
Le Eimear Nic Conurchoille.
Chuir Conradh na Gaeilge ráitéis amach le deanaí ag miniú gur chóir marcanna níos mó bheith tugtar do dhalta a dhéanann an Ardthéist trí mheán na Gaeilge. Creideann an eagraíocht go bhfuil míbhuntáiste ag muintir na Gaeltachta sna scruduithe toisc a bhfuil siad ag baint úsáid as ár ndara theanga le scrúdú a dhéanamh. Mar sin de, bheadh sé níos faireáilte dóibh é a dhéanamh i dár dteanga dúcháis ó thaobh feidhmíochta de, dar leo.
Tugann ráitéis ó Bhainisteoir Abhcóideachta s’acu, John Prendergast tacaíocht don mhéid seo agus deir sé go bhfuil ‘éagóir teanga’ ag muintir na tíre a bhfuil an Ghaeilge ár gcéad teanga. Tá neart daoine den tuairim gur é sin an bealach is fearr bheith san chóras oideachas toisc gur í an Ghaeilge príomhtheanga na tíre. Chomh maith leis sin níl cuid mhór ciall ann nach ndéantar tacaíocht agus céiliúradh fiú ar mhuintir na scoileanna gur féidir leo í a úsáid sa chóras.
Tá an tuairim ag Conradh na Gaeilge ná go gcuirfí an cinneadh seo an Ghaeilge ar chéim chothrom leis an Bhéarla sna scoileanna, an córas oideachais, agus i measc bhéil na ndaoine mar sin.
Is é seo fadhb amháin as mórán leis an Ghaeilge agus an córas oideachais. Is scéal claiseach é in Éirinn daoine ag rá ‘níl Gaeilge agam mar ní raibh múinteoir maith agam sa scoil.’ Ní hamháin sin ach déantar mórán gearán ar an dóigh a mhuintear an Ghaeilge i bPoblacht na hÉireann. Tá an Conradh i gconaí ag iarraidh athrú a chur air sin.
Chononacthas an mhéid éilimh atá acu ó thaobh an Ghaeilge de le linn Mórshiúl Náisiúnta na nGael i Meán Fómhar 2025 ina chuaigh 2,000 míle duine amach ar son chearta teanga.D’eagraigh Conradh na Gaeilge an imeacht seo le taispeáint an mhéid daoine sa tír seo atá ag iarraidh stadas níos airde bheith ag an Ghaeilge sa dlí maidir le cúrsaí tithíochta go príomh agus sa chóras oideachais.
Is cinnte go bhfuil athbheochan na Gaeilge ar siúl ar fud fad na tíre faoi latháir. Chonacthas ardú ar an mhéid ceoil, scannáin, píosaí faiseain agus gnóthachtaí a dhéatar go hiomlán as Gaeilge. D’fhéadfaí a rá go bhfuil éilímh an chumainn ar comhchéim leis an athbheochan seo.
Tá siad ag iarraidh rudaí a chur i ndlí le níos mó tacaíocht a thabhairt don teanga a bhíonns ag fás agus ag fás arís. Dúirt Coimisiún na Scrúduithe Stáit go mbeidh marcanna breise do scrúdú a dhéantar I nGaeilge i gceist le achan gné de scrdúduithe stáit ón 2027.