Bail ó Dhia oraibh, a lucht léite dhílis, agus athbhliain faoi mhaise daoibh!
Shílfeá nach raibh aon rud eile ar siúl san Eoraip, agus an oiread sin le cloisteáil faoin mBreatimeacht ar na mallaibh. Ach cé gur mór an tábhacht atá leis an ngnó polaitíochta sin, tá an ghrian fós ag éirí agus ag luí agus an saol ag leanúint mar a bhí sa chuid eile den domhan.
Cuirimis i gcás an tSeirbia. Bhí lá mór acu Déardaoin seo caite (an 17ú lá de mhí Eanáir) agus uachtarán iomráiteach na Rúise, an tUasal Vladímír Pútín, ag tabhairt cuairte ar an tír. Toisc an mhéid daoine a bhí amuigh ar na sráideanna chun fáilte a chur roimhe agus chun bratacha beaga na Rúise agus na Seirbia a chroitheadh, bhí Béalgrád ar fad plódaithe agus as feidhm don lá.
Tar éis don Phúitíneach aifreann a éisteacht in Eaglais Naomh Sava, an teampall is mó sa tír atá tiomnaithe do phatrún na Seirbia, bhí cruinniú beirte aige le hUachtarán na Seirbia, an tUasal Aleksandar Vučić. Thug sé óráid ansin, ag díriú ar an dlúthcheangal cultúir idir an dá thír, ar infheistíochtaí de chuid na Rúise i mbonneagar fuinnimh na Balcáine, agus ar neamhdhlisteanacht na Cosaive.
“Is feasach dúinn go bhfuil an tAontas Eorpach ag feidhmiú mar eadránaí agus roinnt deacrachtaí á réiteach, ach ar an drochuair is beag rud atá curtha i ngníomh go fóill” arsa seisean maidir le ról an AE mar eadránaí idir an tSeirbia agus an Chosaiv. Thionscain bualadh mór bos ansin.
Ach éistigí soicind; nach bhfuil an tSeirbia i mbun an phróisis bhallraíochta chun teacht isteach san AE? Agus nach é an riachtanas is suntasaí chun é sin a bhaint amach normalú an chaidrimh thaidhleoireachta idir an tSeirbia agus an Chosaiv? Cén fáth, mar sin, a bhfuil an tír i ngrá leis an bPúitíneach anois?
Thosaigh an tSeirbia ar an mbealach chun ballraíochta san AE sa bhliain 2005 agus tá 16 caibidil taidhleoireachta ar oscailt idir an tSeirbia agus an tAE faoi láthair. Tá 2 chaibidil dúnta (sásúil don AE mar atá anois). I suirbhé, dúirt 55% de dhaoine sa tSeirbia go mbeadh siad ar son ballraíochta dá socrófaí reifreann anois, agus 21% ina choinne.
Ach fós féin, samhlaítear an Rúis sa tSeirbia mar chomhpháirtí tábhachtach don tír. D’ainmnigh 57% de dhaoine sa tSeirbia Vladímír Pútín mar an ceannaire polaitiúla is iontaofa ar domhan.
Bhí 24% den tuairim gurbh é an tAE is mó a raibh infheistíocht á déanamh aige sa tSeirbia, agus 21% gurbh í an Rúis í, bíodh is nach tír de na deich dtír is mó atá ag infheistiú sa tSeirbia í an Rúis in aon chor.
Meastar gurb í an tSeirbia an cara daingean déanach atá ag an Rúis i mBalcáin an lae inniu. Ach meastar freisin go bhfuil an tSeirbia ar an dara hiarrthóir is mó chun tosaigh chun ballraíocht san AE a bhaint amach. An leanfaidh an tSeirbia ar aghaidh ag imirt Thaidhg an dá thaobh go deo?
Mar is eol dúinn ón seanfhocal Gaelach, ní thig leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal.