
Panto as Gaeilge
Tá geamaireacht Gaeilge ar súil idir an 7ú agus an 23ú Nollaig san Taibhdhearc, amharclann atá suite i gcroílár Gaillimhe. Tá sé bunaithe ar scéal béaloideas faoi Fionn Mac Cumhaill agus é ag buaileadh le Benandonnar, Fathach ollmhór na hAlban. Is rud iontach é an geamaireacht sin do phaistí atá ag labhairt Gaeilge sa saol coitianta.
Tá ticéidí ar díol ar https://www.tickettailor.com/events/antaibhdhearc/1006290
Margadh na Nollaig
Tá Margadh na Nollaig ar ais arís i nGaillimh! Beidh na stainníní oscailte go dtí an 7ú Eanáir. Is ócáid iontach é ag léiríodh bia agus brandaí Éireannaigh. Tá siamsa ar fail do gach duine; cosúil leis an Roth Ferris, an roithleagán ró agus pluais Dhaidí na Nollag. Fáil scailtín fíona agus bain sult as.
Tabhair Cuairt ar na Tithe Tábhairne
Tá Nollaig an t-am is fear chun cuairt a thabhairt ar na tithe tábhairne i nGaillimh. Bíonn soilse Nollag le feiceáil agus bheadh tú in ann pionta a ól in aice le bladhmsach thine. Tá go leor ceoil beo le cloisteáil, ceoil na Nollaig san aíreamh.
Am don Charthanacht
Tá go leor himeachtaí carthanacht ar súil i nGaillimh ag am Nollaig, go háirithe chun snámh a dheanamh san fharraige. Is é Coldvember mar imeacht láidre i measc mic léinn agus iad ag tiomsú airgid do Galway Rape Crisis Centre. Beidh snámh na Nollaig ar súil idir an 20 – 26 de mhí na Nollaig ar son Cope Galway.
Crannchur na Nollaig
Beidh ticéidí don Crannchur na Nollaig ag Comhaltas na Mic Léinn, Ollscoil na Gaillimhe ar fail go dtí an 7ú de mhí na Nollaig. Ina measc na duaiseanna, beidh táibléad, ticéid féile Wild Roots, ceachtanna tiomána agus go leor leor eile. Tá ticéid amháin €5 agus tá trí chinn le fail do €10.
Foclóir
Geamaireacht – Pantomime
Roth Ferris – Ferris Wheel
Roithleagán Ró – Merry-go-round/Carousel
Pluais Dhaidí na Nollag – Santa’s Grotto
Snámh na Nollaig – Christmas Swim
Is Fo-Eagarthóir Cainte í Sadhbh Clancy le Student Independent News sa bhliain 2023/24. Is mac léinn dara bhliana sna dána í Sadhbh ag staidéir Gaeilge agus Béarla. Seo an chéad bhliain di ag scríobh le SIN.
Sadhbh Clancy is the Cainte Editor for Student Independent News for the 2023/24 year. Sadhbh is a Second Year Arts student, studying Irish and English. This is her first year writing with SIN.
