
Cantaireacht ar siúl ag an slua faoi stiúir Oisín Uí Cheallaigh. (Pictiúr: Jake Galvin/SIN.)
Reáchtáladh picéad ag príomhgheata Ollscoil na Gaillimhe óna seacht a chlog maidin Déardaoin, an 22 Deireadh Fómhair, mar agóid in aghaidh nasc na hollscoile le Coca-Cola, comhlacht atá páirteach i gcoireanna Iosrael. Agóid lánsíochánta a bhí ann, ach chuir an Ollscoil fios ar an nGarda Síochána le déileáil le naonúr mac léinn a bhí ina suí taobh amuigh d’oifig Uachtarán na hOllscoile go luath an tráthnóna sin.
Foilsíodh alt ar an suíomh seo níos túisce an mhí seo a mhínigh cén fáth gur scannal é conradh a bheith ag an Ollscoil le Coca-Cola, ach seo é bun agus barr an scéil. Tá cearta eisiacha ag Coca-Cola le deochanna a dhíol in Ollscoil na Gaillimhe. Tá monarcha ag brainse Iosrael de Coca-Cola in Atarot, lonnaíocht mhídhleathach de chuid Iosrael ar thalamh na Palaistíne. Dá bhrí sin, nuair a cheannaíonn tú deoch aon áit ar an gcampas, tá do chuid airgid ag tacú leis an gcinedhíothú atá Iosrael a dhéanamh ar na Palaistínigh.
Comhaltas na Mac Léinn agus an Cumann Dlúthpháirtíochta leis an bPalaistín a d’eagraigh an agóid, agus cuireadh tús leis ag 7 r.n. D’éirigh leo an bealach isteach a bhlocáil ag príomhgheata na hollscoile in aice leis an gCearnóg.

An picéad. (Pictiúr: SIN/Emma Blighe.)
Bhí baill den Chumann Gaelach agus den Chumann Rince Seit i láthair ann, mar is dual do na Gaeil. Reáchtáil an Cumann Gaelach Pop-Up Gaeltacht ar an láthair óna 11 r.n., damhsaíodh rince seit, agus seinneadh go leor amhráin Ghaeilge ar challaire. Bhí breathnóirí dlí ag faire ar a raibh ag tarlú ach ní raibh aon teannas ann agus léirigh go leor daoine a bhí ag dul thar bráid ar Bhóthar na hOllscoile tacaíocht don agóid.
Labhair Seán de Búrca, Cathal Ó hÉigeartaigh, Leo Oisíneach Mac an tSaoir, Roseanne Ní Cheallaigh agus Oisín Ó Ceallaigh leis an slua agus chuir Oisín cantaireacht ar siúl: ‘Free, free Palestine’, ‘Saoirse don Phalaistín’, ‘Tá muid dearg, dearg le fearg’ agus eile. Bhí sé suntasach gur i nGaeilge a bhí níos mó ná leath de na hóráidí a rinneadh.
Thug naonúr mac léinn litir chuig Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh David Burn, ag a 1 i.n. Ceathrar oifigeach de chuid Chomhaltas na Mac Léinn, ceathrar ó Choiste an Chumainn Dlúthpháirtíochta leis an bPalaistín, agus duine ó Ionad na hÉireann do Chearta an Duine a bhí ann. Is iad na héilimh a bhí, agus atá, acu:
- Go gcuirfear deireadh leis an gconradh le Coca-Cola
- Go mbeidh ionadaithe ag na mic léinn ar aon bhord a bheas ag lorg comhlacht deochanna eile dá dtabharfar cearta eisiacha
- Go gcloífear le dualgais maidir le cearta an duine mar atá leagtha amach ag an nGluaiseacht BDS, nuair a bheifear ag lorg tairiscintí ó chomhlachtaí deochanna eile.
Dhiúltaigh an tOllamh Burn geallúint a thabhairt i scríbhinn go ndéanfaí de réir na n-éileamh seo, agus nuair a shuigh an naonúr taobh amuigh dá oifig mar agóid, ghlaoigh an Ollscoil ar na Gardaí. Bhagair na Gardaí orthu go gcuirfí an dlí orthu, nó go dtarraingeofaí amach as an bhfoirgneamh iad. Chuaigh an naonúr ar ais go dtí an picéad ag an ngeata. Dúradh i ráiteas ó Chomhaltas na Mac Léinn go bhfuil siad tiomanta fós do na héilimh thuas a bhaint amach.
Ó shin i leith, tá ráflaí bréige tar éis a dhul timpeall ag rá gur gabhadh mic léinn, nó gur tarraingíodh amach iad go fisiciúil. Ní hin é a tharla ach mar sin féin níl aon séanadh gur bagraíodh lámh láidir ar an naonúr siúd le brú a chur orthu imeacht ón áit a raibh siad i mbun agóid shíochánta.
Léirigh na Gaeil, agus mic léinn eile de chuid na hollscoile, go dtuigeann muid an tábhacht a bhaineann le saoirse agus le cothrom na Féinne. Níl amhras ach go leanfar ar aghaidh á léiriú sin go dtí go dtugann Ollscoil na Gaillimhe aird orthu.

Leo Oisíneach Mac an tSaoir, Oifigeach Feachtasaíochta an Chumainn Ghaelaigh, agus Cathal Ó hÉigeartaigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge le Comhaltas na Mac Léinn, ag an agóid. (Pictiúr: Aoibheann Nic Fhearghusa.)
Tá Leo Oisíneach Mac an tSaoir ina eagarthóir Gaeilge le SIN don bhliain 2026/2027. Tá sé sa dara bliain is tá sé ag déanamh staidéir ar an nGaeilge is ar Léann an Aistriúcháin. Ta sé ar choiste an Chumainn Ghaelaigh freisin. Is as Baile Liam in oirthuaisceart Chontae na Gaillimhe é.
