
Haigh a chairde! Faye Ní Dhomhnaill is ainm dom, agus mé atá mar Leas – Uachtarán don Ghaeilge don bhliain acadúil 2023/2024. Seas mé don ról seo mar is aoibhinn liom Gaeilge, ach nuair a bhí mé ag staidéar, mhothaigh mé nach raibh deiseanna ann dom chun an Ghaeilge a labhairt.
An cuid is mó do sin ná is duine iontach imníoch mé, agus níor ghlac mé páirt le clubanna agus cumainn. Ach ar aon nós, seo na deiseanna is atá ann do mhic léinn chun a cuid gaeilge a úsáid ar champas.
An Cumann Gaelach
Is é an cumann seo an dtreo is éasca chun an Gaeilge a labhairt ar champas. Anseo, buaileann tú le daoine ó gach cearna don tír agus is féidir libh gaeilge a labhairt le Chéile. Cuireann siad imeachtaí éagsúil ar siúl I rith na bliana, cosúil le luaschairdeas agus oíche na dathanna contaetha.
Bíonn fáilte roimh chách fiú mura bhfuil ach cúpla focal agat. Tá an-aithreachas orm níor ghlac mé páirt leis an cumainn agus mé i mo chéime. Má tá suim agat páirt a glacadh, is féidir leat an cumann a leanúint ar Instagram @cumanngaelach_og nó seol ríomhphoist chuig cumanngaelach@socs.universityofgalway.ie
Caifé na Gaeilge
Tá Caifé na Gaeilge suite i Áras na Gaeilge, agus anseo is féidir leat tae, caifé agus sneaiceanna a fháil. Bíonn daoine ann ag labhairt as Gaeilge. Is áit deas é chun píosa Gaeilge a cloisteáil & chun cleachtadh a deanamh ar do chuid Gaeilge. I mo thuairim ceapaim go bhfuil an caifé is fearr ar champas ann!
An Coiste Gaeilge
Is é an coiste Gaeilge mo choiste. Is é an coiste an chomhairle do mhic léinn chun Gaeilge a plé. Fiú mura bhfuil focal ar bith agat, tá do thuairimí iontach tábhachtach agus ní féidir liom mo phost a déanamh mura cloisim do thuairimí.
Má suim agat páirt a glacadh le do thoil seol teachtaireacht chugam ar @gaeilge_cmlong nó seol ríomhphost chuig su.gaeilge@ollscoilnagaillimhe.ie
G – Spots
Mar chuid do m’fheachtas, bhí mé ag iarradh G – Spots a cruthaigh timpeall an champas. Faoi láthair tá ceann i Smokeys, agus beidh ceann eile i Sult an seachtain seo chugainn. Le G – Spots, léiríonn siad go bhfuil an duine ag suí ann sásta Gaeilge a labhairt le daoine eile. Coinnigh súil amach do do G-Spot!
Bláithín Nic a t-Sithigh
Is í Bláithín Leas-Uachtarán don Ghaeilge le Aontas na Mac Léinn in Éireann. Baineann a ról le gach rud Gaeilge agus an Gaeilge a chur chun cinn do mhic léinn triú leibhéal. Bíonn mé féin agus Bláithín ag obair le chéile go minic maidir le cúrsaí Gaeilge san ollscoil do mhic léinn.
Freisin, tá Bláithín i gceannas ar an Coiste Cultúrtha le AMLÉ. Déanann an coiste seo ionadaíocht, gníomhaíochas a chur chun cinn ar an Ghaeilge agus Cultúr na hÉireann. Má tá suim agat glacadh leis seol ríomhphoist chuig gaeilge@usi.ie