• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
    • Campus News
    • Local News
    • National News
    • World News
  • Features
    • Culture
    • Society Spotlight
    • Student Diary
    • Student Speak
  • Opinion
    • Environment
    • Society
    • Student Voice
    • Technology
  • Arts
    • Comedy
    • Gaming
    • Literature
    • Movies
    • Music
    • Photography
    • Theatre
    • TV
  • Creative Corner
    • Art
    • Creative Writing
    • Excerpts
    • Film
    • Games
    • Poetry
    • Short Stories
    • Television
  • Business & Tech
    • Business
    • Environment
    • Finance
    • Science
    • Technology
  • Lifestyle
    • Beauty
    • Fashion
    • Fitness
    • Health
    • Recipes
    • Well-being
  • Gaeilge
    • Nuacht
    • Gné-Ailt
    • Tuairimíocht
  • Sports
    • Campus Sport
    • Local Sport
    • International Sport
    • National Sport
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Agóidí Bhóthar Gharbhachaidh – lasair i mbarrach an Tuaiscirt

October 29, 2026 By Caitriona Neilan and Leo Oisíneach Mac an tSaoir
Filed Under: Gaeilge, Nuacht

Cuntas Chaitríona Neilan, iriseoir le SIN, faoin am ar Bhóthar Gharbhachaidh le linn na n-agóidí. Arna aistriú go Gaeilge ag Leo Oisíneach Mac an tSaoir.

Pictiúr: Wikimedia Commons.

Feicim muintir Bhóthar Gharbhachaidh cruinnithe le chéile ar an mbóthar arís agus iad uillinn ar uillinn lena chéile. Tá sluaite bailithe anseo le laethanta anuas chun an tOrd Oráisteach a chosc ar dhul síos an bóthar seo nár shiúladar le beagnach tríocha bliain. Tá muintir an bhóthair ar a n-airdeall, arae ní fios go fóill cén toradh a bheas ar an aighneas. Ach céard faoi an t-aighneas céanna, agus cén fáth a bhfuil an chontúirt ann go gcuirfeadh sé lasair i mbarrach an Tuaiscirt?

Tá faoi bhaill den Ord Oráisteach máirseáil síos an bóthar den chéad uair le beagnach tríocha bliain. Náisiúnaithe iad formhór mhuintir Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha. Cuid den fhoréigean ba mheasa a tharla le linn na dTrioblóidí, d’eascair sé as an máirseáil a dhéantaí ar Bhóthar Gharbhachaidh anuas go dtí 1998, agus bhí an baol ann go gcuirfeadh sé deireadh leis an bpróiseas síochána san am sin. Tá cosc ar an Ord Oráisteach a dhul síos Bóthar Gharbhachaidh ó síníodh Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998 – nó bhí, go dtí anois. 

Thug Coimisiún na bParáidí cead leis an bparáid a reáchtáil arís i mbliana. 

Cuireadh teorainn cúig dhuine is tríocha le líon na bhFear Buí a cheadófaí sa bparáid, agus níor tugadh cead aon uirlisí ceoil a bheith acu. Chuir áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh in aghaidh an chinnidh seo agus thug breitheamh de chuid na hArd-Chúirte ordú a chuir cosc ar an bparáid. Ina ainneoin sin, nuair a rinne an tOrd Oráisteach achomharc ag an nóiméad deiridh, ceadaíodh an mháirseáil arís.

Agus an cinneadh á fhógairt ag an gCúirt Achomhairc, dúradar, ós comhlacht poiblí é Coimisiún na bParáidí a bhfuil meas ag dul dó, “nach gcuirfear ar ceal a chuid cinntí go fánach”. Dar leo gur tháinig an Coimisiún ar “chinneadh réasúnach”, go bhfuarthas “fianaise ó na foinsí ábhartha” agus go ndearnadh machnamh ar “na príomhcheisteanna”.

Ní mó ná sásta a bhí áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh leis an gcinneadh sin. Tháinig slua le chéile maidin Dé Domhnaigh, an 27 Meán Fómhair, chun bac a chur roimh an máirseáil. Dá thoradh sin, cé gur iomaí uair a thug an tOrd Oráisteach faoi thús a chur leis an bparáid, chuir na póilíní stop leo chuile bhabhta. Dúirt an PSNI gurbh é an baol go spreagfaí achrann foréigneach an chúis nárbh fhéidir lucht na paráide a ligean ar aghaidh i láthair na huaire.

Bhí Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O’Neill, agus baill eile de Shinn Féin amuigh ag seasamh an fhóid le háitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh. Chuir polaiteoirí Aontachtacha i leith an Chéad-Aire agus i leith daoine eile gur bhriseadar an dlí trí pháirt a ghlacadh in agóid neamhúdaraithe. Dúirt an DUP agus páirtithe Aontachtacha eile go bhfuil amhras orthu nár cheart do Michelle O’Neill fanacht in oifig tar éis di freastal ar an agóid. Thug na trí pháirtí Aontachtach rún mímhuiníne i láthair in éadan an Chéad-Aire, ach níor ritheadh an rún nuair a vótáladh air ar an 12 Deireadh Fómhair. 

Ní hannamh a chonacthas achrainn fhoréigneacha ar Bhóthar Gharbhachaidh i ndeireadh na naochaidí. Is ann a rinneadh cuid den troid sheicteach ab fhuiltí dár tharla le linn na dTrioblóidí. 

Rinne an RUC cinneadh in 1995 an pharáid a chur ar mhalairt treo, taobh amuigh den cheantar náisiúnach, in ainneoin agóidí ina éadan sin. Scliúchais idir lucht agóide agus na póilíní a bhí mar thoradh air sin agus na háitritheoirí ag iarraidh an bóthar a bhlocáil. Tugadh cead do roinnt Oráisteach a dhul síos an bóthar i ndeireadh na dála, de ghrá an réitigh mar dhea. Is amhlaidh a bhí an scéal, mórán, in 1996 agus 1997.

In 1998 a tharla ceann de na heachtraí ab fhoréigní. Maraíodh na deartháireacha Richard, Mark agus Jason Quinn nuair a loisceadh a dteach i mBaile Monaidh, Co. Aontroma. Tharla an t-ionsaí seo agus an t-aighneas faoi Bhóthar Gharbhachaidh i mbarr a réime. Is mar gheall ar bhás an triúir sin a cuireadh mórshiúl an Oird Oráistigh síos Bóthar Gharbhachaidh ar mhalairt treo le hocht mbliana fichead anuas. 

Chuir Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, Chris Bryant, cosc ar an bparáid ó shin. Luaigh sé ceisteanna faoi shábháilteacht agus leas an phobail leis an gcinneadh sin. D’fháiltigh Sinn Féin roimh an mbeart seo agus cháin páirtithe Aontachtacha go láidir é. Tá na páirtithe Aontachtacha tar éis a chur in iúl, freisin, nach bhfuil muinín acu sa PSNI. 

Anois, tá cás curtha isteach ag Breandán Mac Cionnaith as Comhghuaillíocht Áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh chuig Ard-Chúirt Bhéal Feirste, cás a fhéachann leis an máirseáil a chur ar ceal faoi dheireadh is faoi dheoidh. Tar éis don chúirt éisteacht le beagnach ceithre uair an chloig de phlé, chuireadar a mbreithiúnas ar athló. Níl a fhios cén dáta a dhéanfar an cinneadh. [Uasdátú – tá sé fógartha ag an Ard-Chúirt go raibh cead de réir dlí ag Chris Bryant cosc a chur ar an bparáid.]

Caitriona Neilan
+ postsBio
  • Caitriona Neilan
    https://sin.ie/author/caitriona-neilan/
    Garvaghy Road protests – what happened, and how did it stoke the embers in the North’s past
  • Caitriona Neilan
    https://sin.ie/author/caitriona-neilan/
    Influencers at the US Open: Are online antics tarnishing the image and etiquette of the Grand Slam?
  • Caitriona Neilan
    https://sin.ie/author/caitriona-neilan/
    “Ireland for the Irish”: Have we forgotten our struggle as immigrants?
Leo Oisíneach Mac an tSaoir
+ postsBio

Tá Leo Oisíneach Mac an tSaoir ina eagarthóir Gaeilge le SIN don bhliain 2026/2027. Tá sé sa dara bliain is tá sé ag déanamh staidéir ar an nGaeilge is ar Léann an Aistriúcháin. Ta sé ar choiste an Chumainn Ghaelaigh freisin. Is as Baile Liam in oirthuaisceart Chontae na Gaillimhe é.

  • Leo Oisíneach Mac an tSaoir
    https://sin.ie/author/leo-oisineach-mac-an-tsaoir/
    Ghlaoigh Ollscoil na Gaillimhe ar na Gardaí agus agóid shíochánta ar bun.
  • Leo Oisíneach Mac an tSaoir
    https://sin.ie/author/leo-oisineach-mac-an-tsaoir/
    ‘Where are you from yourself?’ – placenames of Gaillimh/Galway
  • Leo Oisíneach Mac an tSaoir
    https://sin.ie/author/leo-oisineach-mac-an-tsaoir/
    ‘Cé as thú?’ – Logainmneacha na Gaillimhe
  • Leo Oisíneach Mac an tSaoir
    https://sin.ie/author/leo-oisineach-mac-an-tsaoir/
    Imní ar lucht bainte feamainne go bhfuil comhlacht idirnáisiúnta ag iarraidh a theacht i dtír ar an tslí bheatha atá acu

Related

Reader Interactions

Primary Sidebar

Archives

  • Facebook
  • Instagram

Copyright © 2026 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

Loading Comments...