
Le Róisín Gallagher
Is iomaí an duine óg a fheicfeá na laethanta seo le geansaí peile seanré orthu le merch de chuid Fontaines D.C in éineacht leis, agus Kneecap ag screadaíl amach na cluasáin acu. Is cinnte go bhfuil an bhróid náistiúnta agus an Éireannachas mar chineál trend faoi leith san am atá i láthair, agus is maith an rud é sin. É sin ráite, caithfidh mé a admhál go bhfuil gné ar leith den fhaisean seo nach féidir liom glacadh leis agus is é sin an Ghaeilge mar teactaic margaíochta amach ‘is amach.
An rud atá i gceist agam le seo ná comhlachtaí a thugann ainmneacha dóibh fhéin i nGaeilge, nuair nach bhfuil baint ar bith acu leis an dteanga nó le chultúr na nGaeil. Nílim á rá nár chóir go mbeidh an Ghaeilge mar chuid de saol daoine in Éirinn nach bhfuil móran den teanga acu, ach is dóigh liom go ndéanann an nós seo a bheag den teanga. Feictear dom go nainmnítear comhlachtaí agus táirgí le focal i nGaeilge, gan bunús sa teanga, gan an gramadach ceart nó gan stair an fhocal. Caitear leis an teanga ar nós gur deis í chun airgead a thuilleadh agus deis chun imprisean mhaith a dhéanamh ar thomhaltóirí gan trácht ar an teanga mar rud beo agus rud atá luachmhar i gcomhthéacs cultúr na hÉireann seachas luachmhar i gcomhthéacs cuntas banc na comhlachta.
Seachas an fhadhb morálta seo, tá fadhb eile a bhaineann leis an nós seo agus is é sin nach bhfuil ciall ceart ag baint le hainmniú na comhlachtaí seo. Ní ainmneofá siopa bróga ‘bróga’ amháin i mBéarla mar cuireadh sé mearbhall ar dhaoine, is focal ró-leathan í agus tá na mílte siopa bróga in Éirinn mar sin bheadh sé an-dhoiléir ar fad céárd faoi a mbeafá ag caint. In ainneoin seo is cosúil nach bhfuil fadhb ar bith ag comhlachtaí focail in nGaeilge a úsáid don tasc seo mar is léir nach bhfuil aon fíor-shuim acu sa teanga.
Ar a laghad is féidir liom braoinín beag sólás a heascairt ón ngearán seo atá agam: nuair a fheictear ar lucht an eite dheis in Éirinn ag úsáid ár mbrat mar shiombail a gcúise- lorg an fhuath a fhásann siad, caithimid a bheith buíoch go bhfuil daoine ag úsáid an brat agus an teanga mar fhoinse ionspráide, fiontraíochta nó cruthaitheacht seachas an ghráin agus an coimeádachas. Ní éasca an rud é i gcónaí an fód a sheasamh in aghaidh an cumhacht atá ag grúpa ar leith, ach is fiú agus is féidir, ach go háirithe nuair atá todhcaí ár gcultúr i mbaol galrú an fhuath. Ní féidir liom go n-athróidh mé m’inchinn le húsáid an Ghaeilge mar teactaic margaíocht ach san am atá i láthair muna scaipeann sé fuath agus má tá seans ann go gcuireann sé le feiceálacht na teanga, is dócha go nglacfaidh mé leis.