• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
    • Campus News
    • Local News
    • National News
    • World News
  • Features
    • Culture
    • Society Spotlight
    • Student Diary
    • Student Speak
  • Opinion
    • Environment
    • Society
    • Student Voice
    • Technology
  • Arts
    • Comedy
    • Gaming
    • Literature
    • Movies
    • Music
    • Photography
    • Theatre
    • TV
  • Creative Corner
    • Art
    • Creative Writing
    • Excerpts
    • Film
    • Games
    • Poetry
    • Short Stories
    • Television
  • Business & Tech
    • Business
    • Environment
    • Finance
    • Science
    • Technology
  • Lifestyle
    • Beauty
    • Fashion
    • Fitness
    • Health
    • Recipes
    • Well-being
  • Gaeilge
    • Nuacht
    • Gné-Ailt
    • Tuairimíocht
  • Sports
    • Campus Sport
    • Local Sport
    • International Sport
    • National Sport
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Machnamh ar an Turas Rothaíochta ar son na Palaistíne

September 25, 2026 By Oisín Ó Ceallaigh
Filed Under: Campus News, Culture, Features, Gaeilge, Nuacht

Is féidir an t-alt seo a léamh i mBéarla anseo ¦ You can read this article in English here

Lucht an Turais Rothaíocht ar son na Palaistíne, 2026, ag imeacht ó Chearnóg Ollscoil na Gaillimhe

Le Oisín Ó Ceallaigh

“The note of hope is the only note that can help us or save us from falling to the bottom of the heap of evolution, because, largely, about all a human being is, anyway, is just a hoping machine.”

Woody Guthrie a scríobh é sin, amhránaí tíre agus an-taistealaí nárbh fhéidir a eolas ar an bhóthar a shárú. Ba dhuine é a léirigh tuiscint i gcónaí ar an gcrosbhóthar idir an tsaoirse agus an chos ar bolg. An tsaoirse a ghabhann le carráiste traenach nó siúlóid fhada – agus an gá le taisteal chun tuarastal a fháil, chun maireachtáil. Sin dhá théama a bhí i gceist le linn na dtrí lá a chaith mé ag rothaíocht ó Ghaillimh go Corcaigh, agus spreag amhráin siúil Guthrie mé le machnamh a dhéanamh ar an Rothaíocht ar son na Palaistíne.

Bhí dhá rud ann a thug orainn an rothaíocht a bheartú: turas rothaíochta timpeall na hÉireann a rinne Ainle Ó Cairealláin agus Stephen Loughran in 2024 ar mhaithe le hIonad Lajee sa Bhruach Thiar; agus an Club Rothaíochta Parailimpeach ‘Éin Ghréine Gaza’, dream iontach tiomanta a n-éiríonn leo éachtaí a bhaint amach in ainneoin an chinedhíothaithe atá timpeall orthu. Is club iomaíoch rothaíochta agus pararothaíochta iad Éin Ghréine Gaza a chuireann traenáil ar dhaoine faoi mhíchumas.

Ó thosaigh an cinedhíothú reatha, dhírigh siad ar dháileachán cabhrach daonnúla, agus bhí siad páirteach in obair a thug cabhair riachtanach arbh fhiú os cionn $450,000 í chomh fada le pobail ar fud Gaza. Bhí baill de na hÉin Ghréine i láthair ag turas rothaíochta eile ar son na Palaistíne ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste i mí Lúnasa seo caite. Bhí sé i gceist againn i gcónaí go mbeadh an turas rothaíochta s’againne na mac léinn dírithe ar an dlúthpháirtíocht, ar obair dheonach agus ar chabhair dhaonnúil.

An plean a bhí againn ná go n-imeodh muid ar maidin an 13 Bealtaine ón gCearnóg. Ghlac scór rothaithe ó chúinní éagsúla de shaol na mac léinn leis an dúshlán. Rinne caiféanna, láithreacha campála, agus feachtais dlúthpháirtíochta áitiúla, rinne siad a ndícheall chun tacú linn agus muid ar ár mbealach agus chun an ghaoth a choinneáil lenár gcúl. Bhí socraithe againn an t-airgead a bhaileodh achan duine againn a thabhairt do Chiste Faoisimh Leanaí na Palaistíne, carthanas Palaistíneach seanbhunaithe a bhíonn ag aistriú leanaí Palaistíneacha thar sáile amach a bhfuil obráidí de dhíth orthu go práinneach ach nach dtig leo iad a fháil sna críocha faoi fhorghabháil.

Agus é seo á scríobh agam, níl otharlann ar bith fágtha ina sheasamh i nGaza, agus tá ag méadú ar líon na leanaí gortaithe a bhfuil cóir leighis éigeandála de dhíth orthu. Daonra dhá mhilliún atá i nGaza agus a leath sin faoi bhun 18 mbliana d’aois. Níl cur síos ná insint scéil ar olcas na géarchéime sláinte a chruthaigh an tionscadal Síónach fríd an chinedhíothú seo.

Is doiligh cuntas ceart a scríobh ar an áthas agus ar an chomrádaíocht ghalánta a bhí ann idir seo agus Corcaigh, i gcodarsnacht leis an anró a bhí mar chúis againn leis an airgead seo a thiomsú. Tá dearcadh úr agam air seo, áfach. Rinne mé agallamh le Galway Bay FM i ndiaidh an turais rothaíochta agus luaigh mé ann an méid a dúirt mac léinn Palaistíneach agus é ag labhairt go cróga ag agóid in éadan an chonartha le Technion i bhFeabhra na bliana seo. Dúirt sé nach pribhléid ach ceart é saol maith a bheith agat. “Tá an ceart ag achan uile dhuine sa Phalaistín staidéar a dhéanamh agus taitneamh a bhaint as a saol, mar atá muidinne, ach tá sé á shéanadh orthu.” Mar sin de, fríd an gceart sin a fheidhmiú, agus fríd an chomrádaíocht sin agus fríd an iarracht sin a chur isteach ar son cúis nach rud fánach ar bith é, thug muid teachtaireacht na bhfocal sin linn.

Sos á ghlacadh ag na rothaithe cois farraige.

Is iomaí sin eachtra ón turas a fhanfas inár gcuimhne. An chéad stad i gCinn Mhara, nuair a bhailigh muid le chéile faoi bhratach íocónach na Palaistíne atá crochta ar chrann báid ar an trá fholamh ann. An tae agus na sólaistí ón bhácús a chuir Siar Café ar fáil; an cnoc casta a chuir muid dínn as Dúlainn go hAillte an Mhothair; an dóigh ar bhain muid amach 50 km/uair ar an bhealach anuas ó na haillte go Leacht Uí Chonchúir. An oíche a chaith muid ag campáil i Sráid na Cathrach leis an bhfoireann uilig agus na comhráite a rinne muid le daoine i gcearnóg an mhargaidh i gCill Rois. An dóigh ar charn muid na rothair ar a chéile ar bhád Thairbirt le dhul trasna na Sionainne go Ciarraí; mar a chuaigh muid suas sléibhte Chorcaí agus Chiarraí de réir a chéile; agus mar a tháinig muid ar deireadh go Izz Café, áit ar cuireadh sárbhéile os ár gcomhair: Musakhan ceart Palaistíneach, uaineoil, mairteoil agus spionáiste.

Faoi dheireadh an lae sin i gCorcaigh, díreach roimh mheán oíche, bhí €15,000 bailithe againn. Ní thiocfadh linn ceachtar den dá rud a bhaint amach, an rothaíocht ná an t-airgead a tiomsaíodh, gan an ‘pobal ar an bhóthar’ a bhunaigh muid áit inteacht sna cnoic timpeall ar Uachtar Ard sna seachtainí sular chuir muid chun bóthair. I ndiaidh a bheith ag amharc ar an oiread sin den tírdhreach s’againne, an bealach ar fad síos fríd an Chlár, Ciarraí agus Corcaigh, mhothaigh mé gur ghá míniú a thabhairt ar an mhórtas pobail agus ar an dlúthpháirtíocht a bhraitheann muid fríd ár gcaidreamh leis an talamh.

I bhfad ina dhiaidh sin a tháinig mé ar an dán seo le Mahmoud Darwish:

“Don talamh s’againne, an ceann atá chomh beag le síol seasamain,

fíor na spéire mar a bheadh neamh ann… agus gáibéal ceilte.

Don talamh s’againne, an ceann a bhfuil cnoic stróicthe timpeall air,

luíochán roimh stair nua.”

Tá an fhoireann uilig i measc na ndaoine is fearr ar bhuail mé riamh leo, agus tá creidiúint ag dul d’achan duine acu – féach an nóta buíochais ag deireadh an ailt seo. Ba í an chúis bun agus barr an aistir mar gheall ar an tiomantas iontach a léirigh achan duine i gcaitheamh an ama, a thoilteanaí is a bhí siad am a chur i leataobh dó seo, agus an dóigh nach smaoineodh siad riamh ar éirí as. Fúthu a bhí sé réiteach a fháil ar na héigeandálaí carranna agus ar na poill sna boinn, bia agus lóistín a shocrú, agus go leor rudaí eile a dhéanamh a d’fhéadfadh fadhb a chruthú ach a sháraigh muid gan stró.

Ba mhaith liom roinnt daoine a lua go speisialta. Dave Wright, a tharraing muidinne, na heagraithe, le chéile agus a rinne teagmháil le gach caifé is siopa rothar ó Ghaillimh go Corcaigh; Sarah Fleming, a chuir oiliúint sábháilteachta ar bhóithre ar fáil a déarfainn a shábháil achan duine againn ag pointe inteacht; Orla Deasy, a théadh ag tiomáint in ionad a bheith ag rothaíocht nuair a theastaigh carr; Roan Naughton, a bhailigh €2,500 as féin; agus Maisie Hall, a rinne eagrúchán agus a rinne teagmháil leis na nuachtáin. Tá muid an-bhuíoch den Mheitheal Rothar, go háirithe de Sam, as an chomhairle luachmhar go léir a cuireadh ar an ghrúpa ag seisiún speisialta. Bhí Siar Café i gCinn Mhara, Eco Camping i Sráid na Cathrach agus Izz Café i gCorcaigh fial flaithiúil linn fosta lena gcuid cabhrach.

Duine amháin a chuidigh go mór linn an aisling seo a fhíorú ná Lara Dwyer, bean chairdiúil a dtugann a meon dearfach agus a cumas eagrúcháin ardú misnigh d’achan duine ina timpeall. Míle buíochas léi as an gcuidiú ar fad a thug sí dúinn.

An fhoireann: Caelan Sheahan, Macdara Caffrey, Brendan Gaughan, James Healy, Niall Howard, Maisie Hall, Oisín Mac Aindreasa, Orla Moroney, Oisín Naughton, Sarah Fleming, Dave Wright, Roan Naughton, Oisín Ó Ceallaigh, Orla Deasy, Donal O’Sullivan, Senan O’Leary, Conor Enright, Lara Dwyer, David Heffernan, agus Quinn McCart.

Oisín Ó Ceallaigh
+ postsBio
  • Oisín Ó Ceallaigh
    https://sin.ie/author/oisin-o-ceallaigh/
    No going back, only forward: On the ground at the Garvaghy Road
  • Oisín Ó Ceallaigh
    https://sin.ie/author/oisin-o-ceallaigh/
    Reflections on the Cycle for Palestine

Related

Reader Interactions

Primary Sidebar

Archives

  • Facebook
  • Instagram

Copyright © 2026 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

Loading Comments...