• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Mol na Meáin: Mícheál D. Ó hUigínn

October 27, 2020 By SIN Staff

 

Image credit – The Labour Party, Flickr

Le Eímear Nig Oireachtaigh 

Sa cholún seo, pléann Eímear Nig Oireachtaigh daoine a bhfuil beart déanta acu sna meáin maidir leis an nGaeilge. San éagran seo, labhair sí le Micheál D. Ó hUigínn! 

Táim cinnte go bhfuil aithne agaibh go léir ar an bhfear seo! Tá stair fhada aige leis an nGaeilge agus i saol na polaitíochta, a thosaigh amach anseo in Ollscoil na hÉireann Gaillimh le hAontas na Mac Léinn in 1964. D’oibrigh sé le Páirtí an Lucht Oibre ansin ar feadh na mblianta, agus anois, ar ndóigh, is ár n-uachtarán é le naoi mbliana, agus beidh sé le cúig bhliain eile. Ar ndóigh, Michael D. Ó hUigínn atá ann!  

Creid é nó ná creid, bhí deis agam cúpla ceist a chuir air don cholún seo.  

Ar an gcéad dul síos, cén bhaint atá aige leis an nGaeilge? Bhuel, tá Gaeilge líofa aige. Bhí sé mar chuid den fhoireann a thosaigh Teilifís na Gaeilge (TG4 anois) i rith a thréimse mar Aire do na hEalaíona. Dar leis féin, bhí sé mar “uachtaránacht bháúil” don teanga, agus “do thuairimí neamhráite” i rith a shaol gairmiúil. Má tá sibh ag iarraidh aon fhianaise de sin, níl ort ach breathnú ar aon óráid atá tugtha aige i nGaeilge. Is léir go bhfuil sé paiseanta faoin teanga, agus an cultúr a thagann leis.  Thaispeáin sé an paisean sin, nuair a chuir sé fáilte roimh dhaoine tae a bheith acu leis i rith Seachtain na Gaeilge i 2019.  

Maidir le spreagadh an teanga, i mo thuairim, tá sé sin déanta aige leis an gcaoi ina nglacann sé léi mar Uachtarán. Ní úsáideann sé í díreach amháin chun óráid a thosú, ach déanann sé óráidí go léir trí mheán na Gaeilge. Tá sé soiléir dom go dtuigeann sé an ról lárnach atá ag an nGaeilge nuair a thagann sé chuig ár ndomhain pholaitiúil. Nuair a fheiceann daoine go dtógann an tUachtarán an Ghaeilge dháiríre, tógann siadsan í dáiríre freisin. Spreagann sé daoine cúpla focal a úsáid, fiú mura bhfuil ach cúpla focal acu.  

Leis sin go léir ráite, agus an méid atá déanta aige do phobal na Gaeilge, céard é an rud is fearr leis faoin nGaeilge? Ní féidir leat an méid atá déanta aige a dhéanamh gan chúis mhaith. Ar ndóigh, bhí freagair iontach aige dom: “Nuair a labhraímid Gaeilge táimid ag déanamh cumarsáid le chéile, dar ndóigh, ach ar shlí eile táimid i dteagmháil lenár sinsear agus na glúnta ar fad a chaith a saol ar an oileán seo romhainn, thar na mílte bliain, trí mheán na Gaeilge.” 

Agus nach sin an fhírinne. Ceapaim féin go dtaispeánann sé sin an chaoi ina n-oibríonn Mícheál D. go foirfe. Is duine praiticiúil é, ach bíonn sé i gcónaí ag smaoineamh ar an oileán ina iomláine, an stair atá againn agus an tábhacht a bhaineann le cultúr na tíre.  

Má tá tú ag iarraidh é a chloisteáil ag labhairt as Gaeilge, níl ort ach é sin a bhreathnú suas. Ach, má tá moladh faoi leith uait, molaim go mór an óráid ghlactha a thug sé nuair a bhuaigh sé a chéad toghcháin chun a bheith ina Uachtarán. Ní hamháin go bhfuil a Ghaeilge iontach álainn, ach tá sé chomh spreagúil! Tugann sé buíochas dúinn, muintir na hÉireann, as éisteacht leis ar feadh na mblianta. Níl a fhios agam fúibh, ach tá mé réidh le héisteacht leis ar feadh cúig bhliain eile.  

SIN Staff
+ posts
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Géarghá le cainteoirí Gaeilge in earnáil na méain: Poist le fáil gan aon taithí.
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Dhá thionscnamh seolta le haghaidh an Ghaeilge labhartha a spreagadh sa gcathair.
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Match Report: University of Galway Maree continue winning ways with victory over Moycullen
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Flirt FM Galway Events Guide

Related

Filed Under: Features

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...