• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
    • Campus News
    • Local News
    • National News
    • World News
  • Features
    • Creative Writing
    • Culture
    • Society Spotlight
    • Student Diary
    • Student Speak
  • Opinion
    • Environment
    • Society
    • Student Voice
    • Technology
  • Arts
    • Comedy
    • Gaming
    • Literature
    • Movies
    • Music
    • Photography
    • Theatre
    • TV
  • Business & Tech
    • Business
    • Environment
    • Finance
    • Science
    • Technology
  • Lifestyle
    • Beauty
    • Fashion
    • Fitness
    • Health
    • Recipes
    • Well-being
  • Cainte
    • Cainte Features
    • Cainte News
    • Cainte Opinion
  • Sports
    • Campus Sport
    • Local Sport
    • International Sport
    • National Sport
  • Archives
    • Volume 25: 2023-24
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Dearcaí ar an bPalaistín: muintir na hÉireann agus lucht na Gaeilge

February 13, 2026 By Leo Oisíneach Mac an tSaoir
Filed Under: Cainte, Cainte Opinion

Photo by Yue Qiu from 2024

Le Leo Oisíneach Mac an tSaoir

Ba léir ariamh go raibh bá ar leith ag muintir na hÉireann le cás na Palaistíne. Ar ndóigh, ní i gcónaí a dhéantar beart de réir briathra, agus is suarach an méid atá déanta agam féin ar son na Palaistíne le hais daoine a bhíonn go dúthrachtach díograiseach ag léirsiú nó ag bailiú airgid. 

Fós féin, tús maith leath na hoibre. Cuir i gcás an dá fhigiúr seo. De réir suirbhé a rinne Ireland Thinks i bhFeabhra 2024, chreid 79% de mhuintir na hÉireann go raibh cinedhíothú ar bun ag Iosrael sa bPalaistín. Níor chreid ach 45% de dhaoine sa Ríocht Aontaithe amhlaidh nuair a chuir YouGov an cheist orthu i Meitheamh 2025. (Ní raibh sé dearbhaithe ag na Náisiúin Aontaithe go dtí Meán Fómhair 2025 gur cinedhíothú atá ar siúl.)

Ní hionadh ar bith gur mó bá atá ag muintir na hÉireann leis na Palaistínigh. Níl dearmad déanta againn fós ar an gcos ar bolg a rinneadh ar an tír seo, agus is róléir dúinn na cosúlachtaí idir muid agus an dream atá thíos. “Caithfidh muidne troid ar son ár gcultúir chomh maith leis na Palaistínigh,” arsa Oisín Mac Aindreasa, mac léinn ríomheolaíochta i mbliain na céime, nuair a d’iarr mé a thuairim faoi thacaíocht na nGael don Phalaistín (cé gur luaigh sé nach bhfuil leithéidí an uafáis thall feicthe againne).

An bhféadfadh sé go mbíonn tuairimí níos láidre arís faoi chás na Palaistíne ag pobal na Gaeilge, ó tharla gur grúpa mionlaigh muid a ndéantar neamhaird ar ár gcearta? 

Tá fianaise ann go bhfuil bá ar leith ag lucht labhartha na teanga seo leis na Palaistínigh.

Tá an-chuid cainte ar an ábhar tarraingthe ag Kneecap, mar shampla. Tá amhráin dhátheangacha eisithe acu ag cáineadh an chinedhíothaithe i nGaza. Tugadh ball dá gcuid os comhair cúirte faoi thacaíocht a léiriú do Hezbollah, más fíor – dar leis an mbanna ceoil gurb é an chaoi a bhfuil Rialtas na Breataine ag triail “carnabhal mearbhaill” a chruthú le dímheas a chothú ar an dream a thacaíonn leis an bPalaistín. 

Taobh amuigh de na ceannlínte móra, tá grúpaí Gaelacha eile ag obair go dícheallach ar son na Palaistíne. Thaifead daoine in Al Mawasi, Gaza físeán buíochais i mí Lúnasa leis na focail ‘Go raibh maith agaibh’ don ghrúpa Déiseach, Gaeil Ar Son Gaza, a raibh €60,000 bailithe acu go dtí sin ar son carthanachtaí éagsúla. Thiomsaigh an feachtas ‘Snámh don Phalaistín’, a d’eagraigh Conradh na Gaeilge, beagnach an méid céanna. Níos gaire don bhaile, reáchtáladh dhá ghig ar son na Palaistíne in Áras na nGael thíos ar Shráid Dhoiminic le linn an chéad seimeastair den bhliain acadúil seo. 

Labhair mé le hAoibheann Nic Fhearghusa, mac léinn sa gcéad bhliain a chuir agallamh ar bhaill de phobal Gaeilge na hollscoile le fáil amach céard a bhíodar féin a dhéanamh ar son na Palaistíne. Dar léi go mbíonn drogall ar dhaoine gníomh a dhéanamh a chuirfeadh stró rómhór orthu, ach go mbíonn bá i bhfad níos mó ag pobal na Gaeilge leis an gcúis.

“Mar Ghael agus sílim mar dhuine poblachtánach, ní féidir leat […] gan smaoineamh ar an impiriúlachas agus an coilíneachas atá tar éis slad a dhéanamh ar ár dteanga,” a dúirt Oisín liom. “Is é an scéal céanna é faoi impiriúlachas na Breataine ar dtús agus anois impiriúlachas Mheiriceá agus Iosrael.”

B’fhéidir gurb é sin a shíleann mórchuid na nGael, ach dar le hAoibheann gur labhair sí le go leor daoine eile a bhí ar nós cuma liom.

Nuair a fheiceann muid an t-uafás atá ag titim amach sa ‘Talamh Naofa’, ba cheart dúinn a bheith buíoch as an méid atá againn: ní hamháin ár mbeatha agus ár sábháilteacht, ach an tsaoirse chun ár gcultúr a chleachtadh is a bhuanú. Ba mhór an feall dá ligfeadh muidne ár dteanga agus ár n-oidhreacht dhúchais i léig feadh is atá an oiread sin á chailleadh ag pobail eile.

Leo Oisíneach Mac an tSaoir
+ postsBio

    Related

    Reader Interactions

    Primary Sidebar

    Archives

    • Facebook
    • Instagram
    • Twitter

    Copyright © 2026 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

     

    Loading Comments...