• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Mol na Meáin

March 9, 2021 By SIN Staff

Le hEímear Nig Oireachtaigh

Don eagrán seo, labhair mé le Seosamh Mac Seoin. Is as Éirinn é, ach tá cónaí air i Nua Eabhrac anois. Tá sé ag obair mar aisteoir agus mar mhainicín thall ann. Bhí mé ag iarraidh labhairt leis faoina shaol sna Stáit Aontaithe, chomh maith leis a ghrá don Ghaeilge.

Ach ar an gcéad dul síos, bhí mé ag iarraidh fáil amach faoina phost mar mhainicín. Is é an bhrionglóid é do go leor daoine, ach céard é an rud is fearr faoi? Dar leis, is é sin an taisteal – “I mí Eanáir 2020 d’oibrigh mé i Londain, Páras agus Nua Eabhrac. Chomh maith, tá gníomhaireacht agam i Milan anois. Tá mé ag tnúth le bheith ag obair ansin i 2021.” Nach gcloiseann sé sin go hiontach!

Nuair a thagann sé chuig an aisteoireacht, is breá leis an chaoi inar féidir leat pearsantú a dhéanamh ar na carachtair. Bíonn sé ag obair go dian ar roinnt scripteanna, agus is breá leis an bhfeabhas a thagann air mar gheall air sin – “Ní hamháin go bhfuil tú ag cur feabhas mar ealaíontóir ach mar dhuine fosta”.

Dúirt sé gur breá leis dul ag taisteal, ach leis an gcoróinvíreas bhí sé gafa i Nua Eabhrac le tamall anois. Ach, mar a luaigh sé féin, beidh Nua Eabhrac i gcónaí bríomhar, fiú le linn paindéime! Tá sé fós ag obair, agus is breá leis na deiseanna atá ar fáil i gcathair cosúil le Nua Eabhrac. Faraor, “ní thuigeann na Meiriceánaigh searbhas ar chor ar bith”! Airíonn sé uaidh a chlann agus a chairde anseo, cosúil le gach uile dhuine atá thar sáile faoi láthair, is dócha.

Cheap mé nach mbeidh mórán deiseanna aige an Ghaeilge a labhairt thall i Nua Eabhrac, ach bhí mé mícheart! Toisc go bhfuil gach rud ar líne anois, tá sé in ann freastal ar ranganna le Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire Dé Máirt agus déanann sé ióga dátheangach le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain i mBéal Feirste chomh maith. Tá Craobh Conradh na Gaeilge ann i mBrooklyn agus in Albany. Tá cairde aige thall ann agus ní labhraím siad ach as Gaeilge. Tá sé iontach le cloisteáil go bhfuil an pobal Gaelach chomh láidir sin.

Mar dhuine atá chomh cruthaitheach, is é an rud is fearr leis faoin nGaeilge ná go bhfuil an pobal é féin cruthaitheach freisin. “I mo thuairim féin, is í an teanga an rud is speisialta faoi Éirinn.” Chomh maith leis sin, tá go leor agallamh déanta aige le mí anuas.

Má tá tú ag iarraidh Seosamh a sheiceáil amach, is féidir leat éisteacht lena agallaimh ar RTÉ RnaG, BBC Raidió Uladh nó Raidió RíRá. Má tá tú ag iarraidh é a fheiceáil ag obair mar mhainicín, is féidir leat dul chuig a Instagram, @josephjonesnyc.

SIN Staff
+ posts
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Match Report: University of Galway Maree continue winning ways with victory over Moycullen
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Flirt FM Galway Events Guide
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Flirt FM Galway Events Guide
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Shannon Airport and Ireland West Airport crowned winners of Age Friendly Transport Award

Related

Filed Under: Features Tagged With: Gaeilge, RTÉ RnaG, Seosamh Mac Seoin

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...