• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
    • Campus News
    • Local News
    • National News
    • World News
  • Features
    • Culture
    • Society Spotlight
    • Student Diary
    • Student Speak
  • Opinion
    • Environment
    • Society
    • Student Voice
    • Technology
  • Arts
    • Comedy
    • Gaming
    • Literature
    • Movies
    • Music
    • Photography
    • Theatre
    • TV
  • Creative Corner
    • Art
    • Creative Writing
    • Excerpts
    • Film
    • Games
    • Poetry
    • Short Stories
    • Television
  • Business & Tech
    • Business
    • Environment
    • Finance
    • Science
    • Technology
  • Lifestyle
    • Beauty
    • Fashion
    • Fitness
    • Health
    • Recipes
    • Well-being
  • Gaeilge
    • Nuacht
    • Gné-Ailt
    • Tuairimíocht
  • Sports
    • Campus Sport
    • Local Sport
    • International Sport
    • National Sport
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Áit san ollscoil ach gan áit le cónaí. Chodail slua macléinn amuigh ar an bhFaiche Mhór.

October 1, 2026 By Leo Oisíneach Mac an tSaoir and Eamon Chin
Filed Under: Gaeilge, Nuacht

Bunalt Béarla le Eamon Chin. Leagan Gaeilge aistrithe ag Leo Oisíneach Mac an tSaoir.

You can read this article in English here.

Baill de Chomhaltas na Mac Léinn i mbun agóide ar an bhFaiche Mhór. 1 Meán Fómhair 2026. Pictiúr ó: @welfare_cmlog [Instagram].

An chéad oíche de mhí Mheán Fómhair a bhí ann, agus bhí pubaill á gcur in airde ag mic léinn i gcroílár Chathair na Gaillimhe. Ní féile a bhí ann áfach ach foláireamh.

Bhí “Affordable Housing Now” agus “Housing is a Human Right” i measc na bhfógraí lámhscríofa a bhí le feiceáil taobh amuigh de na pubaill ar an bhFaiche Mhór. Ceist shimplí a bhí ar cheann eile a bhí curtha ina sheasamh ar an bhféar: “Food or Rent?”

Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe a d’eagraigh an oíche sna pubaill le haird a tharraingt ag tús na bliana acadúla nua ar an ngéarchéim lóistín atá ag dó na geirbe do mhic léinn sa gcathair le fada an lá.

Comharthaí agus pubaill lucht agóide agus iad ag fáil faoi réir le campáil ar an bhFaiche Mhór. 1 Meán Fómhair 2026. Pictiúr ó: @uniofgalwaysu [Instagram].

Ag Cearnóg na hOllscoile a chruinnigh na mic léinn le chéile níos luaithe sa tráthnóna sula ndeachadar ag máirseáil tríd an gcathair chomh fada leis an bhFaiche Mhór, ag iompar meirgí, bratacha agus plaicird ar a raibh scríofa “We’re Fed Up”, “Tithíocht Anois”, “We’re Broke & Burnt-Out” agus “Lóistín Do Chách”. Bhí an fhaiche breac le pubaill, málaí codlata agus pluideanna faoi thitim na hoíche.

Reáchtáladh an agóid le linn tréimhse ina raibh na mílte mac léinn ag réiteach le filleadh ar Ghaillimh don bhliain acadúil nua.

Is iondúil go dtugann tairiscint CAO faoiseamh dhóibh siúd a bhíonn tar éis an samhradh ar fad a chaitheamh ag déanamh imní. Bíonn na pointí acu. Bíonn an cúrsa acu. Bíonn a n-áit san ollscoil acu. An rud nach mbíonn ag cuid acu fós ná áit le cónaí ann.

Dúirt Uachtarán Aontas na Mac Léinn, Seán de Búrca, roimh an agóid go gcuirtear iallach ar mhic léinn comaitéireacht fhada a dhéanamh chuile lá, cíos míchothrom a íoc, codladh ar tholg a gcairde agus fanacht i mbrúnna mar gheall nach féidir leo lóistín a fháil i nGaillimh.

Is minic costas os cionn €750 in aghaidh na míosa a bheith ar sheomraí a ligtear amach ar cíos i nGaillimh, agus bíonn i bhfad níos mó le n-íoc ag mic léinn a mbíonn orthu fanacht i lóistín sealadach. Ní dhéanfaidh lóistín sealadach cúis ar feadh i bhfad do mhic léinn idirnáisiúnta nach mbíonn in ann filleadh abhaile chuig a muintir.

Ní fearr an rogha ag mic léinn as an tír seo: cíos uafásach ard a íoc, uaireanta an chloig a chaitheamh ag taisteal isteach is amach gach lá, fanacht i seomra i dteach duine áitiúil nó i dteach carad – nó athmhachnamh a dhéanamh ar staidéar a dhéanamh i nGaillimh.

Fós féin, tá cóiríocht nua do mhic léinn á tógáil i nGaillimh. Tá Plás Shráid na Banríona, foirgneamh nua ocht stór i lár na cathrach, le 345 leaba a chur ar fáil do mhic léinn i mí Mheán Fómhair. I measc na n-áiseanna ann tá seomraí staidéir, halla aclaíochta, seomra pictiúrlainne agus spásanna le suí taobh amuigh ar an díon.

Cheapfá gurb in é go díreach a theastaíonn i gcathair ina bhfuil ganntan lóistín do mhic léinn. Ach is é an costas atá ar na seomraí is saoire ná thart ar €295 in aghaidh na seachtaine. Fágann sé sin gur beagnach €1,200 a d’íocfá gach ceithre seachtaine, gan beatha, iompar, costais choláiste nó rud ar bith eile i saol an mhic léinn a chur san áireamh.

Lucht agóide ag socrú isteach le haghaidh oíche sna pubaill ar an bhFaiche Mhór. 1 Meán Fómhair 2026. Pictiúr ó: @eibhlinseoigthe [Instagram].

Ní hionann leapacha a bheith ann agus teacht a bheith ag mic léinn orthu, má tá na mic léinn sin ag streachailt cheana féin leis an gcostas maireachtála. Ní cathair gan seomraí codlata í Gaillimh. Is é an cheist atá ann cé mhéad de na seomraí codlata sin atá ar fáil do na daoine a chaithfeas a theacht chun cónaí anseo, agus ar phraghas inacmhainne.

Tá Aontas na Mac Léinn ag iarraidh go ndéanfar athchóiriú ar an Straitéis Náisiúnta um Chóiríocht do Mhic Léinn, go gcuirfear na rialacha a bhaineann le ligean gearrthéarmach i bhfeidhm i gceart, agus go mbeidh cosaintí níos fearr ann do mhic léinn a bhfuil seomra i dteach á ligean ar cíos leo.

Dúradh i ráiteas ó Ollscoil na Gaillimhe go dtuigeann an Ollscoil go maith gur dúshláin do mhic léinn iad an ghéarchéim lóistín agus an costas maireachtála.

Díríodh aird sa ráiteas ar an tSeirbhís Chomhairleach Lóistín atá ag an ollscoil, ar StudentPad agus ar iarrachtaí atá ar bun le húinéirí tí a spreagadh chun seomraí spáráilte a ligean ar cíos do mhic léinn.

Dúradh gur bhreá leis an Ollscoil go mbeadh níos mó cóiríochta ar fáil do mhic léinn i nGaillimh ar phraghas réasúnta agus ar chaighdeán maith.

Ach is mór idir seomra atá ar fáil agus seomra inacmhainne. Is beag an mhaith fógra faoi sheomra ar cíos do mhac léinn nach bhfuil in ann íoc as. Ní réiteach ar an bhfadhb é lóistín a thógáil do dhaoine nach bhfeileann an praghas dhóibh. Gheofá dídean na hoíche i mbrú, ach níl a fhios cá mbeifeá tar éis míosa.

Bhí cúis mhaith ann gurbh uafar an radharc í an agóid ar an bhFaiche Mhór.

Is iondúil go dtráchtar ar na figiúir a bhaineann leis an ngéarchéim lóistín: rátaí cíosa, líon leapacha, iarratais phleanála, soláthar agus éileamh. Ní figiúir a bhí ar an bhFaiche Mhór ach pubaill.

Ba cheart go mbeadh an duine atá ag teacht isteach sa gcéad bhliain ar bís go bhfuil tairiscint faighte acu agus go bhfuil saol aoibhinn an scoláire rompu amach. Ach tá ceist amháin ina scamall ar chuile rud eile ag cuid den dream a thagann go Gaillimh.

Cá mbeidh mé i mo chónaí?

Tugann tairiscint CAO áit san ollscoil dhuit. Ní chinntíonn sí seomra leapa i nGaillimh dhuit fós.

Lucht agóide cruinnithe le comharthaí agus pubaill agus iad ag máirseáil ó Ollscoil na Gaillimhe go dtí an Fhaiche Mhór le campáil ann. 1 Meán Fómhair 2026. Pictiúr ó: @uniofgalwaysu [Instagram].

Leo Oisíneach Mac an tSaoir
+ posts Bio

Tá Leo Oisíneach Mac an tSaoir ina eagarthóir Gaeilge le SIN don bhliain 2026/2027. Tá sé sa dara bliain is tá sé ag déanamh staidéir ar an nGaeilge is ar Léann an Aistriúcháin. Ta sé ar choiste an Chumainn Ghaelaigh freisin. Is as Baile Liam in oirthuaisceart Chontae na Gaillimhe é.

  • Leo Oisíneach Mac an tSaoir
    https://sin.ie/author/leo-oisineach-mac-an-tsaoir/
    Imní ar lucht bainte feamainne go bhfuil comhlacht idirnáisiúnta ag iarraidh a theacht i dtír ar an tslí bheatha atá acu
  • Leo Oisíneach Mac an tSaoir
    https://sin.ie/author/leo-oisineach-mac-an-tsaoir/
    Dearcaí ar an bPalaistín: muintir na hÉireann agus lucht na Gaeilge
Eamon Chin
Multimedia Reporter |  + posts Bio

Eamon Chin is the Deputy Social Media & Content Executive for SIN. He is a Journalism and Gaeilge student at the University of Galway. He is passionate about reporting on current affairs in student life, social issues, and local news affecting young people. Outside the newsroom, he enjoys music, creating digital content, and travelling.

  • Eamon Chin
    https://sin.ie/author/eamon-chin/
    Behind the screen: Meet the student filmmakers of The Big Spool 2026
  • Eamon Chin
    https://sin.ie/author/eamon-chin/
    A test of Irishness? The Gaeilge question in Ireland’s new citizenship rules.
  • Eamon Chin
    https://sin.ie/author/eamon-chin/
    An bhfuil Ollscoil na Gaillimhe dátheangach i ndáiríre?
  • Eamon Chin
    https://sin.ie/author/eamon-chin/
    Dolly Parton: ‘We speak the same language’ – her special connection with Ireland.

Related

Reader Interactions

Primary Sidebar

Archives

  • Facebook
  • Instagram

Copyright © 2026 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

Loading Comments...