• Skip to content
  • Skip to primary sidebar
  • News
  • Features
  • Opinion
  • Arts & Fashion
  • Photography
  • Health & Lifestyle
  • Cainte
  • Sports
  • Archives
    • Volume 24: 2022-23
    • Volume 23: 2021-22
    • Volume 22: 2020-21
    • Volume 21: 2019-20
    • Volume 20: 2018-19
    • Volume 19: 2017-18
    • Volume 18: 2016-17
    • Volume 17: 2015-16
    • Volume 16: 2014-15
    • Volume 15: 2013-14
    • Volume 14: 2012-13
    • Volume 13: 2011-12
  • About
    • Get Involved
    • Contact Us
    • Disclaimer
    • Privacy Policy

Student Independent News

NUI Galway Student Newspaper

Buncar Tubaiste 

September 21, 2022 By Laoighseach Ní Choistealbha

Foilsíodh an alt seo i dtosach sa Strabane Chronicle

I dtosach báire caithfidh mé rud a shoiléiriú – agus mé ag labhairt arís faoi bheith i mo shuí in aerfort – ná ceap gur cineál jetsetter amach is amach mé. Níl ach go bhfuil mé ag freastal ar chomhdháil (eile) a bhaineann le cúrsaí taighde – comhdháil a bhaineann le litríocht éiceolaíoch, a bheas ar siúl i gCaisleán Nua i dtuaisceart Shasana. Níl culaith snámha sa bhagáiste, geallaim duit! 

Agus tá a fhios agam – nach bhfuil sé íorónta bheith ag freastal ar chomhdháil faoi litríocht éiceolaíoch agus ag dul anonn ar eitleán? Cibé rud ‘éiceolaíoch’ a bheas le rá agam ag an chomhdháil seo, nach mbeadh sé curtha ar ceal ag carbón scaoilte na heitilte? Bhail, is dócha go mbeadh.  
 
Táim ag fanacht anseo ar gheata 103 in Aerfort Bhaile Átha Cliath, ag breathnú thart orm ar na daoine a bheas ag taistil liom. Tá fear gnó le mo thaobh a bhfuil mála cáipéise aige. Tá athair taobh liom ag gearán lena iníon faoi chadhnra folamh a ghutháin. Tá lanúin os mo chomhair a bhfuil ticéid chlóite acu. Cén fáth go bhfuil muid ar fad ag taistil? An bhfuil cúis ‘mhaith’ againn chun an carbón seo a scaoileadh?  

Ó, cúis oibre atá agam. Níl an locht ormsa as an charbón a scaoilfear. Bhail, bhí tú in ann an bád a thógáil. Nó fan sa bhaile agus lig do dhaoine eile labhairt faoi fhilíocht éiceolaíoch. Agus bhí séisiún ar líne eagraithe ag an chumann taighde dóibh siúd nach raibh in ann teacht go dtí an rud san fhíorshaol. Níl leithscéal agat!  

Is minic a deirtear nach bhfuil an locht ar an duine aonair as an ghéarchéim aeráide agus gur cheart do na comhlachtaí móra idirnáisiúnta an fhadhb a leigheas óir is iadsan is mó a thruaillíonn an timpeallacht. Ar an iomlán, aontaím leis an ráiteas sin. Ach ní féidir éalú ón fhírinne fúinn féin ach an oiread: tá éileamh ann d’earraí agus do sheirbhísí na gcomhlachtaí seo.  

Más féidir leat dul ar eitleán agus do rogha áite a bhaint amach, tá tú ar dhuine de na daoine is rachmasaí ar chlár na cruinne seo. Agus mura smaoiníonn muid faoin damáiste a dhéanann muid, mar indibhidí, go laethúil, beidh sé an-deacair glacadh le haon athrú a thagann ó reachtaíocht rialtais. Agus cinnte – beidh athruithe le teacht. 

Bhail, nuair a bhíonn tú ag fanacht thart in aerfort is aisteach na comhraí a bhíonn agat leat féin, is dócha. Agus an siar is aniar ar siúl i m’intinn, éiríonn an ghrian, ag teacht trí phána fuinneoige agus ag dul díreach isteach i mo shúil. Cuirim orm na speaclaí gréine. Cibé rud a dúirt mé ag tús an ailt seo, tá cuma an jetsetter anois orm. Is dócha ag deireadh an lae, in ainneoin mo leithscéalta féin, gur jetsetter mé i gcomhthéacs na géarchéime seo. Buailfidh mé leat sa Phlatinum Lounge. Déanfaidh sé buncar breá dúinn tar éis na tubaiste.  

Laoighseach Ní Choistealbha
+ posts
  • Laoighseach Ní Choistealbha
    https://sin.ie/author/laoighseach-ni-choistealbha/
    Dhá Aerfort, Dhá Chuimhne

Related

Filed Under: Cainte, Editor's Recommendation

Reader Interactions

Primary Sidebar

Read our latest issue:

  • Facebook
  • Instagram
  • Twitter

Copyright © 2023 SIN Student Newspaper. All rights reserved.