• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
    • Campus News
    • Local News
    • National News
    • World News
  • Features
    • Creative Writing
    • Culture
    • Society Spotlight
    • Student Diary
    • Student Speak
  • Opinion
    • Environment
    • Society
    • Student Voice
    • Technology
  • Arts
    • Comedy
    • Gaming
    • Literature
    • Movies
    • Music
    • Photography
    • Theatre
    • TV
  • Business & Tech
    • Business
    • Environment
    • Finance
    • Science
    • Technology
  • Lifestyle
    • Beauty
    • Fashion
    • Fitness
    • Health
    • Recipes
    • Well-being
  • Cainte
    • Cainte Features
    • Cainte News
    • Cainte Opinion
  • Sports
    • Campus Sport
    • Local Sport
    • International Sport
    • National Sport
  • Archives
    • Volume 25: 2023-24
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Comhaltas na Mac Léinn ag Iarraidh ar Mhic Léinn Seasamh mar Iarrthóirí sa Toghchán

February 17, 2026 By SIN Editor
Filed Under: Cainte, Cainte News

Uachtarán, Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe 1964/65, Mícheál D. Ó hUigín 

Tá spreagadh á thabhairt ag Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, do mhic léinn seasamh mar iarrthóirí sa toghchán don Choiste Feidhmiúcháin 2026/27. I measc iar-Uachtaráin ar Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, tá Micheál D. Ó hUigínn, Pat Rabbitte agus Eamon Gilmore. Beidh 18 bpost mar oifigeach le líonadh i mbliana agus is poist lánaimseartha le pá iad ceithre cinn acu. Beifear in ann ainmniúchán a dhéanamh ón 25 Feabhra.  

Is léiriú iad na poist ar na príomhréimsí ina bhfuil sainordú ag an gComhaltas ionadaíocht a dhéanamh ar na 19,000 mac léinn is baill iad, ó Oifigeach na Mac Léinn Idirnáisiúnta go dtí an tOifigeach Comhshaoil agus Inbhuanaitheachta. I gcás na mac léinn a sheasann do na poist mar oifigigh lánaimseartha; Uachtarán, Leas-Uachtarán/Oifigeach Oideachais, Leas-Uachtarán/Oifigeach Leasa agus Comhionannais, agus an Leas-Uachtarán don Ghaeilge, cuireann siad a gcuid staidéar siar go ceann bliana le bheith ag obair go lánaimseartha sna róil thábhachtacha sin. 

Arsa Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe, Maisie Hall: “Táimid ag spreagadh gach mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe le machnamh a dhéanamh ar sheasamh mar iarrthóir sa toghchán i mbliana. Is am an-spreagúil é do ghluaiseacht na mac léinn agus beidh na mic léinn a sheasann mar iarrthóirí sa toghchán in ann a gcion féin a dhéanamh chun áit níos fearr dúinn go léir a dhéanamh d’Ollscoil na Gaillimhe. Má tá tú féin, nó aon duine ar a bhfuil aithne agat, ag smaoineamh ar pháirt a ghlacadh i bpolaitíocht na mac léinn, seo é do sheans a bheith rannpháirteach agus seasamh ar son chearta na mac léinn.” 

Arsa Leas-Uachtarán de chuid Chomhaltas na Mac Léinn/an tOifigeach Oideachais, Seán De Búrca: “Tá ról lárnach ag Comhaltas na Mac Léinn chun cearta an 19,000 mac léinn is baill iad a chosaint, a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm. Is deis iontach é a bheith i d’iarrthóir i dtoghchán Chomhaltas na Mac Léinn chun tionchar díreach a imirt ar shaol na mac léinn agus do scileanna ceannaireachta, eagrúcháin, cumarsáide, idirbheartaíochta agus abhcóideachta a fhorbairt ag an am céanna. Beidh tú i do cheannaire in eagraíocht ar leith, agus d’fhéadfadh deiseanna iontacha eascairt as sin, mar atá léirithe ag an Iar-Uachtarán, Mícheál D. Ó hUigínn!”

SIN Editor
+ postsBio
  • SIN Editor
    Presidential Candidate Interview: Danny Saunders
  • SIN Editor
    Presidential Candidate Interview: Peter Ó Neill
  • SIN Editor
    Presidential Candidate Interview: Adam Mullins
  • SIN Editor
    Presidential Candidate Interview: Seán de Búrca

Related

Reader Interactions

Primary Sidebar

Archives

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2026 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...