
Feamainn bhuí á bhaint ag daoine áitiúla le díol le Arramara. Pictiúr: arramara.ie.
Is fada spite feamainne ag dó na geirbe do chomharsana ar chóstaí Chonamara, ach tá sé ina raic thiar ann faoi láthair agus comhlacht mór ag cur a ladair sa scéal.
Is é Arramara Teoranta an comhlacht atá i gceist. Ceannaíonn an comhlacht (a dtagann a ainm ó na focla ‘earra mara’) feamainn ó bhainteoirí áitiúla agus déantar í a thriomú is a mhuilleáil sa monarcha i gCill Chiaráin sula ndíoltar í ar fud an domhain. Tá imní anois ar lucht bainte na feamainne go mbainfear a slí bheatha dóibh, mar tá Arramara ag iarraidh Ceadúnais Úsáide Muirí a fháil ar stráicí móra de chladaí Chonamara.
Idir 2006 agus 2014, bhí Arramara faoi úinéireacht Údarás na Gaeltachta, ach díoladh ansin é le Acadian Seaplants Ltd, comhlacht idirnáisiúnta as Ceanada. De réir cáipéisí a chonaic iriseoir ón New York Times, roghnaíodh Acadian thar dhá chomhlacht eile, ar chomhlacht Éireannach ceann acu. €3 mhilliún a fuair an tÚdarás air, praghas a coinníodh faoi cheilt de réir clásail sa gcomhaontú díolacháin go dtí 2023 (bliain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe i dtosach, ach ní raibh an rúndacht ag cuidiú le cáil an Údaráis).
Ón uair a cheannaigh Acadian é, thosaigh Arramara ag cur iarratas isteach chuig an Rialtas ar chearta bainte feamainne i gceantair fhairsinge. Ní beag an imní a chuir sé seo ar dhaoine a bhíonn á baint.
D’iarr an comhlacht ceadúnais in 2014 le feamainn a bhaint ón gClár go Maigh Eo ach níor frítheadh iad. Bhí fonn ar Acadian infheistíocht mhór a dhéanamh le go bhféadfaí an fheamainn a leachtú i gConamara, seachas í a easpórtáil gan leachtú, ach chuir an príomhfheidhmeannach deireadh leis an bplean sin nuair ba léir nach bhfaighfí na ceadúnais siúd.
Bunaíodh an tÚdarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA) in 2023. Teastaíonn ceadúnas ó MARA le gníomhaíochtaí áirithe a chleachtadh i bhfarraigí agus ar chóstaí na hÉireann. Ceann de na gníomhaíochtaí sin is ea baint feamainne. Tá ar dhaoine atá ag baint feamainne in áit ar leith le blianta fada, nó a bhfuil a muintir á baint leis na glúnta, a gcearta traidisiúnta a chlárú le MARA roimh 2028. Táthar ag tuairisciú anois, áfach, go bhfuil go leor daoine nach bhfuil cláraithe fós. Seo mar a chaithfear do chearta a chruthú do MARA:
Beidh ar MARA dearbhú a fháil ón iarratasóir ina ndeirtear go ndearna siad cuardaigh ábhartha chun a chinneadh an bhfuil aon duine a bhfuil cearta príobháideacha bainte feamainne cláraithe nó neamhchláraithe acu sa limistéar is ábhar don iarratas, agus ina ndeirtear freisin go bhfuil an t-iarratasóir sásta nach bhfuil cearta príobháideacha bainte feamainne dá leithéid ag aon pháirtí eile sa limistéar sin.
Shílfeá ón méid sin nach bhféadfaí géilleadh go brách d’éilimh Arramara, ós cinnte go bhfuil cearta traidisiúnta ag sciar mór den phobal sa gceantar atá faoi chaibidil. Ach deir MARA freisin gur féidir ceadúnas a thabhairt do níos mó ná páirtí amháin i gcásanna áirithe.
Luaitear freisin sna freagraí ar cheisteanna coitianta ar shuíomh MARA gur féidir, nuair a thugtar ceadúnas do dhuine, srian a chur leis an méid a bhainfí nó leis an am a mbítear á baint. Fiú má choisceann sé seo ar Arramara gach dá bhfuil ag fás a sciobadh, is dóigh gur beag an sólás é do mhuintir na háite a bheith ag roinnt na hacmhainne a choinníonn an snáithe faoin bhfiacail ag go leor acu.
Scríobh MARA chuig Arramara i Lúnasa 2026 le cur in iúl dóibh go raibh iniúchadh fós le déanamh ar roinnt ceisteanna, go háirithe maidir leis an tionchar a d’fhéadfaí a imirt ar an timpeallacht dá ndeonófaí na ceadúnais a iarradh. Dúradh freisin sa litir go rabhthas ag súil go dtosófaí go luath in 2027 ar iarratais ar cheadúnais feamainne a phróiseáil – táthar ag tabhairt tús áite faoi láthair d’iarratais le hinfreastruchtúr criticiúil stáit a thógáil. Luadh chomh maith céanna go bhfuil obair ar bun ag an Rialtas le creat nua rialála feamainne a fhorbairt, i gcomhar le páirtithe leasmhara. Níl a fhios cén cor a chuirfí sa scéal dá dtiocfadh a leithéid ar an bhfód.

Tá na ceantair atá i gceist le feiceáil ar an mapa seo. Pictiúr: Amharcóir Mhapa GeoHive.
Cúig iarratas a chuir Arramara isteach i nDeireadh Fómhair 2025, agus níl cinneadh déanta ag MARA maidir leo fós. Seo iad na píosaí den chladach lena mbaineann na cúig iarratas.
- Cladaí Chuan Chasla fré chéile.
- Muiceanach idir dhá Sháile agus Cinn Mhara, Leitir Móir agus Garmna (seachas na cóstaí thoir), Inis Treabhair, an tOileán Iarthach, Inis Bearachain, agus oileáin bheaga in aice leo, agus stráicí den chladach i nDoire Iorrais agus Loch Con Aortha agus thiar san Aird Mhóir.
- Cóstaí thoir Leitir Móir agus Garmna agus roinnt oileán timpeall orthu
- Ón Aird Mhóir go dtí achar beag taobh thiar de Charna, Maínis agus cuid de na hoileáin eile máguaird san áireamh.
- An cósta ó Leitreach Ard go Dún Riacháin, cladaí Inis Ní agus Inis Leacan, agus píosaí den chladach idir na háiteacha sin uilig.
Chlúdódh sé sin bunáite na gcladaí ó Ros an Mhíl siar go Cloch na Rón.
Trí iarratas a chuir Arramara isteach go MARA i Meitheamh 2026 agus níl cinneadh déanta maidir leosan ach an oiread. Baineann siad sin le formhór an chósta ón Rinn Mhór timpeall cheann thoir Chuan na Gaillimhe go Cuan Bhaile Uí Bheacháin i mBoirinn, cé is moite de phíosaí de Chuan Órán Mór, Cuan Mhaolúin agus cúpla stráice beag eile.
Tá Leo Oisíneach Mac an tSaoir ina eagarthóir Gaeilge le SIN don bhliain 2026/2027. Tá sé sa dara bliain is tá sé ag déanamh staidéir ar an nGaeilge is ar Léann an Aistriúcháin. Ta sé ar choiste an Chumainn Ghaelaigh freisin. Is as Baile Liam in oirthuaisceart Chontae na Gaillimhe é.
