
Bilingual signage of the Joseph Larmor Theatre. Credit: University of Galway. Comhartha dátheangach ag Téatar Joseph Larmor. Pictiúr: Ollscoil na Gaillimhe
Le Eamon Chin
Siúil timpeall champas Ollscoil na Gaillimhe agus ní deacair an Ghaeilge a fheiceáil.
Tá Gaeilge le feiceáil go soiléir ar chomharthaí timpeall na hOllscoile, i ríomhphoist agus i gcumarsáid oifigiúil. Tá sí le cloisteáil in Áras na Gaeilge agus ag imeachtaí éagsúla ar an gcampas. Tá Cumann Gaelach ann, bíonn imeachtaí Gaeilge á n-eagrú ag Comhaltas na Mac Léinn, agus tá an Ghaeilge le feiceáil sna meáin champais freisin.
Tá réimse leathan deiseanna ann freisin do mhic léinn ar mian leo staidéar a dhéanamh trí Ghaeilge nó staidéar a dhéanamh ar an teanga féin. Tá cláir ar fáil trí Roinn na Gaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus is féidir le mic léinn ar chláir eile an Ghaeilge a roghnú mar ábhar.
Mar sin, ar an gcéad amharc, is cosúil go bhfuil an Ghaeilge beo agus láidir in Ollscoil na Gaillimhe. Deir an Ollscoil féin go gcuireann sí áit dhátheangach ar fáil ina n-úsáidtear an Ghaeilge go rialta sa saol acadúil agus sóisialta.
Ach nuair a fhéachaimid ar cheannaireacht na hOllscoile, éiríonn an cheist níos casta. Thosaigh an tOllamh David J. Burn mar Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe i mí Mheán Fómhair 2025.
Nuair a fógraíodh a cheapachán, bhí cáineadh ann mar gheall nach raibh Gaeilge líofa aige. Dúirt Burn ag tús a théarma go raibh sé ag foghlaim na teanga. Ní raibh sé ina riachtanas faoin am sin go mbeadh Gaeilge líofa ag Uachtarán na hOllscoile; tháinig deireadh leis an dualgas reachtúil sin sa bhliain 2017.
Tá bliain caite anois ó thosaigh an tOllamh Burn sa ról. Dá bhrí sin, is fiú ceist a chur faoin ról atá ag an nGaeilge i gceannaireacht na hOllscoile.
Ní hé ról an Uachtaráin an t-aon phost sinsearach a bhfuil ceisteanna tagtha chun cinn faoi. I mí Aibreáin 2026, d’eagraigh Misneach na Gaillimhe agóid ar champas na hOllscoile tar éis gur fógraíodh post an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí gan riachtanas Gaeilge. D’áitigh an grúpa gur céim eile siar a bhí ann do stádas na Gaeilge san Ollscoil.
Ceapadh an tOllamh Becky Whay sa ról i mí an Mheithimh. Is í an tUachtarán Ionaid an dara duine is sinsearaí ar fhoireann bainistíochta na hOllscoile. Ó 2019, tá freagracht as an nGaeilge curtha faoi Oifig an Uachtaráin Ionaid. Deir suíomh na hOllscoile go bhfuil an oifig seo freagrach as a chinntiú go gcomhlíonann an Ollscoil a dualgais maidir leis an nGaeilge:
“Tar éis athstruchtúrú ar an ardbhainistíocht, aistríodh cúram na Gaeilge ó Oifig an Rúnaí go hOifig an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí, arb é, i ndiaidh agus mar ionadaí an Uachtaráin, an ball is sinsearaí den fhoireann bainistíochta é.”
Mar sin, tagann ceist shimplí chun cinn: má tá Ollscoil na Gaillimhe tiomanta don dátheangachas, cén áit ba cheart a bheith ag an nGaeilge sna poist is sinsearaí san Ollscoil? Tá bearta déanta ag an Ollscoil chun stádas na Gaeilge a neartú. Sa bhliain 2021, ceapadh Caroline Ní Fhlatharta, as Conamara, mar chéad Oifigeach Gaeilge na hOllscoile.
Ní féidir stádas na Gaeilge san ollscoil a mheas ó na poist shinsearacha amháin. Tá an Ghaeilge fós mar chuid den saol laethúil ar an gcampas. Bíonn imeachtaí á reáchtáil ag an Cumann Gaelach, agus tá ról lánaimseartha ag Comhaltas na Mac Léinn atá dírithe ar an nGaeilge, an chéad Ollscoil sa tír a bhfuil Leas-Uachtarán don Ghaeilge aici. Tá Gaeilge le cloisteáil ar FlirtFM agus le léamh anseo ar SIN.
Dúirt Cillian Burke, Tionólaí Choláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, le SIN: “Tá áit an-tábhachtach ag an nGaeilge san Ollscoil. Tá dualgas orainn í a chosaint agus tacú lena fás.
“Tá fás feicthe againn sa Ghaeilge, mar shampla leis na comharthaí dátheangacha agus leathnú na Scéime Cónaitheachta. Ach is féidir linn níos mó a dhéanamh. Tá sé tábhachtach go n-oibríonn Comhaltas na Mac Léinn leis an Ollscoil chun tacú le fás na Gaeilge.”
Is fiú cuimhneamh freisin nach bhfuil gach mac léinn san Ollscoil ina chainteoir Gaeilge. Ní chiallaíonn ollscoil dhátheangach go gcaithfidh gach mac léinn Gaeilge a labhairt.
Ach é sin ráite, an bhfuil Ollscoil na Gaillimhe dátheangach i ndáiríre? Níl freagra simplí ar an gceist sin. Tá Gaeilge le feiceáil go soiléir ar champas Ollscoil na Gaillimhe agus tá obair á déanamh ag mic léinn agus ag baill foirne chun an teanga a choinneáil beo ar an gcampas.
Ach tá ceist eile ann nach féidir neamhaird a dhéanamh di. Má tá sé mar aidhm ag Ollscoil na Gaillimhe a bheith ina campas dátheangach, cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh an dátheangachas sin le feiceáil ag barr na hOllscoile chomh maith?
B’fhéidir nach í an cheist an bhfuil Gaeilge le feiceáil in Ollscoil na Gaillimhe.
Feictear.
Is í an cheist ná cé chomh fada suas a théann sí.
Eamon Chin is the Deputy Social Media & Content Executive for SIN. He is a Journalism and Gaeilge student at the University of Galway. He is passionate about reporting on current affairs in student life, social issues, and local news affecting young people. Outside the newsroom, he enjoys music, creating digital content, and travelling.
