• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
    • Campus News
    • Local News
    • National News
    • World News
  • Features
    • Culture
    • Society Spotlight
    • Student Diary
    • Student Speak
  • Opinion
    • Environment
    • Society
    • Student Voice
    • Technology
  • Arts
    • Comedy
    • Gaming
    • Literature
    • Movies
    • Music
    • Photography
    • Theatre
    • TV
  • Creative Corner
    • Art
    • Creative Writing
    • Excerpts
    • Film
    • Games
    • Poetry
    • Short Stories
    • Television
  • Business & Tech
    • Business
    • Environment
    • Finance
    • Science
    • Technology
  • Lifestyle
    • Beauty
    • Fashion
    • Fitness
    • Health
    • Recipes
    • Well-being
  • Gaeilge
    • Nuacht
    • Gné-Ailt
    • Tuairimíocht
  • Sports
    • Campus Sport
    • Local Sport
    • International Sport
    • National Sport
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

‘Cé as thú?’ – Logainmneacha na Gaillimhe

October 19, 2026 By Leo Oisíneach Mac an tSaoir
Filed Under: Culture, Editor's Recommendation, Featured, Gné-Ailt

Leagan daite de léarscáil de Ghaillimh ón 17ú haois. Pictiúr ó: surnamecrest.com

[This article is available in English here]

Chaithfeadh sé gur beag duine atá ina gcónaí sa gcathair seo, dá laghad an méid Gaeilge atá acu, nach eol dóibh an t-ainm ‘Gaillimh’. Is minic leas á bhaint as i manaí éagsúla, leithéidí ‘Gaillimh Ogbu’ ag an bpolaiteoir Helen Ogbu agus imeachtaí ‘Gaillimh Ah-boo’ a reáchtálfar thart ar Oíche Shamhna i mbliana.

Is fiú aird a thabhairt ar fhuaimniú an ainm ‘Gaillimh’. Cé go múintear go coitianta i scoileanna ar fud na tíre gur le fuaim ‘v’ a chríochnaíonn sé, ní hin é a bhíonn le cloisteáil i gcanúintí an iarthair. Fuaim mar ‘Gaille’ a bhíonn ag cainteoirí dúchais sa taobh seo tíre go hiondúil, agus ‘Gaillí’ thuas i nDúiche Sheoigheach.

Ach céard is brí leis?

Tá scéal ann ó na meánaoiseanna ina ndeirtear gurb é an chaoi a bhfuair Cathair na Gaillimhe a hainm gur bádh banfhlaith darbh ainm Gaillimh san abhainn anseo. Ar an drochuair dhóibh siúd a dtaitníonn scéalta tragóideacha leo, tá saineolaithe an lae inniu den tuairim gur sanasaíocht bhréige – i bhfocla eile, míniú nach bhfuil aon bhunús leis – atá sa scéal sin. Ní fíor ach an oiread go bhfuil baint ag an ainm leis na Gaill, arae cé go ndearna na hAngla-Normannaigh an-fhorbairt ar an mbaile mór, bhí an t-ainm in úsáid sula dtángadar siúd go Connachta ariamh.

Is éard a ghlactar leis anois gur “abhainn a bhfuil clocha inti” is brí le Gaillimh, ach gur imigh an focal sin as an ngnáthchaint in imeacht na mblianta.

Is léir mar sin gur ‘Abhainn na Gaillimhe’ ba cheart a thabhairt ar an abhainn a shreabhann tríd an gcathair, agus ní ‘Abhainn na Coiribe’. Lucht an Bhéarla a bhaist the River Corrib uirthi, mar gheall ar an loch as a dtagann sí. Cé gur Loch Coirib atá inniu air, is Loch nOirbsean a bhí air na céadta bliain ó shin – ainm duine más fíor. Sin é an fáth a bhfuil foirgneamh ar an gcampas darb ainm Áras Oirbsean. D’imigh an t-urú agus an siolla deiridh, agus ceapadh gur bhain an ‘ch’ i ndeireadh ‘loch’ le tús an chéad fhocail eile. Is ar an gcaoi sin a díorthaíodh ‘Loch Coirib’ as ‘Loch nOirbsean’.

Céard faoin gCaisleán Nua, an ceantar a bhfuil an Ollscoil suite ann? Is cosúil gur ar an gcampas a bhí an caisleán seo suite. Ceaptar gur tógadh é go gairid i ndiaidh Chaisleán Thír Oileáin (na fothracha móra cloiche trasna na habhann in aice le Droichead na gCúig Chéad), le linn an 16ú haois, agus gur ar an ábhar sin a baisteadh an Caisleán Nua air. Tar éis na táibhle (sin iad na fiacla a bhíonn ar bharr na mballaí ar chaisleán!) a bhaint dhe, tugadh ‘teach’ seachas ‘caisleán’ air. Bhí an foirgneamh fós ann go dtí gur leag an Ollscoil é sna 1970idí le spás a dhéanamh don fhoirgneamh a bhfuil Smokey’s agus Banc na hÉireann anois ann.

Tá cuid de na háiteacha a phléitear san alt le feiceáil ar an mapa. Pictiúr: Amharcóir Mhapa GeoHive.

Trasna na habhann ón gcampas, bheadh mearbhall ar an mBéarlóir bocht ag iarraidh oibriú amach cé hé Terry a thug a ainm, mar dhea, do Terryland. Ar ndóigh is Tír Oileáin atá ar an áit ó cheart. Ní oileán ceart é ach ba gheall le ceann é fadó, agus é sáite idir Abhainn na Gaillimhe, Abhainn Thír Oileáin (tréig-abhainn a imíonn ó Abhainn na Gaillimhe agus atá anois i bhfolach i measc crainnte, agus ar athraíodh a cúrsa sa 19ú haois), agus riasca fliucha Mhionlaigh.

Céard faoi fhód dúchais an Uachtaráin, Catherine Connolly? Seantalamh atá air, agus é suite ar an taobh thiar ó dheas den champas. Is éard a scríobh an staraí Tom Kenny nach féidir a rá tuige a gceapfaí go raibh an talamh ansin níos sine ná an talamh in aon áit eile, ach go mb’fhéidir go raibh go leor dhó fágtha gan saothrú tráth. Tá a fhios, áfach, go bhfuil carraig mhór aolchloiche i Seantalamh ar sheas Dónall Ó Conaill uirthi agus é ag labhairt le slua in 1843. Ba nós le gasúir na háite an charraig chéanna a úsáid mar shleamhnán, agus is uaithi a fuair an pub The Sliding Rock a ainm.

Coinneoidh muid orainn síos go Bóthar na Trá. Le fás na turasóireachta a cumadh an t-ainm Salthill sa mBéarla. Tá athbhrandáil déanta arís air le roinnt blianta anuas agus an t-ainm ‘The Village’ in úsáid ag lucht margaíochta. Ach nach deise agus nach cruinne go mór an cur síos ‘Bóthar na Trá’?

Soir linn ó na tránna go dtí an Cladach. Stráice den chósta nach trá ná aill é a bhíonn i gceist le cladach agus sin é go díreach atá le feiceáil sa gceantar seo. Tithe beaga traidisiúnta a bhí ann go dtí na 1930idí, agus bhí (agus tá) an-ghrá ag na daoine don fharraige. Deirtear go mbíodh ríthe tofa i gceannas ar an gCladach, agus tá an teideal fós in úsáid ag fear darb ainm Mike Lynskey. Déanta na fírinne, is ‘aimiréal’ (ar farraige) agus ‘méara’ (ar talamh) a thugtaí fadó ar an duine a bhí sa ról.

Deirtear go hiondúil gurb é an Póirse Caoch an Ghaeilge atá air an Spanish Arch ach is caoch atá an té nach bhfeiceann go bhfuil dhá áirse (nó dhá phóirse) ann. Is é an ceann Spáinneach an ceann ar féidir siúl tríd, agus is é an ceann caoch an ceann atá blocáilte.

An Póirse Caoch – AGUS an Póirse Spáinneach ar chlé uaidh! Pictiúr ó: Jodi ar Wikimedia Commons

Trasna Loch an tSáile linn go dtí an Rinn Mhór. Is dhá ainm breá iad seo. Ní baileach go n-aontódh lucht an Bhéarla gur lake é Loch an tSáile ó tharla gur cuid den fharraige é, ach ciallaíonn ‘loch’ géag den mhuir freisin sa nGaeilge. Go deimhin is léir ón bhfocal ‘sáile’ gur cuid den fharraige é. Maidir leis an Rinn Mhór, ciallaíonn ‘rinn’ pointe nó ceann tíre, mar atá ann sna Déise chomh maith.

Tá an scéal beagán beag níos casta le Ballybane agus Mervue. Is é Mervue an Fhraincis ar ‘radharc na mara’, agus is é ‘Radharc na Mara’ an leagan Gaeilge atá le feiceáil ar go leor comharthaí sa gceantar. Dar le logainm.ie, áfach, is é ‘An Baile Bán’ ba cheart a thabhairt ar Mervue. Déarfadh daoine eile gur áit ar leith é Mervue, cé go bhfuil siad in aice a chéile. Pé scéal é tá an ceantar sin písín maith ón bhfarraige.

Bíonn mearbhall ar dhaoine thoir i nDabhach Uisce chomh maith. Cé gurb é Doughiska an litriú a úsáidtear i mBéarla, is minic a deirtear é ar bhealach an-chosúil leis na focla Gaeilge ‘deoch uisce’ (sin nó ‘jew uisce’). Go deimhin tá scéal béaloidis ann gur cumadh an t-ainm nuair a thug seanlánúin a raibh teach ósta acu san áit, nuair a thugadar deoch uisce in ionad deoch mheisciúil do shaighdiúirí Chromail (nó nuair nár thugadar tada dhóibh nuair a bhí deoch uisce ag teastáil uathu) mar nár thuigeadar teangacha a chéile. Deir dream eile gur ‘Dubhuisce’ atá i gceist. Dar leis na saineolaithe, áfach, gur sanasaíocht bhréige eile é seo, agus gur dabhach (tobán mór, tobar nó poll) atá i gceist.

Níl pléite agam anseo thuas ach rogha bheag de logainmneacha na cathrach agus na mbruachbhailte. An té atá ag cuartú eolais ar thuilleadh acu, tá teacht air sin ar logainm.ie.

Is togra de chuid Chonradh na Gaeilge é AthGhaelú, arb é an aidhm atá leis go n-úsáidfidh daoine na leaganacha Gaeilge amháin de logainmneacha na tíre, seachas leaganacha Galldaithe. Pictiúr: Conradh na Gaeilge

Leo Oisíneach Mac an tSaoir
+ postsBio

Tá Leo Oisíneach Mac an tSaoir ina eagarthóir Gaeilge le SIN don bhliain 2026/2027. Tá sé sa dara bliain is tá sé ag déanamh staidéir ar an nGaeilge is ar Léann an Aistriúcháin. Ta sé ar choiste an Chumainn Ghaelaigh freisin. Is as Baile Liam in oirthuaisceart Chontae na Gaillimhe é.

  • Leo Oisíneach Mac an tSaoir
    https://sin.ie/author/leo-oisineach-mac-an-tsaoir/
    Agóidí Bhóthar Gharbhachaidh – lasair i mbarrach an Tuaiscirt
  • Leo Oisíneach Mac an tSaoir
    https://sin.ie/author/leo-oisineach-mac-an-tsaoir/
    Ghlaoigh Ollscoil na Gaillimhe ar na Gardaí agus agóid shíochánta ar bun.
  • Leo Oisíneach Mac an tSaoir
    https://sin.ie/author/leo-oisineach-mac-an-tsaoir/
    ‘Where are you from yourself?’ – placenames of Gaillimh/Galway
  • Leo Oisíneach Mac an tSaoir
    https://sin.ie/author/leo-oisineach-mac-an-tsaoir/
    Imní ar lucht bainte feamainne go bhfuil comhlacht idirnáisiúnta ag iarraidh a theacht i dtír ar an tslí bheatha atá acu

Related

Reader Interactions

Primary Sidebar

Archives

  • Facebook
  • Instagram

Copyright © 2026 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

Loading Comments...