• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Ceisteanna agus freagraí le Adhna Nic Dhonnchadha

March 14, 2019 By SIN Staff

Tá Oifigeach na Gaeilge freagrach as cur I bhfeidhm pholasaí dhá theangachas Chomhaltas na Mac Léinn, agus I gcur chun cinn an chultúir Ghaelaigh san Ollscoil. Cuireann Adhna áiseanna tacaíochta ar fail do Choiste Gnóthaí Chomhaltas na Mac Léinn chun seo a bhaint amach.  

Cad é an chuid is tairbhí de obair an Oifigigh Ghaeilge? 

A bheith in ann an Ghaeilge a spreagadh agus a bheith ag obair le daoine atá ag iarraidh é seo a dhéanamh chomh maith. Go pearsanta, thug sé muinín dom ó thaobh óráidíochta poiblí. Chomh maith leis sin, tá sé go hálainn a bheith ag obair leis an gCumann. 

Cad é an chuid is goilliúnaí de obair an Oifigigh Ghaeilge? 

Ba bhreá liom dá mbeadh níos mó ama agam. Bíonn mé ag taisteal chuile lá le freastal ar an Ollscoil agus bíonn sé deacair am a dhéanamh le haghaidh chuile rud. 

Cad é an t-imeacht is tairbhí a shocraigh tú? 

Is breá liom ‘Focal an Lae’. Déanann mé iarracht focal amháin nó téarma amháin a chur amach ar na meáin shóisialta chuile lá ach bíonn sé deacair leis an gclár ama atá agam. Tá mé ag iarraidh níos mó Ghaeilge ar na meáin shóisialta! 

Cad é an t-imeacht is mó a bhfuil bród ort as? 

Bhí an oiread bróid orm tar éis Gaeilge24. Bhí an Cumann Gaelach agus cúpla duine ó Chomhaltas na Mac Léinn páirteach. Bhí bord le cístí, tae, agus caife socraithe ag an gCumann Gaelach. Bhí siad seo saor in aisce don té a labhair Gaeilge linn. Ba lá iontach a bhí ann le comhluadar iontach!  

Chomh maith leis sin, bhí mé fíor-bhródúil labhairt ar son an Chomhaltais ag seoladh an Scéim Teanga nua atá ag OÉ Gaillimh. 

An bhfuil aon rud ann a ndéanfá ar bhealach eile é dá bhféadfá tosú as an nua? 

A bheith ar an gcampas níos minice agus plean níos fearr a bheith agam le haghaidh ‘Focal an Lae’. Tá mise i mo chónaí sa mbaile agus tá mo chlár ama uafásach, mar sin sílím go mbeadh sé níos éasca dá mbeadh liosta téarmaí déanta agam. Leis an liosta téarmaí, bheadh daoine eile in ann ‘Focal an Lae’ a rith nuair nach mbeadh mise in ann é a dhéanamh. 

Cad é an grád nó an marc a thabharfá duit féin mar Oifigeach Gaeilge? 

5/10 

Cén saghas comhairle a thabharfá don chéad Oifigeach Gaeilge eile? 

Tá go leor daoine ann atá sásta cúnamh a thabhairt dhuit. Beidh mé thart má bhíonn cúnamh uait. Is ról iontach é agus tá cairde iontacha déanta agam mar gheall ar an ról seo.  

Cad é an rud is mó a rinne tú chun úsáid na Gaeilge a spreagadh ar an gcampas? 

Le cúnamh Dé, beidh Pop Up Gaeltacht againn go luath. Beidh deis againn an Ghaeilge a spreagadh níos mó le linn Sheachtain na Gaeilge. Is breá liom a bheith ag obair leis an gCumann Gaelach agus tugann na hócáidí seo an deis dom é seo a dhéanamh!! 

Cad eile a d’fhéadfaí a dhéanamh chun úsáid na Gaeilge a spreagadh ar an gcampas? 

Níos mó imeachtaí a rith trí Ghaeilge. Dá mbeadh muid in ann Pop Up a rith go míosúil agus níos mó béime a chur ar na himeachtaí atá ar siúl nó na ranganna Gaeilge a bhíodh ag an gComhaltas a thabhairt ar ais.  

SIN Staff
+ posts
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Match Report: University of Galway Maree continue winning ways with victory over Moycullen
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Flirt FM Galway Events Guide
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Flirt FM Galway Events Guide
  • SIN Staff
    https://sin.ie/author/sin-admin-2/
    Shannon Airport and Ireland West Airport crowned winners of Age Friendly Transport Award

Related

Filed Under: Campus, What's the SU up to? Tagged With: Adhna Nic Dhonnchadha, NUI Galway Students' Union, NUIG SU, Oifigeach na Gaeilge

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...