• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Dhá thionscnamh seolta le haghaidh an Ghaeilge labhartha a spreagadh sa gcathair.

February 7, 2023 By SIN Staff

Bríd Ní Chonghóile, Príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, Méara Chathair na Gaillimhe, An Comhairleoir Clodagh Higgins agus Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, ag seoladh suaitheantais nua atá deartha ag Gaeilge Ollscoil na Gaillimhe agus ‘An tEolaire – Seirbhís i nGaeilge’ togra de chuid Ghaillimh le Gaeilge ag preas ócáid in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí.

Sheol Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Clodagh Higgins, dhá thionscnamh nua leis an aidhm méadú a chur ar an méid Gaeilge labhartha i gcathair na Gaillimhe.

Ag preasócáid a bhí ar súil in Ollscoil na Gaillimhe le déanaí, cuireadh fáilte roimh na suaitheantais, atá deartha ag Ollscoil na Gaillimhe, rud a dhéanfaidh easca do Ghaeilgeoirí a chéile a aithint. An dara togra ná, An tEolaire – Seirbhís i nGaeilge, liosta de na gnólachtaí agus de na heagraíochtaí sa gcathair atá in ann seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.

Seoladh na tograí seo mar chuid de Phlean Teanga do Chathair na Gaillimhe. Dúradh go mbeidh ról lárnach ag na tograí chun stádas mar, “Baile Seirbhíse Gaeltachta” a bhaint amach do Ghaillimh.

Dúirt Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí na hOllscoile, an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, go gcuideoidh an tionscnamh seo le haghaidh,

“…freastal níos fearr agus níos leithne a dhéanamh ar phobal Gaeilge na hOllscoile’ mar go léireodh na suaitheantais ‘a mhéad daoine atá ag obair ar fud na hOllscoile a bhfuil ar a gcumas agus atá sásta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.”

Ag caint ar an dara togra, dúirt Cathaoirleach Gaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey, go raibh 64 gnó agus eagraíocht liostáilte san Eolaire agus go raibh 96 duine cláraithe ann faoi láthair ó réimsí earnálacha sa gcathair.

D’iarr sí ar ghnólachtaí agus eagraíochtaí le Gaeilge clárú le bheith san Eolaire,

“Mholfainn d’aon duine atá in ann seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil, é sin a chur in iúl do ‘chuile dhuine’ trí chlárú le Gaillimh le Gaeilge inniu.”

Beidh eolas maidir le himeachtaí Gaeilge a bheidh ag tarlú sa gcathair le fáil san Eolaire freisin.

Tá súil ag Gaillimh le Gaeilge a bheith ag comhoibriú le Ollscoil na Gaillimhe ar chomhfhiontair straitéiseacha fhéideartha eile sa todhchaí.

SIN Staff
+ posts
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Dog surrendering up 33% in post-Christmas period
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Leas Uachtarán don Ghaeilge Candidate: Faye Ní Dhomhnaill
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Leas Uachtarán don Ghaeilge Candidate: Seánie Ó Gáibhín
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Student Speak

Related

Filed Under: Cainte, Featured

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...