
Le Finn Brady.
[This article is available in both English and Irish].
Tá Seachtain na Gaeilge ag cur ár dteanga dúchais chun cinn mar fhéile bhliantúil le breis agus 120 bliain. Óna dhúchas mar fheachtas gnáthdhaoine le Conradh na Gaeilge, tá sé tar éis fás ina ghluaiseacht idirnáisiúnta ag sroicheadh breis agus milliún duine.
Ach i ndiaidh na coicíse seo de cheiliúradh, cad is brí le maireachtáil lenár dteanga dúchais don duine óg in 2026?
Tar éis agallaimh le hochtar Gaeilgeoirí óga, pléann Sin an réaltacht atá os comhair mhuintir na hóige inniu.
Déanann Róisín Ní Neachtain, as an Spidéal, cur síos go soiléir ar a hóige; “ní féidir liom smaoineamh ar uair nach raibh an Ghaeilge thar timpeall orm agus mé ag fás aníos agus táim thar a bheith buíoch astu sin.”
Nuair a fhásann tú aníos timpeallaithe go hiomlán ag an nGaeilge, díreach mar a fhásann go leor daoine aníos leis an mBéarla, ní mhothaíonn sé mar rud ar leith le tabhairt faoi deara.
“Ní raibh tuiscint agam ar thábhacht na teanga”, a dúirt Luke Ó Floinne as Oileáin Árann.
Cuireann Colm Ó hÓgáin, as Oileán Gharumna, leis seo, “ní raibh aon ‘tuairim’ agam faoin nGaeilge le linn m’óige. B’in an teanga a mbíodh á labhairt sa siopa, ar scoil, sa bhaile, agus gach aon áit a ndeachamar riamh.”
Ach bhuail an réaltacht é nuair a bhí sé níos sine; “Ach anois? Bhí orm an baile a fhágáil sular thuig mé stádas na Gaeilge sa tír. Drochstádas agus caithfimid uile a bheith gníomhach i leith na Gaeilge más uainn í a shlánú glúnta eile. Ní leor an chosaint reachtúil atá aici ceal gníomhaíocht laethúil.”
Mhínigh Treasa Ní Argáin, as Gaeltacht Mhúscraí i gCorcaigh, an tsaoirse cainte a chuireann an Ghaeilge ar fáil di; “Tugann an Ghaeilge spás dom mé féin a chur in iúl i slí fíréanta […] Sna healaíona go háirithe, mothaím go bhfuil an Ghaeilge thar a bheith saibhir, ceolmhar agus solúbtha, agus go bhfuil cumas aici mothúcháin agus smaointe a chur in iúl ar bhealach fíor-speisialta, rud atá dúshlánach le déanamh i mBéarla.”
Nuair a fiafraíodh díobh cad is brí le Seachtain na Gaeilge dóibh, bhí go leor acu sciobtha lena moladh. Chuir Treasa i dtús báire in iúl go “dtugann sí deis dheas don phobal teacht le chéile agus an teanga a úsáid go poiblí agus go bródúil”, agus bhraith go leor eile go bhfuil “Seachtain na Gaeilge thar barr”, mar a dúirt Róisín, a chuir leis: “Molaim go mór í!”
Ach bhí mothú soiléir ina measc, le Ally Nic Cearáin as Baile Muineacháin ag míniú, “Is cosúil go bhfuil gach seachtain ar nós seachtain na Gaeilge dom agus mé ag obair agus ag staidéir go hiomlán trí Ghaeilge.”, meon atá coitianta eatarthu siúd a d’fhreagair SIN.
D’fhág an réaltacht seo go leor daoine ag cheistiú an teachtaireacht agus na móitífeanna a bhaineann le Seachtain na Gaeilge.
“Ní thuigim an t-údar go mbíonn béim aisteach curtha ar an nGaeilge ar feadh coicíse. Tuige nach mbíonn an teanga chomh feiceálach céanna chuile lá beo den bhliain? Ach céard é go díreach atá speisialta faoi choicís suarach sa Mhárta.”, arsa Colm Ó hÓgáin go mhacánta.
“Bheimis in Éirinn i bhfad níos fearr as dá mbeifí chomh díograiseach céanna i leith feiceálacht na Gaeilge chuile lá.”, a dúirt sé.
Tugann Stacey Ní Ghríofa, as An Cheathrú Rua i gConamara, léargas eile ar an gceist: “Is deis í Seachtain na Gaeilge chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga, ach ní bhíonn na meáin ag tabhairt aird ar na streachailtí agus na dúshláin atá ag muintir na Gaeltachta sa lá atá inniu ann… Tá an teanga fós i mbaol mura gcosnófar an Ghaeltacht.”
Ach nuair a chríochnaíonn Seachtain na Gaeilge, leanfaidh an saol trí Ghaeilge ar aghaidh, agus caithfimid féachaint ar na fíorfhadhbanna a leanfaidh de bheith os comhair na ndaoine óga seo agus na Gaeltachta fós.
An freagra is mó a fuaireamar ná na deacrachtaí troma a bhaineann le tithíocht agus cead pleanála sa Ghaeltacht.
“Tá easpa mhór tithíochta atá ar fáil ar phraghas réasúnta do dhaoine áitiúla agus de bharr seo tá na daoine óga atá ag iarraidh teach ag fágáil na Gaeltachta.”, a dúirt Róisín Ní Neachtain.
“Má tá daoine óga chun fanacht ann, caithfidh siad a bheith in ann saol inmharthana a chruthú ina bpobail féin.”, a luaigh Treasa Ní Argáin.
Neartaigh Eoin Mac Cléire a phointe seo; “tá bonneagar agus seirbhísí riachtanacha in easnamh sna ceantair Gaeltachta, rud a chuireann bac ar daoine a d’fhás aníos ann chun teaghlaigh s’acu a lonnú ansin.”
Cé go bhfuil géarchéim tithíochta ar fud na tíre, bíonn tionchar ag roinnt tosca contrártha ar na dúshláin a mhothaítear sa Ghaeltacht, dúshláin atá níos déine, níos casta, agus faoi níos mó brú ná mar atá i bpáirteanna eile d’Éirinn.
Le déanaí, bhí Bánú na Gaeltachta, a bunaíodh i gConamara in 2023 mar ghrúpa pobail chun an ghéarchéim tithíochta a réiteach, i gceannas ar mháirseáil le breis agus 25,000 duine Dé Máirt, an 3 Márta 2026.
Chuir John Prendergast, eagraí agus urlabhraí na n-agóidí, a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpa Tinteáin, béim ar an gcaoi a bhfuil an ghéarchéim tithíochta “ag dul i bhfeidhm go díréireach ar cheantair Ghaeilge”.
Thug sé rabhadh faoin tionchar atá ag tithe saoire agus cíosanna gearrthéarmacha i gceantair Ghaeltachta, agus luaigh sé go bhfuil “ráta fáis na nAirbnbanna, mar shampla, dhá oiread an mheáin náisiúnta le sé bliana anuas”.
“Tá 112 áit in Iarthar Chiarraí agus timpeall air ar fáil ar Airbnb, agus níl áit ar bith ar fáil ar cíos ar daft.ie,” arsa Prendergast, ag cur béime nach bhfuil daoine óga ná iad siúd atá ag filleadh abhaile ón iasacht in ann áit chónaithe a aimsiú.
Tá ceithre éileamh ag an lucht máirseála, ina measc go dtabharfaí cumhachtaí tithíochta d’Údarás na Gaeltachta.
Chomh maith leis sin, ba mhaith leo go bhfoilseofaí na treoirlínte pleanála a gheall an rialtas in 2021 “gan mhoill”, agus níos mó deontas “agus tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar mhaith leo teach a thógáil nó a athchóiriú sa Ghaeltacht.”
Tá siad ag éileamh freisin straitéis tithíochta atá oiriúnaithe do riachtanais agus d’éilimh ar leith gach ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre.
Ní bhaineann an dúshlán le tithíocht amháin; tá moill agus deacrachtaí ann freisin cead pleanála a fháil chun tithe a thógáil sa Ghaeltacht
D’inis Roseanne scéal a cara dúinn agus “Fuair sí cead pleanála agus í nach mór 18 mar go raibh a fhios ag a hathair nach bhfaigheadh sí é níos déanaí. Tá aithne agam ar go leor daoine ón nGaeltacht nach bhfuair cead pleanála fiú.”
Beidh muintir na Gaeltachta i gcónaí ag troid agus ag oiriúnú chun a slí bheatha a chaomhnú, ach tá an riachtanas iarratas a dhéanamh ar chead pleanála blianta roimh ré ag déanamh an fhéidearthacht a dteach féin a thógáil beagnach dodhéanta do go leor daoine.
Dar le Stacey Ní Ghríofa, is ceist i bhfad níos leithne ná tithíocht amháin atá i gceist: “Tá easpa seirbhísí bunúsacha sa Ghaeltach; tithíocht, iompar, sláinte, pé rud. Tá daoine óga ag iarraidh fanacht ina gceantar féin ach níl cead pleanála ná tithe ar fáil dóibh.”
Ina theannta sin, cuireann na hagallaithe ceist freisin faoin úsáid leanúnach a bhaintear as an nGaeilge sna tithe seo.
Nuair a fiafraíodh de cad nach ndéanann na meáin trácht air, d’fhreagair Colm Ó hÓgáin, “ní labhraítear a ndóthain ar an méid daoine sa Ghaeltacht a labhraíonn Béarla agus ag tógáil a gclainne trí Bhéarla. Caithfear é sin é féin a athrú.”
Bhí a réiteach ar an bhfadhb seo simplí agus soiléir, “Caith amach an té sin.”
“Má thiteann líon cainteoirí dúchais na Gaeltachta faoi 66%, tá sé ráite nach bhfuil aon slánú ar aon mhionteanga agus go meathfaidh sí léi laistigh de dhá ghlúin ina dhiaidh. Tá na Gaeltachtaí anois ag 67-68% sílim. Sin í an chontúirt is mó atá romhainn. Mura dtógfar clanna le togha na Gaeilge ón dúchas. Caillfear an Ghaeilge mar theanga beo.”, a leag Colm béim air mar chúis leis.
Nuair a aimsíonn duine teach sa Ghaeltacht ar deireadh, tagann fadhb eile chun solais: an easpa seirbhísí agus spásanna sóisialta atá riachtanach chun saol iomlán a chaitheamh sa Ghaeltacht.
“Ceann de na rudaí móra nach chloiseann muid mórán faoi i dtaobh na Ghaeilge de ná an easpa spásanna sóisialta atá ann chun go mbeidh Gaeilgeoirí in ann teacht le chéile. Tá feabhas tagtha ar seo le blianta anuas ach tá neart go fóill le déanamh.”, arsa Eoin Mac Cléire.
“Ba chóir freisin níos mó áiseanna agus seirbhísí a fhorbairt sna ceantair sin chun daoine a mhealladh chun cónaí iontu agus chun comhphobail láidre Gaeilge a neartú.” a luaigh Treasa Ní Argáin.
Leanann Eoin ar aghaidh chun cur síos a dhéanamh ar a bhrionglóidí don Ghaeilge sa bhaile féin; “ceann de na mianta is mó atá agam don Ghaeilge amach anseo ná go mbeidh Cultúrlann bunaithe i ngach mórbhaile nó ar a laghad gach contae sa tír. Is rud pearsanta é seo domsa dár ndóigh. Tá Cultúrlann de dhíth go géar i mBaile Mhuineacháin. Tá pobal Gaeilge Mhuineacháin faoi bhláth i láthair na huaire agus tá tuilleadh seirbhísí agus spásanna”
Cuireann na háiteanna cultúrtha seo buntáistí dochreidte ar fáil don Ghaeilge, agus míníonn Treasa an todhchaí atá roimpi.
“Dá mbeadh níos mó infheistíochta sna healaíona trí Ghaeilge, bheadh níos mó deiseanna ann saothar nua a chruthú agus a léiriú, rud a spreagfadh an chéad ghlúin eile chun bród a bheith acu as ár dteanga agus chun í a úsáid go nádúrtha ina saol féin.”, a dúirt an Corcaíoch.
Agus réiteach á lorg ar na fadhbanna seo, féachann Gaeilgeoirí ar an rialtas. Ar an drochuair, d’fhéadfadh pobal na Gaeilge a bheith ina íospartach dá rath féin.
Tá rath iontach tagtha ar chultúr na Gaeilge le blianta beaga anuas, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain. An smaoineamh go mbeadh scannán go hiomlán i nGaeilge ainmnithe do na hOscars, go raibh triúr rapadóirí a bhain úsáid as an nGaeilge agus as an bpolaitíocht os comhair Ard-Chúirt na Breataine, agus go bhféadfadh CMAT uimhir a haon idirnáisiúnta a bhaint amach le liricí tosaigh i nGaeilge, ba chosúil go raibh sé sin ar fad dochreidte cúpla bliain ó shin.
Bhuel, b’fhéidir nach bhfuil an píosa faoi Ghaeilge os comhair Ard-Chúirt na Breataine ró-aisteach.
Ach d’fhéadfadh an íomhá seo de rath na fíorfhadhbanna atá os comhair na Gaeltachta a cheilt, agus deis a thabhairt don rialtas neamhaird a dhéanamh orthu faoi bhrat na héachta.
“Níl ‘language revival’ ag tarlú i ndáiríre, tá an Ghaeilge ag tráchtáil ar líne. Tá sé sin go deas, ach tá an teanga fós i mbaol agus beidh go dtugann na meáin agus an rialtas aird ar an nGaeltacht.”, a dúirt Stacey.
“Ceapaim go bhfuil an meoin athraithe ag go leor daoine anois, ach go fóill níl an rialtas ag déanamh go leor dúinn. Teastaíonn níos mó airgid uainn, spásanna sóisialta, achmhainní, agus mar sin de. Tá pobail ollmhóra Gaeilge againn, go háirithe i nGaillimh agus ba cheart dúinn é sin a shábháil.”, a dúirt Roseanne.
Mar sin, leanfaidh na máirseálacha ar aghaidh. Ach leanfaidh an dóchas don todhchaí ar aghaidh freisin.
Bhí ár n-agallaithe soiléir faoina ndóchas láidir don Ghaeilge inniu. Luaigh Roseanne eachtra a tharla le déanaí, “Bhuail mé le fear ó Mheiriceá i gcaifé i mBaile Átha Cliath cúpla seachtain ó shin agus bhí an-suim aige sa nGaeilge, dúirt mé leis ranganna a thógáil agus leabhair a léamh. Tá níos mó suim ag duine sa teanga anois agus feictear daoine ag iarraidh í a fhoghlaim fiú má tá siad níos sine. Caithfimid a bheith muiníneach gur féidir linn ár dteanga fhéin a úsáid.”
Daingníonn Ally neart na Gaeltachta, in ainneoin tuairimí daoine eile, agus an bonn a chuireann sí ar fáil don todhchaí, “Tá na Gaeltachtaí in Éirinn beo agus bríomhar le daoine ag labhairt Gaeilge ann chuile lá agus táim tar éis bliain a chaitheamh sa Ghaeltacht ag amharc ar seo. Tá sé curtha amach ansin go bhfuil an teanga ag fáil bás agus nach bhfuil mórán ar siúl sna Gaeltachtaí ach caithfidh daoine feiceáil cé chomh gníomhach ina bhfuil an Ghaeltacht agus beidh dearcadh iomlán difriúil acu.”
Bhí dearcadh Roseanne soiléir, “Tá dóchas thar a bheith dearfach agam don Ghaeilge. Tá sé soiléir le feiceáil go bhfuil an grá céanna ag an chéad ghlúin eile is atá ag Gaeilgeoirí na tíre seo agus tá súil agam go labhróidh siad í sa bhaile agus amuigh faoin saol.”
Tugann Seachtain na Gaeilge deis dúinn ár dteanga dúchais a cheiliúradh agus a mheas, ach tá súil agam go spreagfaidh sí sinn freisin chun machnamh a dhéanamh ar na fíorshaolta atá taobh thiar di. Leanfaidh na dúshláin agus na brúnna atá os comhair na Gaeltachta agus na nGaeilgeoirí óga inniu i bhfad níos faide ná an chéad choicís seo de Mhárta. Ní dhéanfaidh an tionchar ar a saol, ar a dteaghlaigh agus ar a bpobail ach dul i méid le himeacht ama, mura ngníomhóidh an rialtas anois.
Chun críochnú, agus chun saol Gaeilgeoirí óga a thuiscint, ní gá dúinn féachaint níos faide ná focail Treasa Ní Argáin:
Chuile uair a labhraítear Gaeilge, nó chuile uair a scríobhtar píosa nua filíochta nó a chuirtear dráma nua ar stáitse, tá an teanga á choimeád beo againn agus á chur chun cinn. Beatha teanga í a labhairt.
