachtain álainn le seoladh an Fhoclóir Aitigh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sai Gujulla, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: “Tá lúcháir orainn imeachtaí na Seachtaine Gaelaí a eagrú chun pobal na hOllscoile a spreagadh níos mó Gaeilge a labhairt in atmaisféar spraíúil agus suaimhneach. Is sinne an chéad Chomhaltas Mac Léinn sa tír a bhfuil Oifigeach Gaeilge lánaimseartha aige agus níl ár straitéis Gaeilge ach ina tús leis na himeachtaí seo.”
Dúirt Leas-Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn don Ghaeilge, Barry Ó Siochrú: “Bhíomar ar bís chun fáilte chroíúil a chur roimh an nGaeilge sa champas i rith na Seachtaine Gaelaí. Beidh comhoibrithe iontacha ag cabhrú linn leis an tseachtain a reáchtáil, agus iad ag cur seónna Flirt FM i láthair i nGaeilge, agus ag reáchtáil tob-sheisiún ceoil traidisiúnta, oíche de chultúr Ghaelach agus ar ndóigh Céilí Mór ag Sult. Seachtain spraíúil a bheidh inti!”