Bhí rath mór ar aisteoirí na hÉireann i 2023, agus deimhníodh é seo Dé Domhnaigh seo chaite ag ócáid gradaim na Golden Globes a bhí ar siúl i gCalifornia. Bhí Cillian Murphy, Barry Keoghan agus Andrew Scott i láthair ag an ócáid agus iad i gcomórtas lena chéile le bheith mar ‘an aisteoir is fearr i scannán’ i mbliana.
Cillian Murphy ab ea an buaiteoir i mbliana dá aisteoireacht in Oppenheimer de chuid Christopher Nolan, a eisíodh I rith an samhradh. Ghlac sé an príomhról, Robert J. Oppenheimer, sa scannán agus léirigh sé an caraictéir eirmiúil, aisteach, agus amanta cruálach, a bhí ann go cumasach. Ghlac sé an gradam go humhal agus ghabh sé buíochas dá foireann scannáníochta, dá foireann gníomhaireachta agus dá teaghlach.
Chaill Barry Keoghan agus Andrew Scott amach ar an ngradam maraon leis na haisteoirí eile a bhí ainmnithe- Bradley Cooper, Leonardo DiCaprio agus Colman Domingo. In ainneoin sin, tá a scannáin faoi seach thar a bheith maith agus is mór an moladh atá faighte acu.
Ainmníodh Barry Keoghan sna Golden Globes dá ról I Saltburn scannán de chuid Emerald Fennell atá tar éis an-chuid aird a tharraingt ar na meáin sóisialta, TikTok ach go háirithe. Tá níos mó ná trí bhilliún fhíseáin le feiceáil faoin gclib ‘saltburn’ ar TikTok anois; measann roinnt de na físeáin go bhfuil roinnt radharcanna sa scannáin déistineach nó peacúil fiú amháin agus is anailís iad roinnt de na fiseáin eile ar an siombalachas agus ciall atá ag baint le teachtaireacht an scannán.
Tá ceol an scannán anois le chloisteáil i gclubanna oíche go forleathan agus tá an amhrán Murder on the Dancefloor de chuid Sophie Ellis-Bextor sna cairteanna arís den chéad uair ó 2001.
Bhí Andrew Scott i láthair ag na gradaim dá ról sa scannán All of Us Strangers. Cé go bhfuil an scannán sa chomórtas i mbliana, ní bheidh sé le feiceáil in Éirinn go dtí an 26ú lá den mhí seo.
De réir Scott in agallamh a fhoilsíodh sa Business Mirror, is scéal leochaileach agus pearsanta atá ann, ach ní beathaisnéis é ach oiread. Dar ndóigh ní hé Scott an t-aon aisteoir cáiliúil in All of Us Strangers, tá Paul Mescal, Claire Foy agus Jamie Bell le feiceáil sa scannán chomh maith agus is cosúil gur sár taipseántais a chuireann siad ar siúil, má chreidtear an scór ar Rotten Tomatoes de 94%.
Tá Paul Mescal go mór i mbéal an phobail faoi láthair agus seans gur bhraith daoine gur mór an trua a bhí ann nach raibh sé i láthair in éineacht le Scott ag an searmanas ach seans nach raibh sé i ndán dó an bliain seo de bharr an droch léirmheas a tugadh dá scannán eile i mbliana, Foe le Saoirse Ronan.
Is léir gur mór an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtaobh na scannánaíochta de in Éirinn faoi láthair; is mór an éacht é go raibh leath don phainéal don ‘aisteoir is fearr i scannán’ ónár tír beag féin. Is maith an chomhairle é don mhéid atá le teacht chomh maith agus is cinnte go mbeimid ag súil le hionadaíocht Éireannach sna Golden Globes arís i 2025.