• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
    • Campus News
    • Local News
    • National News
    • World News
  • Features
    • Culture
    • Society Spotlight
    • Student Diary
    • Student Speak
  • Opinion
    • Environment
    • Society
    • Student Voice
    • Technology
  • Arts
    • Comedy
    • Gaming
    • Literature
    • Movies
    • Music
    • Photography
    • Theatre
    • TV
  • Creative Corner
    • Art
    • Creative Writing
    • Excerpts
    • Film
    • Games
    • Poetry
    • Short Stories
    • Television
  • Business & Tech
    • Business
    • Environment
    • Finance
    • Science
    • Technology
  • Lifestyle
    • Beauty
    • Fashion
    • Fitness
    • Health
    • Recipes
    • Well-being
  • Gaeilge
    • Nuacht
    • Gné-Ailt
    • Tuairimíocht
  • Sports
    • Campus Sport
    • Local Sport
    • International Sport
    • National Sport
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Oireachtas na Samhna ar ais i gCill Airne

October 30, 2026 By Áine Ní Shíocháin
Filed Under: Arts, Featured, Gaeilge, Nuacht

Is é Oireachtas na Samhna mórfhéile na nGael. Beidh sé ar siúl i mbliana i gCill Airne, Contae Chiarraí idir an 28 Deireadh Fómhair agus an 1 Samhain. Seo cur síos ag Áine Ní Shíocháin ar a taithí féin ar an Oireachtas.

An slua ag baint taitneamh as Pólca4 ag Club na Féile, Oireachtas 2023. Pictiúr: Seán Ó Mainnín, Tuairisc.ie.

Bhí fiche bliain slánaithe agam faoin am ar baisteadh i mo Ghael mé nuair a thaistil mé go Cill Airne d’Oireachtas na Samhna den chéad uair.

Mar is iondúil, bhí póit lofa ar gach duine ar an mbus ó Oíche Shamhna, rud nach bhféadfaí a leigheas fiú le tuairim is céad rolla bricfeasta a ceannaíodh ag Centra Áth Dara. Is Corcaíoch mé féin ach ní raibh mé riamh chomh sásta a bheith i gCiarraí agus a bhí nuair a leaindeálamar ar deireadh thiar thall ag an mbrú.

In ainneoin go raibh mé tar éis íoc as an deireadh seachtaine, ní raibh barúil dá laghad agam cad a bhí le teacht. Bhí mé tar éis neart ceisteanna a chur ar dhaoine a d’fhreastail ar an Oireachtas an bhliain roimh ré, agus an méid eolais a bhí mé in ann a bhailiú ná: “Seans go mbeadh seit againn.” Mo fhreagra: “Go breá, beidh mé ann!”

Fiú is an mála ina gcoinním mo bhróga rince, ba mhaith ann é. Níor luaigh éinne liom roimh ré go mbeadh bleaist rudaí saor in aisce ar fáil i ngach cúinne den óstán. A Thiarna déan trócaire, ní raibh mé dhá shlat taobh istigh de dhoras an Gleneagle agus bhí dhá shuaitheantas, trí pheann, agus greamán nua don ríomhaire agam. Bailiúchán breá, a shíl mé ag an am. Anois, agus taithí ana-mhaith faighte agam ar an Oireachtas – ní raibh mé ann ach faoi dhó fós, ach nach taithí mhaith é sin? – tuigim nach aon údar sceitimíní iad a leithéidí. I mbliana, tá sé ar intinn agam súile lucht bronnta na bpeann a sheachaint go hiomlán. Bailíonn brobh beart, agus nílim cinnte an bhfuil níos mó ná trí pheann ó Fhoras na Gaeilge de dhíth ar aon duine.

B’aistí liom ná an t-ualach greamán a laghad Béarla a bhí le cloisint. Níor fhreastail mé riamh roimhe sin ar fhéile cheoil ná féile rince chomh mór leis an Oireachtas, áit a mbíonn gach sórt taibhealaíne san áireamh. Déarfainn fiú gurbh é an chéad turas sin go dtí an tOireachtas an chéad uair agam a bheith i gceantar Galltachta gan focal Béarla a chloisint. Bhí mé ag breathnú ar na páistí óga ag rith amach ó chóisir Cúla4 agus iad ag labhairt i nGaeilge amháin lena dtuistí.

Chas mé le bean sa charrchlós a bhí ag freastal ar an bhféile le daichead bliain anuas. Bhuail mé leis na tionchairí Gaeilge ar fad ó TikTok. Agus Gaeilge amháin a bhí á labhairt acu go léir.

Bhí mé tar éis dul i dtaithí ar an atmaisféar cruógach faoi thráthnóna Sathairn. Níor dhún mé Teanglann fiú nuair a bhí mo ghuthán beagnach marbh! D’éist mé le hamhrán nó dhó ag comórtas Chorn Uí Riada sular mhothaigh mé lag leis an teas agus leis an easpa bídh san amharclann. Ní bheadh agam ach uair an chloig chun mo dhinnéar a ithe, siúl chuig an mbrú, mé féin a réiteach don oíche, agus a bheith thar n-ais aríst ag an Gleneagle. Ag an am céanna bhí mé ag iarraidh lucht Bloc TG4 a sheachaint (bhíodar i ngreim eireabaill ionam, micreafón agus ceist náireach éigint acu). Ach bhí mé meáite ar an tasc dodhéanta seo a chur i gcrích roimh Berghain na nGael: Pólca 4 ag Club na Féile.

Níl aon searmanas baiste is fearr ná an tOireachtas. Ach ná bac le mála gualainne do do bhróga rince agus tú ag dul ann, nó líonfar le dramhaíl saor in aisce é.

An banna ceoil Pólca4, a bhíonn ag seinm ag Club na Féile ag an Oireachtas. Pictiúr: Bandcamp.

Áine Ní Shíocháin
+ postsBio

    Related

    Reader Interactions

    Primary Sidebar

    Archives

    • Facebook
    • Instagram

    Copyright © 2026 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

    Loading Comments...