
Le Aoife Ní Chonchubhair
Is dócha gur bhfáca sibh go bhfuil Gaeilge ag teacht ar ais arís. Uaidh an banna ceoil Kneecap, lena streachailt fhorásach chun oideachas an nGaeilge a chur chun cinn tríd cheol, go cruthaitheoirí ábhair na meáin ag baint úsáid as ardáin na meáin chun an teanga Gaeilge a chur i láthair ar TikTok nó Instagram. Chomh maith le brandaí nua ag éirí níos coitianta de bharr ainmneacha na gnólachtaí a bheith i nGaeilge.
Is iontach go deo an tionchar a bhíonn ag cúrsaí na meáin ar an aos óg má tá rud éigin le foghlaim, cosúil leis an nGaeilge. D’fhéadfadh seans maith a bheith an le haghaidh athbheochan iomlán an teanga mar gheall ar rochatin nua an teanga.
Mar sin, cad é an cúis le na cainteoirí nua Gaeilge seo? An bhfuil sé mar gheall ar inrochtaineacht? Tá dúil mór ag Kneecap, grúpa rap as Béal Feirste, sa Ghaeilge. Tá siad tar éis cabhrú leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc na ndaoine óga, tríd úsáid a bhaint as an nGaeilge ina gceol. Tá an Gaeilge a labhairt lasmuigh den seomra ranga agus curtha chun cinn acu i gclubanna éagsúla, i gceolchoirmeacha agus sa gcultúr thar timpeall orainn.
Is cosúil gur chuir siad féiniúlacht nua-aimseartha ar an teanga. Fósta, cuidíonn brandaí seodra Éireannacha, mar shamphla, Fíor agus Seoidín, an teanga a léargas do thomhaltóirí trí úsáid a bhaint as an nGaeilge ina mbrandáil. Is féidir é seo a fheiceáil le Fíor ag stiúradh ‘agallaimh sráide’ le tomhaltóirí, agus céisteanna a chuir cosúíl le ‘An bhfuil a fhios agat cad is brí leis an bhfocal Gaeilge fíor?’ Is féidir na físeáin seo a fheiceáil ar na meáin shóisialta do na bradaí éagsúla.
Feicimid freisin líon mór cruthaitheoirí na meán sóisialta cosúil le cruthaitheoir, Lauren Wheelan. Tá 1.7 milliún lucht leanúna ar TikTok aici, agus uaslódáilin sí físeáin ‘Get ready with me’ i nGaeilge. Gan amhras cuireann sé seo an teanga chun cinn. Máire Ní Churraoin cruthaitheoir eile ar Instagram, le 80,000 lucht leanúna. Deineann sise físeáin le frásaí Gaeilge no seanfhocail áirithe agus conas iad a chuirim.
Is cosúil go bhfuil athbheochan ag teacht an nGaeilge már go bhfuil an teanga ag éirí chomh inrochtana. Tá daoine óga ag glacadh leis an teanga mar chuid dár bhféiniúlacht agus dár gcultúr. Cuidíonn se go bhfuil brandaí agus ceoltóirí ag cur an Ghaeilge chun cinn mar gcóras reatha agus sa saol laethúil.