Bail ó Dhia oraibh, a lucht léite dhílis.
Nach bhfuil muid go léir ag súil go mór leis na Toghcháin Eorpacha (toghchán Fheisirí Pharlaimint na hEorpa) atá socruithe don 23 – 26 Bealtaine 2019? Tá neart comhrá faoi le cloisteáil go fóill—go háirithe scéalta chailleach an uafáis maidir le teacht i dtreise na bpáirtithe náisiúnaíocha Eoraiscepteacha agus drochthionchar na Breatimeachta ar, bhuel, ar gach uile rud faoin spéir.
Ach cé acu de na hiarrthóirí ar uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh a dtabharfaimid ár vóta dó/di? An bhfuil cáilíochtaí agus beathfhaisnéisí na hiarrthóirí ar fad ar eolas againn?
Ní féidir na ceisteanna seo a fhreagairt go dáiríre. Ní bheidh ainm aon duine de na hiarrthóirí ar phost Jean-Claude Juncker le feiceáil ar na ballóidí an bhliain seo chugainn. Is minic a cháintear Coláiste Toghcháin SAM mar bhealach neamhdhaonlathach le huachtarán a roghnú, ach i gcás an AE tá córas níos indírí fós ann—an córas Spitzenkandidat.
Ceapadh an córas Spitzenkandidat sa bhliain 2014 roimh an toghchán a bhfuair muid Jean-Claude Juncker mar uachtarán an CÉ mar thoradh air. Sa chóras seo, déanann páirtithe polaitiúla Pharlaimint na hEorpa fiosruithe agus idirbheartaíochtaí polaitiúla inmheánacha chun teacht ar Spitzenkandidat (Germáinis ar ‘phríomhiarrthóir’) dá gcuid féin. Cibé páirtí ar leis an bua sa toghchán feisirí, glactar leis go dtoghfar mar uachtarán a Spitzenkandidat.
Roimh 2014, ní raibh aon chóras foirmeálta ann chun uachtarán a thoghadh. Théadh ceannairí an Pharlaimint i gcomhairle a chéile i seomraí dubha dorcha dúnta agus thagaidís amach agus duine roghnaithe acu ar éireodh leis faomhadh an tromlaigh chuí a bhaint amach.
Sa lá atá inniu ann, deirtear go bhfuil an córas Spitzenkandidat níos fearr agus níos daonlathaí mar go roghnaítear an t-uachtarán mar fhreagairt ar thoil an phobail a léiríodh sa toghchán feisirí. Ach le bheith fírinneach is córas níos neamhdhaonlathaí atá ann, toisc nach bhfuil ach páirtí amháin páirteach, agus an rogha á dhéanamh acu roimh an toghchán fiú.
Sa seanchóras rúnda, ar a laghad bhí na páirtithe go léir páirteach sa chomhrá. Bhí comhaontaithe agus comhbhabhtálacha polaitiúla ann a ligeadh go raibh uachtarán as ballstát mór ann tréimhse amháin agus uachtarán as ballstát beag tréimhse eile, uachtarán as páirtí den eite chlé tréimhse amháin agus uachtarán as páirtí den eite dheas tréimhse eile. Cothromaíocht de shaghas éigin, cé nár ag toghthóirí an uile AE a socraíodh í.
Cloiseann muid go rialta caint ó pholaiteoirí eorpacha ar chóras nua a cheapadh agus a chur i bhfeidhm. Ach níl aon chomhartha ann go bhfuil céim ar bith sa treo sin á baint amach. Tá tús curtha le hiomaíocht pholaitiúil inmheánach na bpáirtithe móra chun Spitzenkandidatanna a roghnú, agus glactar leis anois go bhfuil táimhe chóras an Spitzenkandidat róláidir le ceistiú nó le hathrú.
I mbeagán focal, ná cuirimid amú ár gcuid ama ag cur aithne ar na hiarrthóirí. Tá gach seans go bhfuil an chéad uachtarán eile ar an gCE roghnaithe cheana ag an EPP (an páirtí a bhfuil Fine Gael na hÉireann ann) in Helsinki an tseachtain seo caite.