Níor thuig Áine Ní hÓldáin ag an am go raibh an t-ádh dearg uirthi.
Is iomaí cailín a theipeann ag an chéad chliath agus í ag tabhairt faoin spórt sa lá atá inniu ann. De réir suirbhé a rinne Lidl, ceapann triúr as ceathrar cailíní go ndéantar neamhaird orthu sa spórt i gcomparáid le buachaillí. Ag trí bliana déag d’aois, éiríonn duine as gach beirt cailíní as spórt.
Bhí Áine dhá bhliain déag d’aois nuair a leag sí lámh ar an tóirse is cáiliúla ar domhan; an lasair Oilimpeach. Is siombail é de phaisean agus de dhíograis na gCluichí Oilimpeacha.
Bhí an chéad chluiche san Aithin i 1896 nuair a lasadh an tóirse don chéad uair le cúnamh ón ngrian ar Shliabh Oilimpia. I láthair na huaire lastar an tóirse sa Ghréig agus tar éis an rása sealaíochta timpeall an domhain, coiméadtar an lasair Oilimpeach ar lasadh i bpríomhionad na gcluichí ó thús deireadh. Fiú fuair cailín óg as Ceatharlach deis greim a fháil ar an tóirse seo mar a rinne na mílte roimpi ó bunaíodh an traidisiún.
Bhí an t-ádh dearg ar Áine an deis seo a fháil. An lá a bhuail mé léi, beagnach deich mbliana ina dhiaidh sin, í naoi mbliana déag d’aois anois, agus meangadh mór gáire uirthi agus a béaldath dearg ag suí os mo chomhair sa chaifé. Bhí an grian ag rince tríd an fhuinneog ag tarraingt siar ar bhóithrín na smaointe í. Seo é an cur síos a rinne sí air.
“Bhí an t-ádh dearg orm i ndáiríre, bhí mé páirteach sna cluichí pobail. Cuir siad na contaetha go léir i hata amháin agus tháinig mo chontae Ceatharlach amach.. Agus ansin chuir Ceatharlach na paróistí go léir i hata agus tháinig mo pharóiste féin amach. Ansin chuir siad imreoirí ó aois a dó dhéag suas isteach agus tháinig m’animse amach!” Cinnte, rugadh an sonas le hÁine nuair a fheiceann tú an próiseas casta taobh thiar den roghnú.
Bhí sciorta den ádh ag baint le roghnú Áine óig. Cinnte músclaíodh dúil sa spórt ina mheoin ó aois óg. Ach cad faoi na páistí nach mbíonn an deis seo acu? Níl cailíní óga ag leanúint ar aghaidh leis an spóirt sa mheánscoil agus is mór an trua é.
Fásann cailíní suas níos tapúla ná buachaillí ag an aois chéanna. Le na hathruithe móra atá ag tarlú dóibh agus iad ag fás aníos bíonn drogall orthu iad féin a chur chun tosaigh. Ní bhíonn daoine ag labhairt faoi na deacrachtaí a bhíonn ag cailíní ag an aois seo agus iad ag déanamh iarracht fanacht leis an spórt ach ag dul i ngleic le colainn atá ag forbairt agus ag athrú.
Cinnte den chuid is mó bíonn dul in olcas ann i measc cailíní sna déaga sa spórt. Pléasc lasair i Áine an lá sin agus í ag rith go brodúil leis an tóirse i measc laochra spórtúil. Fós níl an lasair sin múchta.
Deir sí “tá saol na hollscoile an-tapa agus an-ghnóthach. Tá sé éasca a bheith ró-thuirseach chun aon rud a dhéanamh.”
Tá feachtas 20×20 ar an bhfód anois ag Cónaidhm Spóirt na hÉireann leis an mana “If she can’t See it, she can’t Be it.” Tá siad iarraidh tuiscint chultúrtha i dtaobh mná sa spórt a athrú. Le méadú 20% ar an gclúdach a dhéantar ar spórt na mban, méadú 20% ar rannpáirtíocht na mban sa spórt agus méadú 20% ar líon na ndaoine ag freastal ar imeachtaí spóirt ban.
Bhí an deis ag Áine bualadh le Katie Taylor. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin i Londain, bhuaigh Katie bonn óir i mbua stairiúil. Nach eiseamláir iontach í le haghaidh cailíní ar fud na hÉireann. Ach deir Áine liom agus í ag gáire nár roghnaigh sí an tóirse a thabhairt do Katie ar an lá mór. “Bhí mise mar fan mór de Jedward ag an am agus thug Jedward an tóirse domsa! Thug mise é do Shane Horgan.” Baois na hóige!
Cinnte le cailíní agus mná ar nós Áine ag coinneál suas leis an spórt tá fós seans againn athrú a dhéanamh ar an scéal don ghlúin nua agus na huimhreacha a ardú.
Mar a deirtear, mol an óige agus tiocfaidh sí.