
Le Ruán Ó Céilleachair
Oíche don 25ú a raibh ann i nDeireadh Fómhair 2025. Do éine eile, ba ghnáth lá a raibh ann. Ach domsa, is lá a thug dóchas dom i dtreo toghchaí glúin na hóga sa tír seo. Bhí sé soiléir gur bhuaigh Caitrín Uí Chonghaile (Catherine Connolly) toghchán na huachtaráine an oíche sin.
Chuir an bhua sin rud éigin in aigne dom. Bhí béim ollmhór churtha ag an uasal Uí Chonghaile ar an dteanga Gaelach ar feadh a feachtas ar fad. Fiú roimh a d’fhógar sí a feachtas, chuireadh ceist ormsa aistriúcháin a dhéanamh ar a son, chomh maith le go leor daoine eile. Bhí Gaeilge le chloisteáil ó Uí Chonghaile í féin is í ag feachtasaíocht ar RTÉ agus gach stáisiúin teilifíse agus radio sa tír. Tá sin go léir ráite, ceapaim go bhfuil dóchas le braith i gcomhair na glúine atá le teacht.
Chuir an bhéim sin ó Uí Chonghaile daoine eile ar an mbóthar go dtí ár dteanga dhúchais a athfhoghlaim. Nóiméad amháin, ní raibh ach scair bheag den daonra a raibh aon suim acu chun Gaeilge a fhoglaim agus í a labhairt. An chéad nóiméad eile, d’fhás an scair beag sin den daonra beagnach tharr oíche. Thás am go raibh a leithéidí is Kneecap agus IMLÉ i ndiaidh athaithne a chur ar an dteanga don pobail ginearálta agus go raibh TG4 ag déanamh cláir iontacha roimhe chomh maith le figiúirí mór sna meáin sóisialta mar Cúán de Burca, ach braitheann sé go bhfuil suim méidithe ag pobal na tíra sa Ghaeilge ó a bhuaigh Uí Chonghaile.
Ar feadh na mblianta, bhraith sé mar nach raibh suim ag an chéad ghlúin eile sa Ghaeilge agus go raibh sí le bheith choimeádaithe i nGaeltachtaí nó an taobh Theas de Bhaile Átha Cliath. Ach aníos, is féidir leat buaileadh suas le duine éigin nua agus bheadh seans go labhraíonn siad “cúpla focal”. Tá na laethanta dos an “Gaelstapo” imithe agus níl eagla ar dhaoine Gaeilge a labhairt, fiú má tá a fhios acu nach ngeobhaidís gach píosa gramadach i gceart. Dá bharr, thá timpeallacht cruthaithe ag daoine thart ar 35 nó níos óga ina bhfuil daoine chun iarracht ath-imeascadh a dhéanamh lena teanga dhúchasach. Fiú mura bhfuil Gaeilge a teanga dhúchasach, tá an timpeallacht sin chruthaithe cheana féin agus beidh cách in ann í a fhoghlaim.
Toisc go bhfuil an timpeallacht dóchasach sin ann ó bhua Uí Chonghaile leis an ghlúin atá ann faoi láthair, beidh an chéad ghlúin eile rugadh isteach sa timpeallacht sin agus beidh todhchaí ann, le cúnamh dé, ina mbeadh Gaeilge mar ár bpríomhtheanga arís, pé mhéid am a thógann sé. Sin mó bhrionglóid agus brionglóid gach duine eile a labhraíonn an dteanga.
Tá sé éasca dúinn le bheith diúltach faoin doimhin sa lá atá inniú ann, ach tá dóchas ann dos na ghlúin atá le teach agus le chúnamh dé, guímid go léir go bhfuil bua Uí Chonghaile mar pointe tosaithe an dóchas dóibh.