I mí Eanáir, bhí an-tóir go deo ar an scannán Kneecap ag Féile Sundance mar bhuaigh sé an Audience Award: NEXT ag an féile. Is é an chéad scannán Gaeilge a bhuaigh ag Sundance. Stiúrthóir Rich Peppiat a rinne an scannán agus leanann an scannán tríréad rap Kneecap agus bhur tsaoil i mBéal Feirste.
Is iad Móglaí Bap (Naoise Ó Caircealláin), Mo Chara (Liam Óg Ó Hannaidh) agus DJ Próvai (JJ Ó Dochartaigh) na hamhránaí sa grúpa agus is scéal ficseanaigh é an scannán ar bhur tsaoil. Ag tús an scannán bíonn Naoise agus Liam Óg ag díol drugaí agus éiríonn téamaí den saol deacair atá ag an fear óg i mBéal Feirste. Is mac den oigifeach IRA é Naoise agus de bharr sin, is duine tírghrách é, atá ceangailte leis an Ghaeilge amach is amach.
Chomh maith leis sin tá Liam Óg ag deileáil leis a shaol rómánsúil mar bíonn caidreamh aige le cailín Protastúnach. Oíche ámhain nuair a tarraing siad an dlí ort féin, buaileann siad le JJ, múinteoir Gaeilge, agus socraíonn sé cabhrú leo le bhur ceol. Caitheann sé balacláva le bhrat na hÉireann air chun a aitheantas a choimeád faoi cheilt.
Tá féiniúlacht Kneecap nasctha go hiomlán leis an Ghaeilge mar is tríréad dhátheangach iad ag deileáil leis an foiréigean, drugaí agus bíonn bhur rap in aghaidh an coilíneachas agus leatrom. D’éirigh an grúpa i mbéal an phobail nuair a scaoil siad a chéad amhrán ‘Cearta’, amhrán ag tabhairt dúshlán na steiréitíopaí a bhíonn ag daoine faoi lucht labhartha na Gaeilge.
Bhí scannán Kneecap a rinneadh le Northern Ireland Screen, an Irish Language Broadcast Fund, Fís Éireann, an BFI , Coimisiún na Meán and TG4, agus le tacaíocht ag Great Point Media. Fuair Sony Pictures Classic cearta an scannán i Mheirceá Thuiadh, Meiriceá Theas, Oirthear na hEorpa, an Tuairc agus an Meánoirthear. Scaoilfear Kneecap sna pictiurlann níos deanaí i mbliana.
Is Fo-Eagarthóir Cainte í Sadhbh Clancy le Student Independent News sa bhliain 2023/24. Is mac léinn dara bhliana sna dána í Sadhbh ag staidéir Gaeilge agus Béarla. Seo an chéad bhliain di ag scríobh le SIN.
Sadhbh Clancy is the Cainte Editor for Student Independent News for the 2023/24 year. Sadhbh is a Second Year Arts student, studying Irish and English. This is her first year writing with SIN.
