Tar éis do Pharlaimint na Breataine vóta a thabhairt ar son socruithe nua a dhéanamh leis an Eoraip maidir leis an teorainn in Éirinn, tá an freagra le cloisteáil sa mBruiséil: “Dheamhan athrú atá tagtha ar an scéal.”
Chuir príomh-aire na Breataine, Theresa May, glaoch ar Uachtarán Chomhairle an Aontais, Donald Tusk, Dé Céadaoin ag iarraidh air dul i mbun idirbheartaíochta arís chun teacht ar shocrú nua maidir leis an teorainn in Éirinn.
I vóta a tugadh i bParlaimint na Breataine inné, bhí 317 ar son agus 301 in aghaidh socruithe nua a dhéanamh agus an “cúlstop” a bhaint den chomhaontú. Tugadh le fios go mbeadh tromlach ar fáil don rialtas i leith chomhaontais nua gan chúlstop a choinneodh Tuaisceart Éireann in ionannas leis an Aontas Eorpach, rud nach raibh ar fáil dó i leith an chomhaontais a chuir Theresa May chun vótála níos túisce i mí Eanáir.
Tá an Ríocht Aontaithe in ainm is a bheith ag imeacht den Aontas Eorpach ag 23:00 GMT ar an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta den bhliain seo. Mura nglactar le comhaontas i bParlaimint an Ríocht Aontaithe agus i bParlaimint gach uile bhaill den Aontas Eorpach, tá an baol ann go n-imeoidh an Bhreatain as an Aontas gan aon réiteach maidir le cúrsaí imirce, eitilte, cumarsáide, iompair, agus eile, baol a thugtar “imeacht gan socrú” air.
Tar éis toradh an vóta sa Pharlaimint a dheimhniú, thug May an plean nua le fios. “Séard atá i gceist agam” arsa sise, “ná athrú suntasach a bheadh ina cheangal de réir dlí.”
“Beidh orainn súil a chaitheamh ar an gcomhaontas tarraingthe amach arís, rud a bhfuil sé ar eolas agam nach bhfuil mórán dúile ag ár bpáirtithe Eorpacha chuige,” arsa sise.
Dúirt urlabhraí dá cuid: “Tá bealach ar aghaidh os ar gcomhair más rud é go n-éireoidh linn athruithe a bhaint amach maidir leis an gcúlstop.”
Bhí Theresa May gnóthach agus í ag cur glaoigh ar pholaiteoirí áirithe chun iarracht a dhéanamh an tAontas Eorpach a thabhairt chun an bhoird idirbheartaíochta arís. Ach tá dealramh ar an scéal nár éirigh léi an port a athrú.
“Is cuid den socrú tarraingthe amach é an cúlstop, agus níl aon dul siar ar an socrú tarraingthe amach,” arsa urlabhraí de chuid Uachtarán Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Donald Tusk, Dé Máirt.
Fuair an Taoiseach Leo Varadkar glaoch ón Uasal May freisin, agus dúirt sé go raibh an scéal is déanaí “ag cur leis an ngá le cúlstop a bheadh daingean de réir dlí agus praiticiúil le cur i bhfeidhm.”
“Ní féidir aon athrú a dhéanamh ar an gcúlstop,” arsa Héilin Nic an tSaoi, Aire na hEorpa de chuid rialtas na hÉireann.
“Seasann muidne le hÉireann,” arsa Guy Verhofstadt, urlabhraí i gcúrsaí Breatimeachta de chuid Pharlaimint na hEorpa. “Níl aon tromlach ar fáil chun an comhaontas tarraingthe amach a athoscailt nó a mhaolú” arsa seisean.
Agus na comharthaí ar an scéal go bhfuil an Bhreatain ag dul i dtreo imeacht gan socrú, tá polaiteoirí áirithe faoi amhras.
Tháinig Jeremy Corbyn, ceannaire an fhreasúra i bParlaimint na Breataine, agus an príomh-aire Theresa May le chéile maidin Chéadaoin chun an Bhreatimeacht a phlé. Dúirt Corbyn go raibh an cruinniú “dáiríre” agus go raibh May “ag éisteacht”. Ach fós féin “Is é an rud deireanach a dúirt mé léi gan imeacht gan socrú a phlé sa Pharlaimint arís” arsa Corbyn, “toisc é a bheith do-ghlactha – níl sé ciallmhar ná dáiríre mar bhealach ar aghaidh” arsa seisean.
Scríobh May ar Twitter, “Is é an t-aon bhealach chun imeacht gan socrú a sheachaint vóta a thabhairt ar son socruithe.”
Deir daoine áirithe go bhfuil contúirt ag baint le cur chuige May. Agus í ag iarraidh freastal ar na baill dá páirtí féin atá ar son imeacht níos uileghabhálaí, is féidir go bhfuil na deighiltí atá ann i sochaí Bhreatain an lae inniu á dtreisiú aici agus trioblóid á tuar aici don Pháirtí Coimeádach féin.
“Má tharlaíonn rudaí uafásacha” arsa tachta Pharlaimint na Breataine Oliver Letwin maidir le himeacht gan socrú, “ní mhaithfear go ceann i bhfad é” arsa seisean, ag tagairt don Pháirtí Coimeádach.
Dúirt Simon Coveney go mbeadh “breithiúnas na staire dian” i leith an té a ligeadh do “theoranta agus deighiltí an ama atá thart” a theacht ar ais.
“Tá rudaí ann atá níos tábhachtaí ná na caidrimh eacnamaíochta agus seo sampla díobh siúd,” arsa seisean.
Thug an Cómhanach le fios go raibh seasamh na Breataine ar nós, “tabhair dhomh an rud atá uaim nó cuirfead mé féin an fhuinneog amach.”
Dúirt Nigel Dodds, ceannaire an DUP i Londain, go raibh an méid a dúirt an Cómhanach “místuama ar fad agus thar a bheith contúirteach.”
Ar deireadh thiar thall, bíodh is nach bhfuil an tAontas Eorpach sásta athruithe a chur i bhfeidhm ar an gcomhaontas tarraingthe amach (atá 585 leathanach ar fad), tugadh le fios go bhfuil polaiteoirí de chuid an Aontais Eorpaigh sásta athruithe a dhéanamh ar an dearbhú maidir leis an gceangal a bheas idir an tAontas agus an Bhreatain sa todhchaí. Ach ní cáipéis í sin atá ina ceangal de réir dlí, rud a ndúirt May go raibh sí á iarraidh.
Tá luach an phuint tar éis titim i margaí Mheiriceá i bhfianaise eagla gur imeacht gan socrú atá i ndán don Ríocht Aontaithe anois.