Le Conor Brummell
Dia daoibh, a chairde! Is mise Conor Brummell agus faoi láthair táim sa 3ú bliain den Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Táim ag déanamh staidéir ar an Iriseoireacht le Gaeilge agus Stair, agus is cuid den chúrsa liom go ndéanfaidh mé socrúchán oibre. Mar gheall ar sin, táim amuigh ar an gCeathrú Rua ag an Acadamh na hOllscolaíochta Gaillimh chun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge agus beidh mé in IRadio tar éis na Nollag. Tá sé ar intinn agam léargas a thabhairt isteach ar an saol atá againn anseo, agus na rudaí atá ar siúl againn. Is é an Seimeastar Gaeltachta an t-ainm a tugtar ar an tréimshe ina bhfuil muid anseo, agus is é an chéad uair riamh a chuir Roinn na Gaeilge an bhliain seo ar siúl do mhic léinn na Gaeilge. Is é seo anois seachtain 5, agus bhí go leor rudaí le déanamh againn go dtí seo. Gan a huile moille, inseoidh mé gach rud daoibh!
An fhírinne a dhéanamh, bíonn muid an-ghnóthach gach seachtain. Cuireann an tAcadamh a lán imeachtaí ar siúl dúinn, agus téimid ar turais gach Máirt. Le na seachtaine beaga anuas, chuamar go hInis Mór, TG4, Raidió na Gaeltachta, stiúideo Ros na Rún agus Europus, comhlacht aistriúcháin atá ar an gCeathrú Rua. Chomh maith leis sin, bhíodh ranganna cocaireachta againn gach Deardaoin, ranganna damsha Sean Nós agus damsha líne. Táimid ag baint an-taitneamh as gach uile rud atá curtha ar fáil dúinn agus ag baint triail as rudaí nua freisin!
An rud is fearr faoin Seimeastar Gaeltachta ná na daoine atá anseo. Nuair a bhí mé sa chéad bhliain agus dara bliain, ní raibh aithne agam ar leath de na daoine a raibh ar an gcúrsa liom. Anois, toisc go mbíonn muid ag déanamh gach rud le chéile, rinne mé cairdeas le beagnach gach duine. Is rud iontach go mothaíonn muid cosúil le teaghlach dá chéile tar éis cúpla seachtain. Déarfainn féin go gcabhróidh sé linn nuair a théann muid ar fad ar ais sa bhliain dheireanach agus an strus mór ag titim thart timpeall orainn.
Gan amhras, is tréimshe iontach é seo a thugann deis dúinn Gaeilgearacht a dhéanamh gan bhuairt. Ní raibh costas ard ar an gcúrsa chomh maith, rud a thugann sos dúinn óna cíosanna airde costasacha a bhíonn sna cathracha móra timpeall na tíre. Nílimid faoi bhrú uafásach anseo agus cé go bhfuil aistí agus sannta againn, is féidir linn díriú isteach ar an nGaeilge toisc nach bhfuil ábhar eile le déanamh againn i mbliana. Mar gheall ar sin, táim fíorbhuíoch agus thar a bheith sásta chun a bheith anseo ar an gCeathrú Rua!