• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
    • Campus News
    • Local News
    • National News
    • World News
  • Features
    • Creative Writing
    • Culture
    • Society Spotlight
    • Student Diary
    • Student Speak
  • Opinion
    • Environment
    • Society
    • Student Voice
    • Technology
  • Arts
    • Comedy
    • Gaming
    • Literature
    • Movies
    • Music
    • Photography
    • Theatre
    • TV
  • Business & Tech
    • Business
    • Environment
    • Finance
    • Science
    • Technology
  • Lifestyle
    • Beauty
    • Fashion
    • Fitness
    • Health
    • Recipes
    • Well-being
  • Cainte
    • Cainte Features
    • Cainte News
    • Cainte Opinion
  • Sports
    • Campus Sport
    • Local Sport
    • International Sport
    • National Sport
  • Archives
    • Volume 25: 2023-24
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

‘Tír gan teanga, tír gan anam’ – Catherine Connolly agcur na Gaeilge chun tosaigh san Uachtaránacht

December 9, 2025 By Eamon Chin
Filed Under: Cainte, Cainte Opinion

Photo from the Office of the President of Ireland

Le Eamon Chin
Gan amhras, tá ról suntasach ag an nGaeilge i saol polaitiúil Catherine Connolly, cuid thábhachtach le linn a feachtas toghcháin don uachtaránacht.

Ina hóráid insealbhaithe i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an mí seo chaite, mhínigh an tUachtarán Connolly cén fáth go bhfuil an teanga chomh tábhachtach, agus an luach riachtanach do mhuintir na hÉireann.

“Tír gan teanga, tír gan anam agus is fíor sin. Nuair atá teanga loite ní féidir leis an tír nó aon tír, a mianta, a luachanna nó a spiorad a chur in iúl,” a dúirt sí go bródúil. Léirigh sí go soiléir le linn an fheachtais gurb í an Ghaeilge an teanga oifigiúil, agus í an phríomhtheanga atá oibre istigh san Áras an Uachtaráin ar feadh na seacht mbliana a bheidh sí san oifig. Chuir sí béim ar an bhfís seo ina hóráid chumhachtach.

“Ní sa chúinne, á labhairt go h-íseal a bheidh an Ghaeilge san Áras, ach sa chéad áit mar theanga oibre agus beidh sí á labhairt ar fud na tíre go misniúil, go fileata go ceolmhar faoi mar atá cloiste agam agus mé ar fud na tíre,” a dúirt sí.

Bhí tionchar mór ag a tiomantas d’úsáid na Gaeilge ar an athrú atá ag dul i méid, go háirithe i measc daoine óga sa bhaile agus thar lear, chun an ghaeilge a chur chun cinn i saol an náisiúin – rud a gheall sí ina hóráid chun “poblacht nua a mhúnlú a luachálann gach duine”.

“Poblacht atá fiúntach dá hainm ina bhfuil meas ar gach duine agus ina bhfuil meas ar an éagsúlacht,” a dúirt Connolly.

Ón tús mí Iúil, d’fhógair sí go raibh sé ar a intinn, seasamh don uachtaránacht in agallamh trí Ghaeilge ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, léiriú é go soiléir go raibh sí ag iarraidh ár dteanga náisiúnta a chur chun cinn i sochaí nua-aimseartha.

Thug go leor daoine faoi dheara an chaoi a d’úsáid sí ar an cúpla focal fite fuaite lena feachtas – sna díospóireachtaí, sna hóráidí, agus fiú sna hagallaimh iomlána. Bhí díomá uirthi nuair a shocraigh TG4 i mí Mheán Fómhair nach mbeadh aon díospóireacht uachtaránachta tríd mheán na Gaeilge i gcodarsnacht leis an toghchán in 2011.

“Is aisteach an rud é gur chinn TG4 gan díospóireacht a reáchtáil, go háirithe nuair nach bhfuil na hiarrthóirí go léir ainmnithe fós,” a dúirt Connolly.

Sa díospóireacht dheireanach ar Prime Time roimh an vótáil i mí Dheireadh Fómhair, dúirt Connolly nár cháin sí éinne riamh as gan Gaeilge a bheith acu, ach chuir sí béim ar thábhacht na teanga dúchais do ról an uachtaráin.

“Mar Gaeilgeoir agus abhcóide bródúil, táim an-soiléir faoin mBunreacht. Deir Airteagal 8 gur ‘an teanga náisiúnta an chéad teanga oifigiúil í an Ghaeilge’,” a dúirt sí.

Mar chéad ghníomh oifigiúil aici, thug an tUachtarán Connolly cuairt ar Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath, ag rá gur “scoil eiseamláireach” í Gaelscoil Inse Chór. Tá a foireann ag obair go dian, ag obair ó dhubh go dubh, chun daoine ó fhoireann Áras a bhfuil líofacht Gaeilge acu a fháil, céim a léiríonn go bhfuil sí dáiríre faoi ról ceannasach na teanga a chur chun cinn le linn an téarma.

Eamon Chin
Multimedia Reporter |  + postsBio

Eamon Chin is a Multimedia Reporter for SIN. He is a first-year journalism student at the University of Galway. He is passionate about reporting on current affairs in student life, social issues, and local news affecting young people. Outside the newsroom, he enjoys music, creating digital content, and travelling.

  • Eamon Chin
    https://sin.ie/author/eamon-chin/
    Swiss bar fire brings venue safety into focus
  • Eamon Chin
    https://sin.ie/author/eamon-chin/
    “A scam”: Students struggle with high rents and cost of living in Galway

Related

Reader Interactions

Primary Sidebar

Archives

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2026 SIN Student Newspaper. All rights reserved.

 

Loading Comments...