
Ar an 20 Deireadh Fómhair 2023, d’fhogair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan T.D méadú 20%, is ionann go €900,000, do bhuiséid pleananna teanga san áireamh i mBuiséad 2024.
Bíonn sé sin ag baint le feidhmiú pleananna teanga sna Limistéir Phleanála Teanga (LPT) Gaeltachta agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta (BSG).
D’eirigh na LPT agus BSG le hAcht na Gaeltachta 2012, nuair a aithníodh 26 LPT agus na BSG. Is aidhm don Acht na Gaeltachta ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga teaghlaigh agus mar theanga pobail. Bíonn ar ardú seo an-tabhachtach do Cheantair na Gaillimhe agus í le 10 LPT ar fud an chontae.
Le Buiséad 2024, agus an ardú do bhuiséid pleananna teanga, beidh na 26 LPT, a hocht BSG agus a trí Líonra Gaeilge atá ceadaithe go foil ag baint tairbhe as an ardú. Chomh maith leis sin, beidh postanna nua mar Oifigeach Pleanála Teanga ar fáil sna Limistéir ina bhfuil Oifigigh Cúnta Pleanála Teanga ann faoi láthair.
Beidh tacaíocht bhreise ar fáil i Mhaigh Eo Thuaidh chun an LPT sin a chur ar chomhchéim le Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; chomh maith le Cois Fharraige, Conamara Láir agus Ciarraí Thiar.
I preaseisiúint, dúirt an tAire Stáit O’Donovan:
“Is aitheantas é an t-ardú 20% atá ceadaithe agam do bhuiséid na bpleananna teanga ar an obair thábhachtach atá ar bun faoin bpróiseas pleanála teanga agus cuirfidh sé le cumas na gcoistí dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar na costais mhaireachtála le cúpla bliain anuas. Ciallaíonn sé seo go mbeidh méadú bliantúil d’ós cionn €1m á infheistiú ag mo Roinn sa bpróiseas pleanála teanga nuair a bheidh na pleananna uile á bhfeidhmiú.”
Ina theannta sin, tabharfar tacaíocht níos láidre do mheáin Gaeilge; go háirithe TG4 agus Cúla4 (staisiún nua do phaistí ag TG4).
I ráiteas mar fhreagairt ar an bhuiséad, d’fháiltigh an AMLÉ an méadú sin ach chuir an t-aontas in iúl níor thug an Rialtas aon cheann de na moltaí a chuir siad i bhur aighneacht Réamhbhuiséid.
Dúirt Leas-Uachtarán don Ghaeilge le AMLÉ Bláithín Nic a t-Sithigh:
“Tá géarchéim sa Ghaeilge ó thaobh chaomhnú na Gaeltachta agus an teanga féin agus is cosúil nach n-admhaíonn an Rialtas é sin. Má táimid chun a chreidiúint go bhfuil mianta ag an Rialtas seo maidir le todhchaí na teanga, caithfimid beart tapaidh a fheiscint.”