
Bosca Foclóra seirbhísí comhairleoireachta: counselling services Meabhairshlainte: mental health Galardubh: depression Imní: anxiety Sáinnithe: trapped Dianghlasála: lockdowns cásanna eisceachtúla: exceptional cirumstances Ocsatóicin: oxytocin aireachais machnaimh: mindfullness meditation
Tá easpa mór seirbhísí comhairleoireachta sa tír seo do dhaoine ina bhféadfaidh siad labhairt lena chéile agus iad ar aghaidh a chéile.
Tá líon na ndaoine atá ag streachailt lena sláinte meabhrach ag dul in olcas. Tá tacaíocht le fáil ar ndóigh ar an bhfón, trí ghlaoch a fháil, téacs a sheoladh nó fiú crinniú Zoom ach n’fheadar an leor é? Ní hamháin tar éis pandéim Covid-19 ach ‘pandéim an uaignis’ chomh maith, nach cheart níos mó aird a thabhairt ar chúrsaí suntasacha meabhairshláinte na tíre? Ba chóir don Rialtas dul i ngleic leis na fadhbanna seo anois, sular mbeidh cuma níos measa ar an scéal sa todhchaí.
De réir taighde de chuid Harvard tá méadú (63%) ar líon na ndaoine óga atá ag lorg cabhrach lena meabhairshláinte, go háirithe fadhbanna a bhaineann leis an ngalar dubh agus le himní.
Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil meabhairshláinte mhic léinn Ollscoile ar fud na tíre imithe in oclas tar éis na dianghlasála i gcoinne Covid-19. Níl aon iontas ach go bhfuil ardú ar líon na ndaltaí atá ag lorg cabhrach agus an méid acu a sáinnithe sa bhaile ar feadh míonna ag breathnú ar scáileán.
Sa lá atá inniu ann tá an-chuid gnéithe den saol bainteach leis an teicneolaíocht. Anois bímid ag siopadóireacht ar líne, ag léamh leabhair ar líne, ag úsáid suíomh geandála ar nós Tinder chun bualadh le daoine nua. Is é Google an cara is fearr linn.
Nuair a thosaigh an phandéim d’aistrigh níos mó den saol oibre, Ollscoile ar líne. Bhí ranganna scoile agus Ollscoile ar líne. Bhí an chuid is mó den domhan ag obair ón mbaile le linn na dianghlasála.
De bharr Covid-19 tá seisiúin chomhairleoireachta OÉ Gaillimh fós ar fad ar siúl ar líne. Deir siad faoi láthair gur beag duine gur féidir leo glacadh leo chun comhairleoireacht amach ar d’aghaidh a thairiscint dóibh seachas i “gcásanna eisceachtúla”. I láthair na huaire tá teorainn ar sheirbhísí comhairleoireachta in Éirinn ar siúl ar líne. Tá Jigsaw, seirbhís chomhairleoireachta do dhaoine óga in Éirinn, ag tairiscint meascán de seirbhísí amach ar d’aghaidh, ar an bhfón nó trí fhíseán.
Ta athoscailt an Stáit faoi lánseol na laethanta seo. Tá an córas iompair poiblí, imeachtaí siamsaíochta, taisteal idirnáisiúnta ar ais mar shampla. Is léir go bhfuil meabhair shláinte i bhfad siar ar liosta tosaíochtaí an Rialtais fiú do mhic léinn tríú leibhéal atá ag filleadh ar an gcoláiste den chéad uair ó thosaigh an phandéim.
I mí Feabhra dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív maidir le tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht, “Ní féidir an Ghaeltacht a thabhairt do dhuine ar líne, caithfidh tú seasamh inti.” Is mar sin atá sé chomh maith don chomhairleoireacht.
Is gné tábhachtach í an chumarsáid i measc daoine atá buailte ag meabhairghalair, chun cahbrú i gcoinne mothúcháin an uaignis. De réir saineolaithe, tá cumarsáid amach ar d’aghaidh go hanmhaith chun ocsatóicin a scaoileadh sa chorp.
Cinnte tá go leor achmhainní meabhairshláinte eagraithe ag Chomhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh do mhic léinn. Bhí seisiúin aireachais machnaimh ar fáil ar Blackboard Collaborate le Dr. Eva Flynn i Meán Fómhair. Tá aireachais bunaithe ar a bheith i láthair agus díreann sé ar análú séimh. Chomh maith leis sin, bhí seisúin ar struas, imní agus cuspóirí a bhaint amach ar fáil ar Microsoft Teams agus é oscailte do chách.
Anois tá an HSE ag déanamh iarracht achmainní saor in aisce a chur ar fáil ar líne. Le déanaí deir the Irish Times go mbeadh comhairleoireacht le haghaidh an dúlagair le fáil ar líne tar éis an rath a bhí ar scéim phíolótach. Tháinig feabhas ar 88% do na rannpháirtithe i ndiaidh triail a bhaint as an gcúrsa nua.
Sa lá atá inniu ann tá an dúil sa teicneolaíocht agus sna meáin shóisialta ach is cinnte nach rud sláintiúil é caidreamh amach ar d’aghaidh idir dhaoine a mhalartú go scáileán ríomhaire. N’fheadar an níos mó dochair ná maitheas a dhéanfadh sé ar chúrsaí meabhairshláinte dhaoine óga sula i bhfad.