
Scaití feicimid scannán níos lú ná dhá uair a cloig ar fad na laethanta seo. Is annamh an rud é nuair a pléitear le cúrsaí spóirt, teaghlaigh, uaignis, tinnis agus fadhb an óil in uair go leith. Ach éiríonn le Declan Recks sin a dhéanamh le Tarrac.
Ar an lámh amháin, ní rud iontach nua í Tarrac, tá críoch an scéil ar eolas agat ón dtús. Ach ní hea an príomh scéal a mheallann isteach mé. Séard a tharraingt isteach mé ná na caidrimh agus pearsantacht ár bpríomh charachtair.
(Agus, ar ndóigh, bhreathnóinn ar scannáin Gaeilge cibé scéal é.)
Is scannáin iontach Éireannach é seo maidir le cúrsaí teaghlaigh, ní phléitear na fadbhanna idir Aoife agus a hathair ach amháin nuair atá leith bhuidéil poitín inti. Bhí ionadh orm go lean fadhb an óil tríd an scannáin, agus cheap mé gur d’éirí leo
An cén rud nár thaitin liom ar cuir a bith ná an charachtair de Noellie. Is fear ramhar é, agus bíonn sé ciotach nuair a labhraíonn sé le na mná sa scannán. Mhothaigh mé míchompordach mar dhuine ramhar i measc na lucht féachana tanaí ag gáire cosúil gurb é an rud is greannmhar riamh. Dá bheadh sé tanaí ní bheidh magadh ann.
Ceann de na rudaí is aoibhinn liom faoi Tarrac ná an Ghaeilge a raibh á n-úsáid inti. Uaireanta le meán Gaeilge, is cosúil nach raibh tionchar an Bhéarla ríomh le fheiscint in Éirinn. B’fhéidir is in domhain eile a bhfuil na scéalta sin suite, ach i dTarrac labhraíonn Aoife agus a cairde mar mhuintir na Gaeltachta. Séard le rá le sin ná go mbíonn Béarla caite isteach agus iad ag eascainigh comh maith. Tá beocht ann leis an script, agus tagann sí tríd go maith le haisteoireacht Kelly Gough. Bhí sé deas canúint Mumhain a chloisteáil comh maith le sin.
Is scannán deas é, ach ní scannán den scoth é. Bhain mé sult as, ach nílim chun féachaint arís ar.