• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Figiúirí coir fuatha in aghaidh grúpaí mionlaigh ag dul in olcas

April 4, 2023 By Gearóid Ó Droighneáin

Bhí agóid ar súil ar an Fhaiche Mhór i nGaillimh Dé Sathairn Márta 25 a d’eagraigh an grúpa nua Gréasán Pobal na Gaillimhe in aghaidh an Chiníochas agus an Leithcheala, le haghaidh áird a tharraingt ar an chiníochas a bhíonn orthu déileáil le ar bhonn laethúil.

I dtuairisc a d’fhoilsigh an International Lesbian, Gay, Bisexual, Trans and Intersex Association (ILGA) na hEorip an mhí seo caite, bhí sé ráite gur é 2022 an bhliain ba foréigní do dhaoine Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach + (LADT+) san Eoraip le breis agus deich mbliana.

Ag labhairt i Béarla, dúirt Maria Molloy, Leaschathaoirleach an ghrúpa Amach LADT+:

“Is í seo an fhianaise a bhí a fhios againn faoi, foréigin agus ionsaí dhiúltach in aghaidh an pobal LADT+. Homafóibe ach go háirithe Uamhan tras mar tá sé ag méadú ag leibhéal atá muid buartha faoi agus tá taithí dhíreach ag go leor dár bpobal le sin”.

Ach ní in Éirinn amháin atá grúpaí mionlaigh ag troid ar son a gcuid cearta, le gairid anuas thug an stáit Tennesse sna Stáit Aontaithe bille nua dlíthiúil isteach a chuireann srianta ar taispeántais draig. Níl aon chead ag taispeántais draig a bheith ar siúl in áiteanna poiblí ná in aon áit a bhfuil an baol ann go bhfeicfeadh gasúir iad.

I Uganda na hAfraic tá an rialtas ag déanamh iarracht bille nua a tabhairt isteach sa dlí ionas go mbeidh sé mídhleathach a bheith aerach. Tá sé i gceist go ngearrfar príosún saoil ar aon chúpla aerach agus go gcuirfear daoine chun báis má scaipeann siad VEID/SEIF.

I bhfigiúirí a d’fhoilsigh An Garda síochána dúirt siad go bhfuil ardú de 30% ar an méid coir fuatha in Éirinn le dhá mhí dhéag anuas.

I ráiteas ó LGBT na hÉireann dúirt siad gur cúis imní iad na figiúirí sin agus tá siad ag impí ar an rialtas seasadh isteach agus rud éigin a dhéanamh faoi ardú na bhfigiúirí láithreach.

Ag labhairt i Béarla, dúirt Paraic Á Fearon ó Líonra Frithchiníochais na Gaillimhe:

“Fiúntas, an cine daonna, dínit agus fios a bheith againn ar ár gcuid staire mar tá go leo i gcoitianta againn le cuid de na daoine seo (grúpaí mionlaigh) agus breathnú ar an gcaoi sin ar in áit an bealach diúltach agus ainbhreitheach”.

Tá súil ag na grúpaí mionlaigh i nGaillimh go mbeidh bille nua dlíthiúil in aghaidh coir fuatha sínithe isteach sa dlí in Éirinn go luatha.

Foclóir:

  • Ainbhreitheach: Perverse.
  • Coir Fuatha: Hate crimes.
  • Foréigní: Violent.
  • Grúpaí mionlaigh: Minority groups.
  • Líonra Frithchiníochais na Gaillimh: Galway Anti-Racism Network.
  • SEIF: Siondróm easpa imdhíonachta faighte (AIDS).
  • Uamhan tras: Transphobia.
  • VEID: Víreas easpa imdhíonachta daonna (HIV).
Gearóid Ó Droighneáin
+ posts
  • Gearóid Ó Droighneáin
    https://sin.ie/author/gearoid-o-droighneain/
    Athbhreithniú na Seachtaine Gaelaí
  • Gearóid Ó Droighneáin
    https://sin.ie/author/gearoid-o-droighneain/
    Seoladh an Fhoclóir Aitigh
  • Gearóid Ó Droighneáin
    https://sin.ie/author/gearoid-o-droighneain/
    Dearmad á dhéanamh ar mhuintir Ceantar na nOileáin?
  • Gearóid Ó Droighneáin
    https://sin.ie/author/gearoid-o-droighneain/
    An bhfuil sibh réidh?

Related

Filed Under: Cainte, Featured

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...