
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón Domhnach 1 Márta go dtí an Mháirt 17 Márta i mbliana.
Seachtain na Gaeilge will take place from Sunday 1 March until Tuesday 17 March this year.
Níor chailleadh an íoróin ar na heagraithe go maireann “Seachtain na Gaeilge” níos mó ná seachtain, ach léiríonn sé an t-ardú san éileamh agus sa tacaíocht don Ghaeilge ó bunaíodh í i 1906.
The irony that the “Week of Irish” festival is over two weeks long is not lost on organisers, but rather demonstrates the increased demand and support for the Irish language since its 1906 inception.
Don bhliain seo, is é ‘A Ghaeilge, Mo Cheol Thú’ an téama, ag tógáil ar an rath mór atá ar cheol na hÉireann le cúpla bliain anuas. Ó Kneecap go CMAT, tá cheol na hÉireann ag dul trí athbheochan an-láidir faoi láthair, agus tá sé ag tabhairt na teanga leis.
This year’s theme is A Ghaeilge, Mo Cheol Thú, building on the incredible success music has had in recent years for the Irish language. From the likes of Kneecap to CMAT, Irish music is having a revival at the moment, and it’s bringing the language with it.

Seo an fáth go bhfuil an Gaillimheach Róisín Seoighe ar dhuine d’ambasadóirí SnaG 2026. As Ros a’ Mhíl i gConamara, tá taithí shaibhir ag Róisín i saol an cheoil, ó Sean Nós go pop nua-aimseartha, go léir trí Ghaeilge. Thaistil sí mar chuid de thoscaireacht chultúrtha Éireannach leis an iar-Uachtarán Mary McAleese go Learpholl, a bhí ina Phríomhchathair Chultúir na hEorpa ag an am, ag seinm i Halla Naomh Seoirse.
That is why Galway’s very own Róisín Seoighe is one of the ambassadors for SnaG 2026. Hailing from Ros a’ Mhíl in Connemara, Róisín has a rich experience in the musical world, from Sean Nós to modern pop, all through the Irish language. She has traveled as part of an Irish cultural delegation with then President Mary McAleese to Liverpool, the European City of Culture at the time, performing in St. George’s Hall.
I 2017, ainmníodh í do Ghradam NÓS don ‘Ealaíontóir Gaeilge atá ag Teacht Chun Cinn’ agus bhuaigh sí ‘Amhrán na Bliana Gael Linn’ le Sín do lámh.
In 2017, she was nominated for Nós’s Irish language up and coming artist award, and won Gael Linns Song of the year with Sín do lámh.

Le gairid, tá Róisín ina ball den bhanna IMLÉ, a bhunaigh an ceoltóir agus léiritheoir atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Cian MacCárthaigh. Cuirtear síos orthu mar chomhghrúpa a sheinneann trí Ghaeilge agus a mheascann stíleanna cheoil difriúla ón trip-hop go dreampop go indie. Is iad MacCárthaigh le Róisín Seoighe, James Shannon, agus Neil Ó Briain na baill faoi láthair. Scaoileadar a EP is déanaí, Taoille, i Márta 2025.
In more recent times, Róisín is part of the band IMLÉ, which was set up by Dublin-based musician and producer Cian MacCárthaigh. Described as a collective that performs in the Irish language and mixes many styles of music from trip-hop to dreampop to indie. The current line-up includes Mac Cárthaigh along with Róisín Seoighe, James Shannon, and Neil Ó Briain. Their latest EP Taoille was released in March 2025.
Bhain an tsraith Netflix, BODKIN, úsáid as amhrán IMLÉ ‘Peacach’ mar theideal oscailte sa bhliain 2024.
The Netflix series, BODKIN, used IMLÉ’s song Peacach as their opening title in 2024.
Ní hamháin do chainteoirí dúchais ná do chainteoirí líofa atá Seachtain na Gaeilge, ach ceiliúrtar í chun meas a léiriú ar ár dteanga dhúchais agus taitneamh a bhaint aisti, gan bacadh le do thaithí roimhe seo.
Seachtain na Gaeilge is not only reserved for native or fluent speakers, but rather a celebration to appreciate and enjoy our native language, no matter your previous experiences.

Athluann Conor Curley, príomhghiotáraí le Fontaines D.C agus comh-ambasadóir SnaG 2026, an teachtaireacht seo.
Conor Curley, lead guitarist for Fontaines D.C and fellow SnaG 2026 ambassador, echoes this ethos.
“I learned Irish in school and, similar to a lot of people, I fell away from the language for a while,” Curley said.
“But I am making my way back to it now, which is the main thing; that it’s never too late to open that door again.”
Tá Fontaines D.C agus Curley tar éis a gceol agus an Ghaeilge a úsáid chun seasamh a ghlacadh ar son cúiseanna agus fadhbanna tábhachtacha.
Fontaines D.C and Curley have used their music and the Irish language to advocate for key issues and causes.
“When we [Fontaines DC] moved to England, we wrote the song In ár gCroíthe go deo, when we heard about the case where that phrase was denied on a gravestone by the Church of England,” Curley told the media at SnaG’s launch.
“We ended up meeting the family, which was an incredibly powerful experience – it encouraged me to go learn the language again.”
Gan bacadh le do chumas, ó líofacht go cúpla focal, seasann Curley mar shiombail gur linne uile an Ghaeilge. Buíochas le Seachtain na Gaeilge, tá imeachtaí oiriúnacha ann do chách timpeall na Gaillimhe agus na tíre chun an Ghaeilge a cheiliúradh an bhliain seo.
No matter your ability, from fluent to the cúpla focal, Curley stands as a symbol that our language belongs to us all. Thanks to Seachtain na Gaeilge, there are events suitable for all around Galway and the country to celebrate Irish this year.

I nGaillimh, cuid de na buaicphointí ná Traitors as Gaeilge, ciorcal comhrá do thosaitheoirí, Cúrsa Amhránaíochta ar an Sean Nós, agus go leor eile.
In Galway, some highlights include Traitors as Gaeilge, a ciorcal comhrá for beginners, a crash course on Sean Nós singing, and so much more.
Chun níos mó eolais a fháil faoi na himeachtaí seo i nGaillimh agus timpeall na tíre, tabhair cuairt ar:
To find out more about activities in Galway, and around the country, please visit: https://sceal.ie/imeachtai/
Mar sin, cibé acu nár labhair tú Gaeilge ó d’fhág tú an scoil, nó má labhraíonn tú í gach lá, bainimis úsáid as Seachtain na Gaeilge chun bealach nua a aimsiú chun ár dteanga dhúchais a labhairt agus agus chun na rudaí a dhéanann fíor-Éireannaigh dínn a cheiliúradh.
So, whether you haven’t spoken Irish since you left school, or even if you speak it every day, let’s use Seachtain na Gaeilge to discover a new way to speak our native tongue and help celebrate the things that make us truly Irish.
As Padraig Pearse once said, “Tír gan teanga, tír gan anam — A country without a language is a country without a soul.”
