Haigh a chairde!
Faye Ní Dhomhnaill anseo, do Leas-Uachtarán don Ghaeilge le Comhaltas na Mac Léinn. Baineann mo ról le gach rud Gaeilge ar champas, agus mar sin, seo na haiseanna ar champas gur féidir leat Gaeilge a úsáid!
Sult, Smokeys agus an Siopa
Is leis an Comhaltas na trí gnó seo ar champas. Mar sin, cuireann an foireann ann lán fáilte roimh Gaeilge ar bith!
Caifé na Gaeilge
Is ionad lán-Gaelach í Caifé na Gaeilge. Bíonn cainteoirí Gaeilge ann i gcónaí a bhfuil lán-sásta Gaeilge a labhairt le duine ar bith.
Cumainn le Gaeilge
Tá 2 cumainn lán-Gaelach anseo i Ollscoil na Gaillimhe; An Cumann Gaelach agus An Cu-mann Rince Seite. Anuas ar sin, bíonn cumainn éagsúla ag baint úsáid as an Gaeilge ar bhonn rialta, mar shampla TradSoc. Freisin, tá an scéim “Gradam Gaelach” i bhfeidhm I mbliana freisin. Seo na cumainn a bhfuil suim acu níos mó Gaeilge a usáid. Coinnigh súil amach do na cumainn a faigheann duais ag SocsBall, nó más ball don choiste do chumann eigean thú agus tá suim agat pairt a glacadh, déan teagmháil liom ag su.gaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie
Ranganna Gaeilge
Cuireann an Comhaltas ranganna Gaeilge saor in aisce ar fáil do mhic léinn. Is deis iontach í na ranganna seo Gaeilge a foghlaim agus cairde nua a cruthaigh. Tá tuilleadh eolas ar fáil ar instagram; @uniofgalwaysu
Coiste Gaeilge
Bíonn Coiste Gaeilge á reachtáil ag an Leas-Uachtarán don Ghaeilge. Buaileann siad 3 uair sa bhliain. Bíodh guth agat ar shaincheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge sa Chomhaltas, san ollscoil agus níos faide ó bhaile. Bíonn an t-eolas ar fád ar fáil ar instagram @gaeilge_cmlong
Seachtain na Gaeilge
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ó 1ú go dtí an 15ú Marta 2024. Beidh go leor imeachtaí ar siúl agus bheas an-buíoch as do aghaidh áille a feiceál! Má tá aon moltaí maidir le cén imeachtaí gur mhaith libh a feiceál, déan teagmháil liom ag su.gaeilge@ollscoilna-gaillimhe.ie
Mé Féin!
Is é Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, an t-aon Comhaltas in Éireann le Leas-Uachtarán don Ghaeilge Lán Aimseartha! Mar sin, táim anseo chun cabhrú libh le rud ar bith a teastaíonn uathu! Ná bíodh drogall ort teagmháil a déanamh liom le moltaí nó smaointe! Táim anseo chun cabhrú leat!