• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Coldvember nó Coldtober?

October 19, 2021 By Caitlín Ní Mhurchú

Neart imeachtaí ar fáil dúinn an fhómhair seo.

Photo: @coldvember_nuig on Instagram

Bíonn an fhómhair, agus na laethanta ag éirí níos dorcha, dian ar dhaoine. Is iomaí duine a mbíonn deachrachtaí acu iad féin a spreagadh idir obair ollscoille agus an aclaíocht. Ar ndóigh, oibríonn an staidéar agus an aclaíocht as lámha a chéile i saol folláin agus tá sé tábhachtach an chothromaíocht cheart a aimsiú. Tá an t-ádh linn go bhfuil neart gníomhaíochtaí ar nós Walktober, Coltober agus Coldvember ar fáil dúinn an tseameastair seo.

Tá ‘Walktober’ eagraithe ag Comhaltas na Mac Léinn OÉ Gaillimh mar bhealach iontach le fanacht gníomhaí le linn na laethanta gruama liath seo. Is dúshlán na céime é Walktober a dtarlaíonn gach bliain le linn mhí Dheireadh Fómhair. Is féidir le mic léinn agus an fhoireann ollscoile teacht le chéile i ngrúpaí beaga agus iarracht 10,000 céim a bhaint amach in aghaidh an lae roimh dheireadh na míosa.

Eagraítear ‘Siúlóid is Scéalta’ mar chuid de Walktober chomh maith. Is bealach spraíúil é cairde nua a dhéanamh le linn an tsiúlóid. Deir Oifigeach na Gaeilge OÉ Gaillimh Eimear Nig Oireachtaigh; “Is deis iontach í páirt a ghlacadh i saol na hollscoile. Molaim é d’éinne atá suim acu a bheith níos aclaí i rith mhí Dheireadh Fómhair, le tacaíocht ó ghrúpa cairde.”

Tá ‘Coldtober’ faoi lánseol anois i mí Dheireadh Fómhair chomh maith. Is ócáid tiomsaithe airgid é a mhaireann 31 lá. Is imeacht náisiúnta nua é ar son Helplink Mental Health ina mbíonn daoine misniúla ag dul isteach sa bhfarraige sa ngeimhreadh.

Bhí mearbhall ar dhaoine nuair a fógraíodh faoi Coldtober ar dtús mar gheall ar imeacht an-chosúil leis darbh ainm Coldvember. Tá an-tóir ar Coldvember i measc mic léinn na Gaillimhe. Tá sé ar an bhfód ar feadh ceithre bliana anois. Anuraidh, bhailigh an pobal beag €15052 ar mhaithe le meabhairshláinte agus Helplink Mental Health.

Deir Coldvember OÉ Gaillimh i ráiteas ar a leathanch instagram go bhfuil Coldvember agus Coldtober dhá eachtraí go hiomlán ar leith, eagraithe ag daoine difriúila. Is imeacht eagraithe ag mic léinn i mí na Samhna é Coldvember. 

Deir ball de Coldvember Eoin Ó hIarnáin; “Is tionscnamh eagraithe ag mic léinn an choláiste é Coldvember a ritheann tríd mí na Samhna. An aidhm atá againn ná airgead a bhailiú ar son an charthanais agus chun daoine a spreagadh dul síos chuig Bóthar na Trá chun snámh gach lá sa mhí. Bhailigh muid airgead ar son HelpLink Mental Health, Seirbhísí Meabhair Sláinte NUIG agus Movember sna blianta roimhe seo. Seo é ár gceathrú bliain ag reachtáil Coldvember agus tá muid ag tnúth go mór leis!

Caitlín Ní Mhurchú
+ posts
  • Caitlín Ní Mhurchú
    https://sin.ie/author/caitlin-ni-mhurchu/
    An tádh dearg: Mná óga ag imeacht ón spórt sna déaga.
  • Caitlín Ní Mhurchú
    https://sin.ie/author/caitlin-ni-mhurchu/
    Focail nua don tsechtain
  • Caitlín Ní Mhurchú
    https://sin.ie/author/caitlin-ni-mhurchu/
    Alt Tuairimíochta: Tionchar seirbhísí comhairleoireachta ar líne ar ár meabhairshláinte

Related

Filed Under: Cainte

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...