Le Eimear Nig Oireachtaigh
Chuaigh mé i dteagmháil le Doireann Ní Ghlacáin toisc go bhfaca mé ar TG4 í. Chuir sí an Gradam Ceoil i láthair i 2020. Ach ónár lean mé uirthí ar na meáin shóisialta, fuair mé amach go leor rudaí eile fúithi. Mar shampla, is gariníon í de Seán Ó Riada, agus tá PhD sa bhéaloideas á dhéanamh aici le hOÉ Gaillimh faoi láthair. Chomh maith leis sin, is ceoltóir agus amhránaí ar an sean-nós í! Bhí mé lán de cheisteanna nuair a chuir mé glao uirthi. Cé go mbím neirbhíseach ar an bhfón go hiondúil, chuir Doireann ar mo shuaimhneas mé láithreach. Bhí sí chomh hoscailte, gnaíúil, agus cainteach nach raibh aon rogha agam ach a bheith ag gáire agus ag comhrá léi.
Nuair a chuir mé ceist uirthi faoi na rudaí go léir atá á dhéanamh aici faoi láthair, bhí sí an-mhacánta – “Ní duine mé go mbím ag suí ar mo thóin!” Thosaigh sí ag obair mar láithreoir teilifíse cultúrtha le TG4 timpeall ar thrí bhliain ó shin, agus tá go leor athruithe feicthe aici ó shin. Le bliain anuas ach go háirithe, mothaíonn sí go bhfuil “fiche duine ag déanamh fiche rud éagsúil le meán na Gaeilge” gach uair a théann sí ar Twitter nó Instagram. Agus tá sé sin iontach le feiceáil, ach is é sin an fhadhb is mó atá aici leis sin ná go “mothaíonn tú an t-am go léir nach bhfuil tú ag déanamh a dhóthain”. Tá an brú sin i gcónaí ann go bhfuil ort gach rud a “pasteáil ar fud na meáin shóisialta”, agus caithfidh mé a rá go mothaím an brú ceannann céanna, cosúil le go leor daoine óga (fiú i lár paindéime!).
Tá sí soiléir go dtagann a suim sa chultúr óna clann. D’fhás sí aníos le ceol traidisiúnta sa teach, agus d’fhás a suim sa bhéaloideas as sin. Cé go bhfuair a seanathair, Seán Ó Riada, bás i 1971, tá aithne ar gach duine in Éirinn air fós. Seinneadh a amhrán ‘Ag Críost an Síol’ ag an Aifreann inar fhreastail Joe Biden air, ar an maidin inar insealbhaigh é. Ní raibh a máthair ach seacht mbliana d’aois nuair a fuair a seanathair bás, agus fuair a seanmháthair bás nuair a bhí a máthair trí bliana déag d’aois. Ach tá meon an-dearfach aici faoi sin – “dá bharr gur bhásaigh Seán chomh hóg, is dócha gur chruthaigh sé caidreamh an-láidir idir na páistí a bhí aige, agus de réir sin, na garpháistí go léir agus deirimise i gcónaí gurb é an oidhreacht is fearr gur fhág sé (domsa ar aon chuma) ná go bhfuilimid chomh mór lena chéile, mar chlann.”
Bhí mé in éad uirthi, gur fhás sí aníos le Gaeilge mar chuid den ghnáthlá sa bhaile. Ach bhí scéal difriúil aici. Tógadh i mBaile Átha Cliath í, agus bhí sí ag iarraidh a bheith mar chuid den slua ina Gaelscoil agus Gaelcholáiste, cosúil le gach páiste agus déagóir ar dhomhain! Chuir sí blas Bhaile Átha Cliath Theas uirthi féin sa scoil, agus labhair sí go nádúrtha i mblas Chúil Aodha sa bhaile. Is é an fhadhb leis sin ná nach féidir le haon duine na dhá dhomhain sin a scaradh go deo. Tháinig an scéal amach nuair a bhí a mam ag tabhairt síob dona cairde lá amháin, agus chuala sí a hiníon ag labhairt cosúil le Baile Átha Cliathach. Ar ndóigh, bhí mearbhall iomlán ar a máthair, ach lean Doireann ar aghaidh.
Ach anois, agus í níos sine, tá a meon athraithe. Tá a fhios againn go léir nuair a fhreastalaíonn tú ar an ollscoil éiríonn tú níos féinmhuiníní, agus ní raibh sé sin difriúil do Doireann. Bhuail sí le cara scoile ag an Oireachtas cúpla bliain ó shin, agus bhí sí lán sásta labhairt ina blas nádúrtha. Is cuid mhór í an Ghaeilge ina saol, agus ina chlann tá “ár gcaidreamh go léir bunaithe timpeall ar chultúr agus teanga na Ghaelainne”. Agus nuair a chuir mé an cheist uirthi faoin rud is fearr léi faoi dhomhain na Gaeilge, bhí a freagra fréamhaithe ina clann freisin. Is é an rud is fearr le Doireann faoin nGaeilge ná go mbíonn sí “socair ann, agus bím ar mo sháimhín só nuair is trí Ghaeilge atá an comhrá”.
Má tá tú ag iarraidh na rudaí atá déanta ag Doireann a sheiceáil amach, níl ort ach dul go dtí Seinnteoir TG4. Molaim ach go háirithe ‘Ceol ó na Cliffs’. Craoladh é thar an Nollaig, agus tá ceol iontach ann.