“Tabhair bata agus bóthar do Choca-Cola!” – Cathal Ó hÉigeartaigh, Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe.

Pictiúir: Anthony Wallace/AFP via Getty Images.
An Comhthéacs
Tá a fhios an cat ⁊ a máthair cé hiad Coca-Cola (CC), ach cad chuige a bhfuil muid ag caint fúthu? Cén bhaint atá ag comhlacht deochanna leis an Phalaistín, agus leis an chinedhíothú atá ar bun ansin?
Mar chomhlacht idirnáisiúnta, tá CC ag feidhmiú i ngach tír ar domhan, nach mór. An rud atá ríthábhachtach anseo ná go bhfuil Iosrael san áireamh ansin, fiú agus iad i mbun cinedheighilte agus cinedhíothaithe sa Phalaistín ó bhí 1948 ann. Shílfeá go mbeadh comhlacht cháiliúil ag iarraidh an íomha is deise a bheith acu agus gan baint dá laghad a bheith acu le stát den tsórt seo. Ach faraor, ní mar a shíltear a bhítear.
Fríd na blianta, a mhalairt atá i gceist ag CC. Idir fhoréigean i gcoinne ceannairí ceardchumainn i nGuatamala sna 80idí, an Cholóim go luath sna 00idí, agus an cás mar atá inniu sa Phalaistín, is íorónta gur dearg an príomhdhath atá in úsáid acu ina gcuid brandála agus poiblíochta de bharr an oiread fola atá doirte thar na blianta ina n-ainm.
Ach céard is Cearta Doirte ann?
Séard atá i gceist le cearta doirte ná an ceart eisiach le táirgí (mineral agus uisce sa chás seo) a dhíol in áit áirithe. Mar shampla, is minic gur ag comhlacht alcóil amháin a bhíonn cearta doirte i bpáirceanna móra spóirt, ar nós beoir Heineken i bPáirc Dexcom Rugbaí Chonnacht.
In Ollscoil na Gaillimhe, in 2016, síníodh conradh 10 mbliana go mbeadh an ceart eisiach ag CC táirgí dí a dhíol ar champas OnaG. Ciallaíonn sé seo, cuma mas ó inneall díolacháin, ón Bhialann, nó fiú ó na caiféanna/siopaí ar leis an Chomhaltas féin iad, níl an dara rogha ag mic léinn ach Coke, Monster, agus cinedheighilt ó shin.
Is maith uilig a bheith ag tracht ar fheallanna stairiúla CC ach cad chuige a bhfuil mic léinn OnaG feargach in 2026?
Is iad an Central Bottling Company, a dtugtar ‘CC Israel’ orthu go minic, an t-aon comhlacht a bhfuil sé de cheart acu táirgí CC a dhíol in Iosrael. Is leis an CBC monarcha in ‘Atarot’ in Oirthear Iarúsailéim. Is lonnaíocht é Atarot atá faoi fhorghabháil ag na hIosraelaigh ó bhí 1970 ann agus, mar a dheimhnigh Cúirt Idirnáisiúnta an Cheartais i mí Iúil 2024, tá lonnaíochtaí ar nós Atarot mídhleathach faoin dlí idirnáisiúnta.
Dar leis an Choiste Náisiúnta BDS, is ionann go bhfuil CC ag leanstan leo lena gcuid gnó in Iosrael i rith a gcuid cinedheighilte agus cinedhíothaithe agus ag cur leis an méid sin. Mar sin féin, agus CC ag íoc cánach sa tír, tá a gcos coinnithe ar bholg mhuintir na Palaistíne. Mura leor seo, is go mion minic a fheictear go bhfuil baint acu le saighdiúirí Fórsa ‘Cosanta’ Iosrael (is minice a thugtar Fórsa Forghabhála Iosrael orthu).
Le blianta beaga (agus móra) anuas táthar ag déanamh baghcat ar CC ar fud na cruinne. Ag deireadh na bliana 2024, thug an ghluaiseacht BDS tacaíocht oifigiúil don bhaghcat seo, agus ó tá nascanna Ollscoil na Gaillimhe le hIosrael faoi spotsolas cheana féin, ní nach ionadh go bhfuil aird á tabhairt ar chonradh CC.
Más fíor sin, cad is féidir a dhéanamh faoi?
In 2003, d’éirigh leis an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath CC a chur dá gCampas de dheasca a raibh ag titim amach sa gColóim ag an tráth sin. Bhí CC chomh buartha sin faoin drochphoiblíocht chéanna gur eitil toscaireacht go hÉirinn chun bualadh le hionadaithe do na mic léinn ann. Mar thoradh, níor díoladh táirgí CC ar a gCampas arís (i gcaiféanna/siopaí Aontas na Mac Léinn cibé) go ceann SCÓR blianta.
Tá cumhacht ag mic léinn. Ní gá glacadh leis an arracht de chomhlacht seo ar do champas. Cuir in iúl inniu más rud é go bhfuil do sháith agatsa den tacaíocht don chinedhíothú ar do champas.
*Tá buíochas ag gabháil do Ethical Consumer (1 Aibreán 2025) as cuid de na fíricí atá luaite thuas faoi Coca-Cola in Iosrael