Foilsíodh an alt seo i dtosach sa Strabane Chronicle

Ag súil thart duit sa Choláiste Éireannach i Lobháin (príomhchathair an Fhlóndrais – ceantar Pléimeannach na Beilge), seans go dtiocfaidh tú ar an tséipéal díchoisricthe. Siúlfaidh tú síos an halla bán, thar na fógraí stairiúla faoi na Gaeil a mhair, a scríobh, a ghuigh, agus a fuair bás sa Choláiste seo. Osclóidh tú an doras bán romhat a bhfuil murlán nua aige, agus siúlfaidh tú isteach sa tséipéal.
Deirim ‘séipéal’, ach le fírinne is cinéal amharclainne nó ardáin atá ann anois. Ní fheictear na comharthaí creidimh a bhaineann le séipéal go hiondúil – an t-altóir, an taibearnacal, an chros chéasta agus araile. Ní fheidhmíonn an áit seo mar ionad adhartha a thuilleadh. Rinneadh díchoisreacan ar an áit, dar leis an fhear atá i gceannas ar obair laethúil na háite. Chun áit naofa a dhíchoisreacan, caithfear na taisí naofa a bhaint amach, agus cloch an altóra (mensa sa Laidin) a thógáil amach as an áit adhartha. Leis sin, tá an áit tuata arís.
Mar sin, tá mé i mo shuí i séipéal nach séipéal é a thuilleadh. Breathnaím thart orm. Cé go bhfuil na taisí imithe, tá na fuinneoga dhaite a insíonn scéal Íosa fós le feiceáil san áit: an Céasadh, an Aiséirí, an Súipéar Déanach, agus araile. Doirteann an solas lae tríothú, agus mothaím go bhfuil mé faoi dhromchla na mara, go bhfuil an t-aer ciúin seo chomh tiubh le huisce.
Cé gur áit dhíchoisricthe í, tá mothú eicínt san aer fós a chruthaíonn atmaisféar tochtmhar. Áit ‘idir-eatarthu’ atá thart orm. Áit naofa nach bhfuil naofa a thuilleadh. Ar bhealach, oireann an áit seo dom mar áit adhartha. Séipéal díchoisricthe don Chríostaí nach gcreideann a thuilleadh. Cromaim mo cheann, ag smaoineadh siar ar na paidreacha a bhaineann macalla as ballaí m’intinne fós. Tá dúil agam sna háiteanna seo – na séipéil, na heaglaisí, agus na háiteanna naofa atá chomh flúirseach sin sa cheantar seo i lár an Fhlóndrais. B’fhéidir go ligim orm féin gur ag spaisteoireacht atá mé agus mé ag bualadh isteach chucu, go bhfuil suim agam sna sonraí stairiúla a bhaineann le tógáil na háite agus rudaí mar sin.
Ach faoi mar a scríobhaim seo (in aerphort gnóthach na Brúiséile – áit ‘idir-eatarthu’ eile), smaoiním faoin tábhacht a bhaineann leis na háiteanna seo nach n-éilíonn tada uait sa bhomaite ach ciúnas agus machnamh. Tá áiteanna mar sin fánach sa lá atá inniu ann. Ní minic a théann tú isteach in áit ‘phoiblí’ gan ticéad ná earrach a cheannach chun ‘cead isteach’ de shórt éigin a bheith agat. D’fhéadfaí leabharlanna a chur san áireamh freisin, is dóigh liom. Ach tá rud éigin faoi na háiteanna naofa seo, atá chomh fréamhaithe le m’óige, a éilíonn fós m’aird agus mo mhachnamh. Agus tá rud éigin speisialta faoin áit idir-eatarthu sa Choláiste Éireannach i Lobháin. Áit Éireannach nach Éire í do na Gaeil a chaith na blianta anseo ag obair agus ag scríobh, i bhfad ón bhaile.
Baineadh an chloch altóra amach as an áit seo blianta ó shin, faoi mar a baineadh cloch altóra mo chreidimh féin amach asam. San áit idir-eatarthu seo, i séipéal nach séipéal é, in áit Éireannach nach Éire í, mothaím ar mo shuaimhneas – an Críostaí nach Críostaí í a thuilleadh.